Baineann An tOireachtas úsáid as fianáin ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa 'Pholasaí Príobháideachais' seo.

Privacy Preferences

When you visit any website, it may store or retrieve information through your browser, usually in the form of cookies. Since we respect your right to privacy, you can choose not to permit data collection from certain types of services. However, not allowing these services may impact your experience.

  • Privacy Policy
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Content Delivery Network

  • Youtube (Hosting Video Platform by Google Inc.)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Vimeo (Hosting Video Platform)

  • Google Ads (Advertisement Delivery Network)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Dailymotion (Hosted Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Facebook & Instagram (Social Media)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.

Uachtarán an Oireachtais 2025 insealbhaithe

2025 || Nuacht || An tOireachtas

Insealbhaíodh Uachtarán an Oireachtais 2025, Éamon Ó Cuív, ag searmanas speisialta i dTeach an Ardmhéara, Sráid Dhásain, BÁC 2, inniu (Dé Máirt, 28 Eanáir 2025). Téann ceangal Uí Chuív le hOireachtas na Gaeilge siar tríd na glúnta.  D’fhóin sé ar Choistí agus ar Fhochoistí de chuid Oireachtas na Gaeilge ag tús na 1970óidí, ag leanúint ar aghaidh le traidisiún a shinsir, muintir Uí Chuív agus de Valera, a raibh dlúthbhaint araon acu leis an Oireachtas ó thús an chéid seo caite, iad féin ag fónamh ar choistí éagsúla, ag glacadh páirt in imeachtaí an Oireachtais agus ag bailiú duaiseanna litríochta go tréan.

Is mar Theachta Dála agus mar abhcóide ar son chearta sibhialta, chearta teanga agus chearta daonna is mó aithne ar Ó Cuív. Baile Átha Cliathach ó dhúchas agus céimí de chuid Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, chuaigh sé leis an bpolaitíocht tar éis dó bogadh go Dúiche Sheoigheach i nGaeltacht Chonamara, an áit ar thóg sé féin agus a chéile, Áine Ní Choincheanainn, iníon agus triúr mac.

“Tá scéal pearsanta Éamon Uí Chuív fite fuaite le scéal an Oireachtais, scéal na Gaeilge agus, go deimhin, le stair na hÉireann”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais.  “Tá a rian fágtha aige ar an reachtaíocht agus ar na polasaithe Rialtais is suntasaí agus is tábhachtaí ó thaobh chosaint chearta phobail éagsúla faoi mhíbhuntáiste le linn a chuid blianta sa Dáil agus sa Seanad.  Gníomhaí paiseanta agus fíor-phointeáilte é ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta; ar son an chultúir agus na n-ealaíon; agus ar son chearta an duine i ngach uile réimse den saol.  Táimid ag tnúth le hoibriú leis i gcaitheamh na bliana agus guím gach uile rath ar a thréimhse Uachtaránachta ar an Oireachtas.”

Chaith Éamon Ó Cuív tréimhsí ina Aire in Ranna Stáit éagsúla, ina measc, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta agus an Roinn Coimirce Sóisialaí.  Bhí sé ina leascheannaire ar Fhianna Fáil sa tréimhse 2011-2012.  Aithnítear go speisialta a thiomantas d’fhorbairt phobal na tuaithe agus na n-oileán, do lucht na hiascaireachta agus feirmeoirí beaga agus do phobail i dTuaisceart Éireann ar an dá thaobh den deighilt pholaitiúil d’fhonn síocháin agus athmhuintearas a chothú.  Tar éis tríocha dó (32) bliain a chaitheamh mar Theachta Dála do Ghaillimh Thiar agus trí (3) bliana roimhe sin ina Sheanadóir, chinn Ó Cuív éirí as an bpolaitíocht nuair a tháinig deireadh leis an Rialtas deireanach in 2024.  Chuir sé tús lena théarma oifige tráthnóna nuair a bronnadh Slabhra an Uachtaráin air.

Is é ócáid an lae inniu an chéad ócáid oifigiúil i bhFéilire Imeachtaí an Oireachtais 2025. Coinnigh súil ar na hardáin ilmheán agus ar shuíomh gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie chun an t-eolas is déanaí a fháil maidir le gníomhaíochtaí uile na heagraíochta.

Tuilleadh Eolais: Caitríona Ní Chonaill, An tOireachtas | caitriona@antoireachtas.ie | + 353(0)87 946 3405

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR: Éamon Ó Cuív (Príomhphointí)
OIDEACHAS
BSc Matamaitic, Fisic & Ceimic Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

SAOL GAIRMIÚIL
1972-1973               Conradh na Gaeilge
1973                        Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
1974-1991               Bainisteoir; Comharchumann Dúiche Sheoigheach

SAOL POLAITIÚIL
1989-1992              Seanadóir
1992-2024              Teachta Dála (TD); Dáilcheantar na Gaillimhe Thiar
1997-2001              Aire Stáit do na hEalaíona, Oidhreacht, an Ghaeltacht agus na hOileáin
2001-2002              Aire Stáit do Thalmhaíocht, Bia agus Forbairt Tuaithe
2002-2010              Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
2010-2011              Aire Coimirce Sóisialaí
2011                       Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
2011                       Aire Cosanta
2011-2012              Leascheannaire Fhianna Fáil

An tOireachtas (Príomhphointí)

  1. Eagraíocht Cultúir, Ealaíon & Teanga is ea an tOireachtas a bunaíodh in 1897 chun litríocht agus taibhealaíona na Gaeilge a chur chun cinn.
  2. Deonaíonn Foras na Gaeilge bunmhaoiniú don eagraíocht chun feidhmiú mar cheanneagraíocht sa réimse, "Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus Bunú Gréasán".
  3. Deonaíonn an Roinn Turasóireacht, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoiniú chun dhá thionscadal eile a riaradh:
  • Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí; &
  • Plean Gníomhaíochta Náisiúnta chun Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge a Fhorbairt, a Threisiú & a Chur Chun Cinn
  1. Eagraíonn an tOireachtas príomhfhéile náisiúnta na nGael, Oireachtas na Samhna, go bliantúil a chuimsíonn comórtais do dhaoine óga agus do dhaoine fásta sna taibhealaíona Gaeilge mar aon le réimse leathan imeachtaí ceoil, amhránaíochta, caidrimh, siamsaíochta, spóirt agus dioscúrsa. Is í seo an fhéile ealaíne náisiúnta Gaeilge is sine agus is mó tinreamh sa tír.  Beidh féile na bliana seo ar siúl i mBéal Feirste, ó 29 Deireadh Fómhair – 2 Samhain 2025. 
  2. Déanann An tOireachtas féilire leathan imeachtaí eile a eagrú agus a chur chun cinn ag tráthanna eile den bhliain lena n-áirítear Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, chun aitheantas a thabhairt do scoth na saothar sna meáin Ghaeilge, Comórtais Liteartha an Oireachtas, chun nuascríbhneoireacht i nGaeilge a spreagadh agus a chothú; chomh maith le sraith imeachtaí spóirt, cultúir agus ealaíon ar fud na tíre. 
  3. Bíonn eolas cothrom le dáta i gcónaí ar antoireachtas.ie maidir le himeachtaí uile na heagraíochta.