Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne, Co. Chiarraí ó 28 Deireadh Fómhair - 1 Samhain 2026.
LÓISTÍN
Is fiú d'áirithint lóistín a dhéanamh a luaithe agus is féidir le cinnte a dhéanamh de go mbeidh lóistín agat don fhéile i mbliana. Tá tuilleadh eolais maidir le lóistín ar fáil ANSEO!
IMEACHTAÍ
Táimid ag súil le clár spleodrach a chur os chomhair phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta um Shamhain arís! Má tá spéis agat imeacht a reáchtáil ar chlár oifigiúil na féile, déan teagmháil linn ag faisneis@antoireachtas.ie chun do spéis a léiriú. Tá imeachtaí na féile le feiceáil ANSEO!
NA COMÓRTAIS TAIBHEALAÍON
Is iad na comórtais taibhealaíon croílár na féile. Nílimid ag glacadh le hiontrálacha go fóill ach coinnigh súil ar an leathanach seo chun an scéal is déanaí a fháil.


 (1).png)
.png)


.png)











.gif)
