D’fhógair An tOireachtas inniu (Déardaoin, 18 Meán Fómhair 2025) an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025. Tá trí chatagóir déag (13) ar chlár na ngradam i mbliana. Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Cuirfear tús leis an vótáil poiblí Dé Máirt, 23 Meán Fómhair 2025. Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar 22 Deireadh Fómhair 2025.
“Is pribhléid ar leith é spotsolas bliantúil a lonrú ar na héachtaí atá á mbaint amach ag na daoine cruthaitheacha, ceannródaíocha, paiseanta atá ag saothrú in earnáil na cumarsáide Gaeilge”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Tréaslaím leis na réaltaí ar fad atá ainmnithe inniu ar Ghearrliosta na nGradam Cumarsáide 2025. Tá sárshaothar Gaeilge craolta le bliain anuas agus beidh aitheantas á thabhairt dó sin ag an ócáid bhronnta galánta i Halla na Cathrach i mBéal Feirste.”
Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar sháriarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifís a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas.
Is í Lynette Fay a bheidh i mbun searmanais speisialta bronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025 le linn Oireachtas na Samhna, ar Chéadaoin na féile, 29 Deireadh Fómhair 2025.
Tá gach eolas maidir le himeachtaí uile an Oireachtais le fáil ar an láithreán gréasáin ag www.antoireachtas.ie.
Tá an gearrliosta iomlán ar fáil thíos.
TUILLEADH EOLAIS: Caitríona Ní Chonaill | caitriona@antoireachtas.ie | +353 (0)87 946 3405
AN GEARRLIOSTA 2025
SCANNÁN / CLÁR / SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA
Nuacht Cúla4 MEANGADH FIBÍN
Scoil Choille CORCRA MEDIA
Anfa MEANGADH FIBÍN
Lí Ban PAPER OWL FILMS
Mo Pheata MEANGADH FÍBÍN
COLÚNAÍ NA BLIANA
Aodhán Ó Baoill SEACHTAIN
Bridget Breathnach TUAIRISC.IE
Robert McMillen SEACHTAIN & THE IRISH NEWS
Áine Ní Bhreisleáin SEACHTAIN
Tomaí Ó Conghaile NÓS
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Fios Feasa RAIDIÓ NA LIFE
Tús Áite RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
Moch ar Maidin RÁIDIÓ FÁILTE
Ceol sa Chroí BBC GAEILGE AR BBC RAIDIÓ ULADH
An Taobh Tuathail RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
CLÁR TEILIFÍSE / SCANNÁN NA BLIANA
Carna an Cheoil agus na nAmhrán ANIAR TV
Níl aon Tinteán CLEAN SLATE PRODUCTIONS
Báite DANÚ MEDIA
Réiteoir! MACHA MEDIA
Na Lumaire Gaelacha CORMORANT FILMS
Aontas PÚCA PICTURES
IRISEOIR NA BLIANA
Caoimhe Ní Laighin NUACHT TG4 / RTÉ
Cuán Ó Seireadáin RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
Jack Mac Íomhair AN PÁIPÉAR
Marian O'Flaherty TG4 / RTÉ
Kevin Magee INIÚCHADH TG4
Conchubhar Ó Liathan - THE ECHO / SCÉAL THE IRISH TIMES / THE IRISH EXAMINER
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Máire Treasa Ní Dhubhghaill PÉ SCÉAL É
Colm Feirtéar RUAILLE BUAILLE
Róisín Ní Mhaoláin AN MEANGADH BEAG
Caoimhe 'Ceol' Ní Chathail BLAS
Dónall Mac Ruairí CÓISIR CEOIL
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Proinsias Ó Coinn
Áine Ní Bhreisleáin
Louise Cantillon
John Sharpson
Síomha Ní Ruairc
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
Craic as Gaeilge FLIRT FM 101.3
Ceol agus Craic -103.2 DUBLIN CITY FM
"An Áit a nÓlann an tUan an Bainne" - Ceiliúradh Deich mBliana Fichead RAIDIÓ POBAIL CHONAMARA
Deich FLIRT FM 101.3
Aon Scéal 92.5 PHOENIXFM
Cumasc Ceilteach FINN VALLEY FM
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
Ruaille Buaille HIGHLAND RADIO
Splanc NEWSTALK
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Is Mise le Mess RONIN FILMS
Saol na Feirme STRIDENT MEDIA
Sonas ANIAR TV
Crá FIBÍN MEDIA / ZOOGON LTD
Giorraíonn Beirt Bóthar MACHA MEDIA
Scéalta ár Stampaí MIDAS PRODUCTIONS
Na Féilte Tine ROSG
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Caoimhe Ní Chonncoille RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
Seán Ó Dubhchon RAIDIÓ RÍ-RÁ / RÁIDIÓ NA LIFE
Sláine Ní Chathalláin RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
Liam Mac Amhlaigh RAIDIÓ NA LIFE
Dónall Mac Ruairí RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
Áine Ní Bhreisleáin BBC GAEILGE AR BBC RAIDIÓ ULADH & TG4
RÉALTA ÓG NA BLIANA
Katelyn Hayes NUACHT CÚLA4
Róise Ní Mhurchú BBC RAIDIÓ ULADH
Joe Mac Aoidh NUACHT TG4 / NUACHT CÚLA 4 / 7 LÁ
Máire Ní Churraoin TG4 / ARDÁIN ILMHEÁN
Rhiann Flemming NUACHT TG4 / NUACHT CÚLA 4

.png)





 (1).png)








.gif)

.png)