D’fhógair An tOireachtas inniu (Dé Luain, 5 Deireadh Fómhair 2026) an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026. Tá trí chatagóir déag (13) ar chlár na ngradam i mbliana. Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Cuirfear tús leis an vótáil poiblí Dé Luain, 5 Deireadh Fómhair 2026.
Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar sháriarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifís a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas.
“Is cúis mhór bróid agus áthais dúinn spotsolas a lonrú arís ar na ar na ceannródaithe cruthaitheacha agus na sár-chraoltóirí atá ag saothrú gan staonadh in earnáil na cumarsáide Gaeilge,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Léiríonn Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026 an t-ardchaighdeán, an díograis agus an fhís chruthaitheach atá ag tiomáint na meán Gaeilge chun cinn gach aon lá. Tréaslaím go huile is go hiomlán leo siúd uile atá ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo agus muid ag tnúth le teacht le chéile chun bhur n-éachtaí a cheiliúradh i gCill Airne, Co. Chiarraí i mbliana.”
Bronnfar Gradaim Chumarsáide 2026 uile ag an Searmanas Bronnta a bheidh ar siúl i i gCill Airne, Co. Chiarraí, Dé Céadaoin, 28 Deireadh Fómhair 2026, ceann de mhórócáidí Oireachtas na Samhna 2026. Déanfar an ócáid a shruthú beo ar www.antoireachtas.ie & www.tg4.ie ó 20:00 ar aghaidh.
Tá an gearrliosta iomlán ar fáil thíos.
TUILLEADH EOLAIS: Caitríona Ní Chonaill | caitriona@antoireachtas.ie | +353 (0)87 946 3405
AN GEARRLIOSTA 2026
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA
- Siar Linn MACALLA TEORANTA
- Nollaí TAUNT
- Fíricí Fíochmhara MACALLA TEORANTA
- Mo Shaol, Do Shaol 4 MACALLA TEORANTA
COLÚNAÍ NA BLIANA
- Conor Torbóid NÓS.IE
- Marian Ní Conghaile TUAIRISC.IE
- Aoife Granville AN PÁIPÉAR
- Emma Ferrari SCÉAL, IRISH TIMES
- Alex Hijmans TUAIRISC.IE
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
- Pé Scéal É RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
- Eadra RAIDIÓ NA LIFE
- Oileánach, RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
- Ceol Cois Cuain BBC GAEILGE/ BBC RAIDIÓ ULADH
- An Saol ó Dheas RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
IRISEOIR NA BLIANA
- Maitiú Ó Coimín TUAIRISC.IE
- Donncha Ó Murchú NUACHT RTÉ & TG4
- Sinéad Ní Neachtain NUACHT RTÉ & TG4
- Darren Ó Dubhgáin TG4 & TUAIRISC.IE
- Cóilín Duffy AN PÁIPÉAR
CLÁR TEILIFÍSE/SCANNÁN NA BLIANA
- Amhráin do mo Mháthair SOUTH WIND BLOWS
- Mamó agus Mise DESMOND BROS
- Tráthnóna le Éilís Ní Chinnéide ANIAR TV
- Rian na Fola LOOSEHORSE
- Rothaí an tSaoil ANIAR TV
- Néaltrú - An Scriosadh Mall BELOVED MEDIA
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
- Sláine Ní Chathalláin AN SAOL Ó DHEAS
- Cuán Ó Flatharta SPLANC
- Séimí Mac Aindreasa BEO AR MAIDIN/ GUTH AN PHOBAIL
- Rossa Ó Sioradáin FIOS FEASA
- Fearghal Mag Uiginn BLAS - ÓN TAOBHLÍNE
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
- Gráinne Holland SCOIL CHOILLE 2
- Doireann Ní Ghlacáin FLEADH 26
- Seosamh Mac Seoin LÁITHROIR LEANÚNACHAIS CÚLA4
- Gemma Ní Chionnaith RUGBAÍ BEO
- Séaghan Ó Súilleabháin TÉACS TAISTIL
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
- Grúpa Léitheoirí Filíochta Leabharlann Dhún Dealgan DUNDALK FM
- Ceol agus Craic 103.2 DUBLIN CITY FM
- Aon Scéal? 92.5 PHOENIXFM
- TradSoc Takeover FLIRT FM 101.3
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
- Ruaille Buaille HIGHLAND RADIO
- Gaeilge sa Ghalltacht a Dó: An Chéad Chlár- Siobhán Uí Mhathúna WLR FM
- Blas na nGael HIGHLAND RADIO
- Caint Chiarraí RADIO KERRY
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
- Síle Seoige: An Saol Mar Atá TYRONE PRODUCTIONS
- Pobal Mhúscraí ANIAR TV
- Breith, Beatha, Bás BELOW THE RADAR TV
- Ceartas Crua MIDAS PRODUCTION
- Taobh Thiar den Roth LIGID LÉIRIÚCHÁIN
- Glúin Z ANIAR TV
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
- Micheál Ó Tuathail RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
- Máirín Ní Ghadhra RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA & TG4
- Brian Danny Minnie Ó Domhnaill RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
- Tristan Rosenstock RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
CRUTHAITHEOIR NA BLIANA
-
Ciara Ní É
- Leon Brown
- Laura J Pakenham
- Cúán de Búrca
- Eoin P Ó Murchú
- Molly Nic Céile
RÉALTA ÓG NA BLIANA
- MaryClaire Nic Uilliam RAIDIÓ FÁILTE
- Conor Ó Domhnaill CÚLA4
- Laura Ní Aoidhne ROS NA RÚN, RAIDIÓ FÁILTE
- Cara Jane Nic Giolla Chomhaill RAIDIÓ NA LIFE
- James Mac Éinrí CÚLA4



 (1).png)


.png)







.png)
.gif)


