Tá An tOireachtas ag tacú le 52 Imeacht trí Ghaeilge ar Oíche Chultúir 2026
D'fhógair An tOireachtas inniu (Déardaoin, 21 Lúnasa 2026) go bhfuil siad ag tacú le 52 imeacht Gaeilge i 21 chontae éagsúil fud fad na tíre ar Oíche Chultúir 2026. Ag filleadh don aonú bliain is fiche, tionólfar Oíche Chultúir Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2026.
Is í an aidhm atá ag An tOireachtas ná freastal ar ghréasáin úsáidte Gaeilge timpeall na tíre trí phacáiste tacaíochta a chur ar fáil do ghrúpaí atá lonnaithe taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta chun tacú le himeacht a reáchtáil trí Ghaeilge ar Oíche Chultúir.
Tá réimse leathan imeachtaí i gceist ar chlár na bliana seo ag áireamh imeachtaí dírithe ar na Taibhealaíona Teangabhunaithe; Damhsa; Ceol; Na hAmharcealaíona; Ceardaíocht; Litríocht; Dioscúrsa; Turas agus Oidhreacht & Scannán. Tá clár spleodrach ar fáil do phobal Ghaeilge na tíre i mbliana.
“Tá áthas orainn a bheith ábalta tacú leis an gclár ilghnéitheach imeachtaí cultúir agus ealaíon trí Ghaeilge ar Oíche Chultúir arís i mbliana,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh imeachtaí Gaeilge den scoth ar fáil don phobal ar fud an oileáin agus go mbeidh deis ag ealaíontóirí agus oirfidigh na Gaeilge a bheith i lár an aonaigh ar an oíche speisialta seo . Guím gach rath ar an lucht eagraithe lena gcuid imeachtaí i mbliana.”
Is féidir eolas a fháil ar na himeachtaí ar fad anseo.










.png)
.gif)




.png)

 (1).png)