D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, inniu (Dé Céadaoin, 20 Lúnasa 2025) na leabhair atá ainmnithe ar na gearrliostaí do Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta), Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).
Tá naoi leabhar déag (19) ainmnithe ar ghearrliostaí na bliana seo – sé (6) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, sé (6) leabhar ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe agus seacht (7) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló.
Bhain 10 Teach Foilsitheoireachta éagsúil gearrliostaí na bliana amach. Is iad na tithe foilsitheoireachta atá i gceist ná: An tSnáthaid Mhór; Barzaz; Cló Iar-Chonnacht; Cork University Press; Dalen Éireann; Éabhlóid; Futa Fata; Leabhar Breac; LeabhairCOMHAR agus Picnic Press.
“Tréaslaím leis na tithe foilsitheoireachta, na scríbhneoirí, na maisitheoirí agus na haistritheoirí atá ainmnithe ar ghearrliostaí na bliana seo”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Is léiriú é an t-aitheantas seo ar an ról ríthábhachtach atá ag foilsitheoirí i gcothú agus i bhforbairt earnáil na scríbhneoireachta Gaeilge. Cinntíonn a dtiomantas go mbeidh rochtain ag léitheoirí de gach aois agus cúlra ar leabhair ar ardchaighdeán a shaibhríonn pobal léitheoireachta na Gaeilge. Trí scéalta cumhachtacha, maisiú aoibhinn agus aistriúcháin bhreátha, tá siad ag cinntiú go mbeidh ár dteanga beo do na glúnta atá le teacht, agus táimid thar a bheith bródúil a gcuid éachtaí a cheiliúradh inniu.”
Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas speisialta Dé Máirt, 30 Meán Fómhair 2025 in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, i nGaillimh. Gabhann duaischiste de €17,000 leis na trí ghradam. Tá liosta iomlán na leabhair ar fáil thíos agus tá eolas cuimsitheach maidir leis na leabhair ar fáil anseo.
Tuilleadh eolais:
Caitríona Ní Chonaill, An tOireachtas
T: +353 (0)87 9463405
R: caitriona@antoireachtas.ie
GEARRLIOSTA GHRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN
FICHE le Colm Ó Ceallacháin, foilsithe ag Leabhar Breac
TEACHT ANIAR le Dairena Ní Chinnéide, foilsithe ag Éabhlóid
GLÓR ÓN SCEILG curtha in eagar ag Máirín Nic Eoin & Mary Shine Thompson, foilsithe ag Cork University Press
AN GHLUAISEACHT: SCÉAL CHEARTA SIBHIALTA NA GAELTACHTA le Rónán Mac Con Iomaire, foilsithe ag Cló-Iar Chonnacht
RINCE AEIR le Caitríona Ní Chléirchín, foilsithe ag Éabhlóid
BÓDLÉAR le Darach Ó Scolaí, foilsithe ag Leabhar Breac
GEARRLIOSTA GHRADAM RÉICS CARLÓ
NELL AGUS JOE I dTEACH MHAMÓ le Sadhbh Rosenstock agus maisithe ag Ciara Ní Dhuinn, foilsithe ag Picnic Press
ÓRÓ le hAlan Titley agus maisithe ag Dómhnal Ó Bric, foilsithe ag Leabhar Breac
CEOL NA MARA le Tadhg Mac Dhonnagáin agus maisithe ag Tarsila Krüse agus Úna Woods, foilsithe ag Futa Fata
DIALANN EMILY PORTER: CAILLTE AGUS AIMSITHE le Richie Conroy agus maisithe ag Don Conroy, foilsithe ag LeabhairCOMHAR
NANO AGUS NA MOTHÚCHÁIN le Caitríona Nic Sheáin agus maisithe ag Andrew Whitson, foilsithe ag An tSnáthaid Mhór
ÉANNA CORR le hAntain Mac Lochlainn agus maisithe ag Caomhán Ó Scolaí, foilsithe ag Leabhar Breac
BEARRADH GRUAIGE D’EOINÍN le Muireann Ní Chíobháin agus maisithe ag Róisín Hahessy, foilsithe ag Futa Fata
GEARRLIOSTA GHRADAM DE BHALDRAITHE
NA DRAOITHE 1: NA HÍOBAIRTÍ OGHAIM le Jean-Luc Istin, Thierry Jigourel & Jacques Lamontagne agus aistrithe ag Eoin P Ó Murchú, foilsithe ag Dalen Éireann
TÍR BHEAG le Gael Faye agus aistrithe ag Antain Mac Lochlainn, foilsithe ag Barzaz
SARAIFÍN 1: SARAIFÍN IS A MHÓRSHAOTHAR IONTACH le Philippe Fix agus aistrithe ag Seaghán Ó Modhráin, foilsithe ag Dalen Éireann
PÁIRC AN CHRÓCAIGH: DOMHNACH NA FOLA I MBAILE ÁTHA CLIATH le Sylvain Gâche & Richard Guérineau agus aistrithe ag Antain Mac Lochlainn, foilsithe ag Dalen Éireann
GLÓRTHA AN TRÁTHNÓNA le Natalia Ginzburg agus aistrithe ag Máire Ní Mhaoláin, foilsithe ag Éabhlóid
LÚCAS LÚFAR: AN GLASACH le Rene Goscinny & Morris (Maurice de Bevere) agus aistrithe ag Antain Mac Lochlainn, foilsithe ag Dalen Éireann















