D’fhógair An tOireachtas inniu (Dé Céadaoin, 29 Deireadh Fómhair 2025) Buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025 ag Searmanas Bronnta i Halla na Cathrach, Béal Feirste. Cuireadh na múrtha fáilte roimh Uachtarán Tofa na hÉireann, Catherine Connolly, agus a céile Brian McEnery, aíonna speisialta na hoíche. Is é Aire Forbartha, Tuaithe, agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. a bhronn Gradaim Chumarsáide 2025.
Is Ciste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) Scáileán Thuaisceart Éireann a bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2025, atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód i mbliana. Is í Katelyn Hayes (Nuacht Cúla4) a fógraíodh mar Réalta Óg na Bliana, an t-aon ghradam amháin a bhronntar ar bhonn vóta poiblí.
Bronnadh Gradam Speisialta ar Raidió Fáilte chun aitheantas a thabhairt don saothar ollmhór a bhí churtha i gcrích acu le 40 bliain ag freastal ar phobal Gaeilge Bhéal Feirste.
“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí ar fad a bhain gradam amach anocht”, a dúirt Uachtarán an Oireachtais, Eamon Ó Cuív. “Tá éacht á dhéanamh ag earnáil na meán cumarsáide Gaeilge sa bhfreastal a dhéanann siad orainn le léiriúcháin bhreátha, scoth na gclár siamsaíochta chomh maith le seirbhís nuachta agus cúrsaí reathaí ar ardchaighdeán. Tréaslaím le gach duine a fuair Gradam Cumarsáide anocht agus guím gach rath ar na craoltóirí, na stáisiúin, na hiriseoirí, na colúnaithe agus na daoine cruthaitheacha eile atá ag obair san earnáil i gcaitheamh na bliana amach romhainn”.
Bhí Teaghlach Mhic Gabhann as Béal Feirste, Máirtín, Seph agus Dáithí, ar bronnadh Gradam Feachtas Meán Shóisialta na Bliana don fheachtas ‘Is deontóir mé’ orthu in 2020, tráth na paindéime, i measc na n-aíonna speisialta eile a bhí i láthair agus thugadar uasdátú ar an bhfeachtas mar atá inniu chomh maith le sláinte Dháithí Mac Gabhann.
Sheol an tAire Forbartha, Tuaithe, agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. Oireachtas na Samhna 2025 níos luaithe sa lá agus Bronnadh Duaiseanna Liteartha an Oireachtais 2025 freisin. Tá réimse leathan imeachtaí ar chlár na bliana seo idir seoltaí leabhar; díospóireachtaí; clubanna na féile agus ar ndóigh, i gcroílár na féile, Na Comórtais Taibhealaíon 2025. Tá gach eolas maidir le himeachtaí uile na féile ar fáil ar láithreán gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie.
Tá an liosta iomlán buaiteoirí ar fáil thíos.
TUILLEADH EOLAIS: Caitríona Ní Chonaill | caitriona@antoireachtas.ie | +353 (0)87 946 3405
BUAITEOIRÍ GHRADAIM CHUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS 2025
GRADAM SPEISIALTA
Raidió Fáilte
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA
Scoil Choille, Corcra Media
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
Ruaille Buaille, Highland Raidió
IRISEOIR NA BLIANA
Cuan Ó Seireadán, RTÉ
CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
Níl aon Tinteán, Clean Slate Productions
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Dónall Mac Ruairí, RTÉ Raidió na Gaeltachta
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Crá, Fibín
COLÚNAÍ NA BLIANA
Bridget Breathnach, Tuairisc.ie
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Tús Áite, RTÉ Raidió na Gaeltachta
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Síomha Ní Ruairc
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
An Áit a nÓlann an tUan an Bainne, Raidió Pobail Chonamara
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Liam Mac Amhlaigh, Raidió na Life
SCANNÁN NA BLIANA
Aontas, Púca Pictures
RÉALTA ÓG NA BLIANA
Katelyn Hayes
BUAICGHRADAM CUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS 2025
An Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann





.png)

.png)


.gif)

 (1).png)





