I LÁTHAIR SCÉIM CHÓNAITHEACH AN OIREACHTAIS - TAIBHEALAÍONTÓIRÍ ROGHNAITHE
D'fhógair An tOireachtas inniu an cúigear taibhealaíontóirí a roghnaíodh don Scéim Chónaitheach I Láthair, scéim nua atá faoi stiúir an Oireachtais dírithe ar thaibhealaíontóirí teangabhunaithe na Gaeilge atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht.
Tabharfaidh na taibhealaíontóirí faoi thréimhsí cónaitheachta idir ocht agus deich seachtaine in ionaid ealaíon agus chultúrtha ar fud na tíre idir seo agus deireadh mhí na Samhna 2027. Le linn na gcónaitheachtaí, beidh deis acu a gcleachtas ealaíne a fhorbairt, saothar nua a chruthú agus dul i gcomhpháirtíocht le pobail agus le hionaid ealaíon trí chlár gníomhaíochtaí rannpháirtíochta.
Na taibhealaíontóirí agus na hionaid óstacha:
- HK Ní Shioradáin (Drámaíocht) – An Carn, Carn Tóchair
- Róisín Sheehy (Drámaíocht) – Ionad Ealaíon St. John's, Lios Tuathail
- Niamh Ní Rúiséil (Amhránaíocht) – Ionad Ealaíon an Linenhall, Caisleán an Bharraigh
- Ciara McCrickard (Amhránaíocht) – Amharclann an Táin, Dún Dealgan
- Diarmuid de Brún (Drámaíocht) – Amharclann an Civic, Tamhlacht
"Is cúis áthais dúinn na taibhealaíontóirí a roghnaíodh do I Láthair Scéim Chónaitheach an Oireachtais a fhógairt," a dúirt Muireann Ní Dhroighneáin, Comhordaitheoir Náisiúnta na dTaibhealaíon Teangabhunaithe. "Is céim shuntasach í an scéim seo i neartú na dtaibhealaíon teangabhunaithe Gaeilge, ag tabhairt deiseanna do thaibhalaíontóirí a gcleachtas a fhorbairt agus comhpháirtíochtaí nua a chothú le pobail agus le hionaid ealaíon ar fud na tíre. Táimid ag súil go gcuirfidh na cónaitheachtaí seo le láithreacht na dtaibhealaíon Gaeilge, go neartóidh siad na naisc idir ealaíontóirí agus pobail, agus go leathnóidh siad an lucht féachana do na taibhealaíona Gaeilge."
Tá I Láthair, Scéim Chónaitheach an Oireachtais mar chuid de chlár forbartha an Oireachtais do na taibhealaíona teangabhunaithe Gaeilge agus tacaíonn sí le cur i bhfeidhm Straitéis Náisiúnta d'Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge.
Tá tuilleadh eolais faoi I Láthair Scéim Chónaitheach an Oireachtais, chomh maith le scéimeanna eile an Oireachtais do na taibhealaíona teangabhunaithe Gaeilge le fáil ag www.antoireachtas.ie.
Tuilleadh Eolais: Emer Ó Cearbhaill | taibhealaiona@antoireachtas.ie | +353 (0)91 572 545 (Fó Líne: 1020)






.gif)




.png)




.png)

 (1).png)