Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025
CEARTÚCHÁN
Tá sé curtha in iúl ag an Oireachtas go bhfuil ceartúchán déanta ar an ngearrliosta a heisíodh ar 18 Meán Fómhair 2025, gur fágadh ar lár an tsraith teilifíse, Na Féilte Tine, clár de cuid ROSG, a taispeánadh ar RTÉ sa tréimhse idir 28 Deireadh Fómhair 2024 agus 4 Lúnasa 2025, agus atá ar fáil anois ar RTÉ Player.
“Is trua linn gur tharla seo”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, “agus gabhaim mo leithscéal le ROSG. Deimhním go mbeidh an tsraith seo ag dul tríd an bpróiseas moltóireachta amhail gach sraith eile atá ainmnithe ar an ngearrliosta.”
Is é seo a leanas an gearrliosta iomlán don chatagóir Sraith Teilifíse na Bliana:
- Is Mise le Mess RONIN FILMS
- Saol na Feirme STRIDENT MEDIA
- Sonas ANIAR TV
- Crá FIBÍN MEDIA / ZOOGON LTD
- Giorraíonn Beirt Bóthar MACHA MEDIA
- Scéalta ár Stampaí MIDAS PRODUCTIONS
- Na Féilte Tine ROSG
Beidh Ócáid Bhronnta na nGradam Cumarsáide ar siúl le linn Oireachtas na Samhna, Dé Céadaoin, 29 Deireadh Fómhair 2025 i Halla na Cathrach, Béal Feirste.

.png)


 (1).png)

.gif)

.png)









