D'fhógair An tOireachtas inniu (Dé Céadaoin, 3 Meán Fómhair 2025) go bhfuil siad ag tacú le 38 imeacht Gaeilge i 17 chontae éagsúil fud fad na tíre ar Oíche Chultúir 2025. Ag filleadh don fichiú bliain, tionólfar Oíche Chultúir Dé hAoine, 19 Meán Fómhair 2025.
Is í an aidhm atá ag An tOireachtas ná freastal ar ghréasáin úsáidte Gaeilge timpeall na tíre trí phacáiste tacaíochta a chur ar fáil do ghrúpaí atá lonnaithe taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta chun tacú le himeacht a reáchtáil trí Ghaeilge ar Oíche Chultúir.
Tá réimse leathan imeachtaí i gceist ar chlár na bliana seo ag áireamh imeachtaí dírithe ar na Taibhealaíona Teangabhunaithe; Damhsa; Ceol; Na hAmharcealaíona; Ceardaíocht; Litríocht; Dioscúrsa; Turas agus Oidhreacht & Scannán. Is féidir freastal ar Cheardlann Amhránaíochta ar an Sean Nós i gCorcaigh, a bheith páirteach i Malartú Teanga Dhúchasacha i mBaile Átha Cliath, seal a chaitheamh le Scéalaí i gCill Dara, freastal ar Oíche Oscailte in Áras na nGael sa Ghaillimh nó triail a bhaint as Aithriseoireacht, Caint & Ceol i Luimneach! Tá clár spleodrach ar fáil do phobal Ghaeilge na tíre i mbliana.
“Tá an-áthas orainn tacú leis an gclár ilghnéitheach imeachtaí cultúir agus ealaíon trí Ghaeilge ar Oíche Chultúir na bliana seo,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Is deis uathúil í Oíche Chultúir chun ár n-oidhreacht shaibhir a cheiliúradh, agus tá sé ríthábhachtach go mbeadh an Ghaeilge i gcroílár aeiliúrtha sin. Cinntíonn an tacaíocht a chuireann muid ar fáil go mbeidh imeachtaí den chéad scoth ar fáil do phobal Gaeilge na tíre seo agus go spreagfaidh siad cruthaitheacht agus ceangail níos láidre go háitiúil, go reigiúnach agus go náisiúnta. Guím gach rath ar lucht eagraithe lena gcuid imeachtaí i mbliana.”
Is féidir eolas a fháil ar na himeachtaí ar fad ANSEO!
Tuilleadh Eolais: Caitríona Ní Chonaill | caitriona@antoireachtas.ie | +353 (0) 87 946 3405

.png)

 (1).png)





.gif)

.png)




