TORTHAÍ FHÉILE NÁISIÚNTA DRÁMAÍOCHTA 2026
Bhí an-rath ar Fhéile Náisiúnta Drámaíochta 2026 a reáchtáladh ag an deireadh seachtaine in Amharclann Chathair na Mart, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo. Léiríodh éagsúlacht seánraí, drámaí ilghníomh, gearrdhrámaí agus drámaí nuascríofa ina measc. Bronnadh naoi ngradam ag deireadh na féile agus mhol léirmheastóirí na féile, Ann Marie Horan agus Mícheál Ó Meallaigh, réimse agus caighdeán na léirithe nuair a bhí na gradaim á mbronnadh acu. Tá liosta iomlán na mbuaiteoirí ar fáil thíos.
"Comhghairdeas ó chroí le gach éinne a bhí páirteach i bhFéile Náisiúnta Drámaíochta 2026” a dúirt Muireann Ní Dhroighneáin, Comhordaitheoir Náisiúnta Taibhealaíon an Oireachtais. “Gabhaimid buíochas leo siúd a chabhraigh le heagrú na féile agus le hAmharclann Chathair na Mart a bhí chomh fáilteach agus tacúil leis an bhféile a reáchtáil. Táimid ag súil go mór le tógáil ar an obair iontach atá déanta ag na compántais ar fad, go háirithe na compántais nuabhunaithe ar éirigh leo léiriú a chur ar stáitse i mbliana. Tá súil againn go leanfaidh fás agus forbairt ar dhrámaíocht phobail na Gaeilge amach anseo”.
Bronnadh gradam Dráma na Féile ar Chumann Drámaíochta Naomh Pádraig, Cathair na Mart don dráma ‘An Rud Eatarthu’ le Séamas Mac Eachmharcaigh de bharr stiúradh, léiriú agus aisteoireacht den scoth ar dhráma tábhachtach nuascríofa.
Bronnadh gradam Léiriú / Stiúradh ar Aisteoirí Bhréanainn don dráma ‘Scaoil leis an gCaid’ le Breandán Mac Gearailt de bharr léiriú cumasach ar script dhúshlánach, stiúradh snasta ar fhoireann mhór agus úsáid eilimintí breise idir cheol agus mhím. Ba í Marina Ní Dhubháin stiúrthóir an dráma agus tacaíocht aici ó Sláine Ní Chathalláin agus Bríd Criomhthain a bhí mar stiúrthóirí cúnta an dráma.
Beidh Féile Náisiúnta Drámaíochta 2027 á reáchtáil in Amharclann Dean Crowe i mBaile Átha Luain idir an 18 – 20 Márta 2027.
TUILLEADH EOLAIS: Emer Ó Cearbhaill | taibhealaiona@antoireachtas.ie | +353(0)91 572 545
BUAITEOIRÍ FHÉILE NÁISIÚNTA DRÁMAÍOCHTA 2026
- DRÁMA NA FÉILE: Cumann Drámaíochta Naomh Pádraig, Cathair na Mart ‘An Rud Eatarthu’ le Séamas Mac Eachmharcaigh
- LÉIRIÚ / STIÚRADH: Marina Ní Dhubháin, Aisteoirí Bhréanainn, Ciarraí ‘Scaoil leis an gCaid’ le Breandán Mac Gearailt
- AISTEOIR IS FEARR: Pádraig Ó Briain, Aisteoirí Chúil Aodha, Corcaigh ‘Séadna agus an Fear Dubh’ leis an Athair Peadar Ó Laoghaire
- AISTEOIR IS FEARR: Alanna Ní Mhíocháin, Cumann Drámaíochta Naomh Pádraig, Cathair na Mart ‘An Rud Eatarthu’ le Séamas Mac Eachmharcaigh
- SCRIPT IS ÉIFEACHTAÍ: Aisteoirí an Lóchrainn, Ceatharlach script nuascríofa ‘Míle Murder i Muine Bheag’ le Cathal Ó Catháin, léiritheoir Con Ó Cróinín
- PRAPAÍ / CULTACHA: Ardán Mhaigh Eo, ‘Na Spéaclaí Draíochta’ aistrithe ag Áine Nic Giolla Bhríde, stiúrthóir Róisín Uí Chógáin
ROGHA NA LÉIRMHEASTÓIRÍ:
- AISTEOIRÍ GHAOTH DOBHAIR, ‘Cuairt an Uachtaráin’ le Francie Cullen, léirithe ag Cathal Ó Gallchóir & Cathal Ó Fearraigh a bhain gradam de bharr léiriú bríomhar, tarraingteach, greannmhar a thug an- chúram don stáitsiú, don seit agus do na fearaistí.
- AISTEOIRÍ AN SCIOBÓIL, ‘Biseach’ le le Niall Mac Eamharcaigh, léirithe ag Bernard Ó Duibheannaigh a bhain gradam do dhráma fuinniúil le scoth na n-aisteoirí, a bhí fréamhaithe sa ghreann agus a thaitin go mór leis an lucht féachana.
- AISTEOIRÍ AN SPIDÉIL, ‘An tOthar’ cóiriú don ardán a rinne Joe Steve Ó Neachtain ar an ngearrscéal le Máirtín Ó Cadhain, léirithe ag Mike P Ó Conaola & "Oifig an Phoist" cóiriú don ardán a rinne Mike P Ó Conaola ar ghearrscéal le Liam Ó Flaithearta, léirithe ag Caitríona Ní Dhomhnaill a bhain gradam de bharr cúram ar leith a thabhairt do na fearaistí agus seit solúbtha agus dhá shaothar litríochta Gaeltachta ar stáitse.

.gif)



 (1).png)


.png)

.png)







