Tá An tOireachtas, i gcomhpháirt le hOíche Chultúir, anois ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí Gaeilge ar Oíche Chultúir 2026. Ag filleadh don t-aonú bliain is fiche, tionólfar Oíche Chultúir Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2026.
Fáiltíonn An tOireachtas roimh iarratais ar na téamaí seo a leanas ach níltear ag cur ealaíona eile as an áireamh ach oiread: Na Taibhealaíona Teangabhunaithe; Damhsa; Ceol; Na hAmharcealaíona; Ceardaíocht; Litríocht; Dioscúrsa; Turas; Oidhreacht & Scannán. Is é Dé Céadaoin, 10 Meitheamh 2026, an spriocdháta d’iarratais.
Is í an aidhm atá ag An tOireachtas ná freastal ar ghréasáin úsáidte Gaeilge timpeall na tíre trí phacáiste tacaíochta a chur ar fáil do ghrúpaí atá lonnaithe taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta chun iad a spreagadh le himeacht a reáchtáil trí Ghaeilge ar Oíche Chultúir. Cuimsíonn an pacáiste tacaíochta na nithe seo a leanas: deontas (uasmhéid €250, ach féadfar cás a dhéanamh d’ócáidí eisceachtúla); agus poiblíocht ar na meáin shóisialta, náisiúnta agus áitiúla.
“Is ceiliúradh cumhachtach é Oíche Chultúir ar an nGaeilge mar fhórsa beo, bríomhar, cruthaitheach, atá ag croílár na dtaibhealaíon teangabhunaithe agus ár saoil cultúrtha ar aon,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Táimid an-bhuíoch don Chomhairle Ealaíon agus d’Fhoras na Gaeilge a chuireann maoiniú ar fáil dúinn chun tacú le grúpaí agus le pobail ar fud an oileáin chun raon agus réimse eisceachtúil na n-ealaíontóirí, na gceoltóirí, na n-amhránaithe, na scéalaithe agus na taibhealaíontóirí uile atá ag obair trí mheán na Gaeilge a chur os comhair an phobail. Is léiriú í seo ar shaibhreas na teanga agus na dtraidisiún, agus ní amháin sin, ach ar an bhfuinneamh , an tsamhlaíocht agus an spiorad pobail a chothaíonn agus a fhorbraíonn na taibhealaíona agus cultúr na Gaeilge don chéad glúin eile.”
Cuir iarratas isteach anseo
Leagan Béarla den fhoirm iarratas ar fáil anseo
#OícheChultúir2026
#OícheDárSaol
Tuilleadh Eolais: Caitríona Ní Chonaill | caitriona@antoireachtas.ie | +353 (0) 87 9463405




.png)



.png)
.gif)

 (1).png)






