D’fhógair An tOireachtas inniu (20 Deireadh Fómhair 2026) go mbeadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2026 á bhronnadh ar iriseoir agus craoltóir atá aitheanta ar dhuine de na tráchtairí polaitíochta is údarásaí sa tír le blianta fada, Cathal Mac Coille. Chaith Mac Coille tréimhsí le RTÉ, ar raidió agus teilifís, mar iriseoir, mar thuairisceoir agus mar láithreoir agus ba é an chéad chomhfhreagraí polaitíochta a bhí ag Teilifís na Gaeilge, (TG4 anois) nuair a bunaíodh an stáisiún in 1996. D’oibrigh sé mar thuairisceoir polaitiúil le RTÉ, i mBaile Átha Cliath agus i dTuaisceart Éireann, rinne sé tráchtaireacht ar mhór-eachtraí polaitiúla a thit amach i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i dtíortha eile ar fud na cruinne, agus scríobh sé ailt agus colúin don iliomad foilseachán. Tá colún seachtainiúil aige faoi láthair ar www.tuairisc.ie.
Bronntar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar dhuine, eagraíocht nó tionscadal atá ag saothrú go héachtach ar bhonn leanúnach in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge agus ag baint torthaí eiseamláireach amach ina réimse oibre.
Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais: “Cúis áthais don Oireachtas is ea Buaic-Ghradam Cumarsáide 2026 a bheith á bhronnadh ar Chathal Mac Coille. Saothar le háireamh a bhfuil bainte amach aige óna chéad choiscéim isteach i ngort na cumarsáide i lár na seachtóidí. Tá a ghrinn-chumas anailíse, a dhomhain-tuiscint ar chúrsaí polaitíochta agus a chur i láthair soiléir, deisbhéalach, ionraic, le sonrú i ngach gné dá shaothar, san iriseoireacht, sa tuairisceoireacht agus sa chraoltóireacht. Is gradam é seo atá rí-thuillte ag Cathal, agus tréaslaím leis a shaothar eisceachtúil san iriseoireacht agus sa chraoltóireacht thar na mblianta.”
Dúirt Cathal Mac Coille: “Gabhaim buíochas ó chroí leis an Oireachtas as an ngradam an-speisialta seo agus le heagarthóir agus léitheoirí Tuairisc.ie toisc gur dóigh leo gur fiú mo cholún a fhoilsiú agus a léamh.”
Bleá Cliach ó dhúchas é Mac Coille a fuair a chuid oideachais i gColáiste Mhuire, ceann de na meánscoileanna Gaeilge is sine agus iomráití i mBaile Átha Cliath agus, ina dhiaidh sin, i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath áit ar bhain sé céim BA amach. D’oibrigh Mac Coille don iliomad meán; cláir nuachta agus cúrsaí reatha i nGaeilge agus i mBéarla le RTÉ (raidió agus teilifís) ina measc; bíonn sé ag tráchtaireacht go rialta ar chláir RTÉ Raidió na Gaeltachta, scríobh sé ailt rialta, i nGaeilge agus i mBéarla, do nuachtáin agus d’fhoilseacháin éagsúla thar na mblianta, ina measc, The Sunday Tribune agus Foinse.
Bronnfar an gradam seo mar aon le trí ghradam déag (13) eile ag an Searmanas Bronnta a bheidh ar siúl Dé Céadaoin, 28 Deireadh Fómhair 2026 ag ceann de mhórócáidí Oireachtas na Samhna 2026 i gCill Airne, Co Chiarraí. Déanfar an ócáid a shruthú beo ar www.antoireachtas.ie; www.tg4.ie ag 20:00.
Tá an gearrliosta do na catagóirí ar fad chomh maith le gach eolas maidir le gníomhaíochtaí uile an Oireachtais le fáil ar láithreán gréasáin na heagraíochta, www.antoireachtas.ie
CATHAL MAC COILLE (Príomhphointí)
OIDEACHAS
MEÁNSCOIL: Coláiste Mhuire, Baile Átha Cliath
OLLSCOIL: Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath (BA)
SAOL GAIRMIÚIL
1972 Ball de choiste eagarthóireachta na hirise, Comhar
1973 Eagarthóir, Comhar
1974 Taighdeoir i Rannóg na gClár Raidió, RTÉ
1975 Foireann Nuachta Gaeilge RTÉ
1978 Foireann Nuachta Thuaisceart Éireann, RTÉ
1984 Láithreoir, This Week & News at One, RTÉ
1986 Láithreoir, Morning Ireland, RTÉ
1990 Iriseoir, Sunday Tribune
1996 Tuairisceoir Polaitiúil TG4
1996 Colúnaí, Foinse
2001-2017 RTÉ (Láithreoir, Morning Ireland)
2009 RTÉ (Láithreoir, One to One)
2014 i leith Colúnaí, Tuairisc.ie
GRADAIM EILE
1990 Jacob’s Award dá shaothar ar ‘Morning Ireland’ RTÉ Raidió 1
2002 Gradam Cumarsáide an Oireachtais don Iriseoireacht


.png)

 (1).png)


.gif)



.png)







