|
9:30
|
RÉAMHBHABHTA: DAMHSA AR AN SEAN-NÓS (A) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá faoi 9 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2024 IONAD: Svuít Avenue, Óstán Avenue
|
|
9:30
|
RÉAMHBHABHTA: DAMHSA AR AN SEAN-NÓS (D) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá 13 bliain d'aois ar Lá Samhna 2024 IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Plaza
|
|
9:30
|
AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (A) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 3-6 bliain d'aois ar Lá Samhna 2024 IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon
|
|
9:30
|
AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (F) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá 11 bliain d'aois ar Lá Samhna 2024 IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, INEC
|
|
9:30
|
AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (H) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 14-15 bliain d'aois ar Lá Samhna 2024 IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
|
|
9:30
|
CORN CUIMHNEACHÁIN AMHRÁNAITHE SEAN-NÓIS MHÚSCRAIGHE COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Fir faoi 35 IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
|
|
9:30
|
CORN CUIMHNEACHÁIN SHEÁIN ÓIG UÍ THUAMA COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Mná faoi 35 IONAD: An Bálseomra, Óstán Gleneagle
|
|
10:00
|
AN SEOMRA TEAGHLAIGH Beidh cúinne spraoi ina mbeidh bréagáin do leanaí óga ann chomh maith le sraith imeachtaí éagsúla. Beidh cluichí boird, ábhar ealaíne, leabhair agus eile do gach aoisghrúpa ar fáil chomh maith. Arna eagrú ag Glór na nGael. IONAD: An Seomra Spraoi, An tIonad Fóillíochta
|
|
10:00
|
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS 'Beo ar maidin ón Oireachtas' arna chraoladh ar Raidió Fáilte 107.1 FM agus www.raidiofailte.com IONAD: An Nead, An Lobbaí, Óstán Gleneagle
|
|
10:30
|
RÉAMHBHABHTA: DAMHSA AR AN SEAN-NÓS (E) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá 14 bliain d'aois ar Lá Samhna 2024 IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Plaza
|
|
10:45
|
AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (B) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá 7 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2024 IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon
|
|
11:00
|
AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (I) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 16-17 bliain d'aois ar Lá Samhna 2024 IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
|
|
11:00
|
RÉAMHBHABHTA: DAMHSA AR AN SEAN-NÓS (B) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 10-11 bliain d'aois ar Lá Samhna 2024 IONAD: Svuít Avenue, Óstán Avenue
|
|
11:00
|
ALLAGAR NA hAOINE Caint agus comhrá le Toose Mac Gearailt Arna eagrú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne IONAD: An Beár Thíos Staighre, Óstán Brehon
|
|
11:30
|
AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (G) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 12-13 bliain d'aois ar Lá Samhna 2024 IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, INEC
|
|
11:30
|
RÉAMHBHABHTA: DAMHSA AR AN SEAN-NÓS (F) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá 15 bliain d'aois ar Lá Samhna 2024 IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Plaza
|
|
12:00
|
RÉAMHBHABHTA: DAMHSA AR AN SEAN-NÓS (C) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá 12 bliain d'aois ar Lá Samhna 2024 IONAD: Svuít Avenue, Óstán Avenue
|
|
12:00
|
AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (C) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá 8 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2024 IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon
|
|
12:00
|
ABAIR: Teicneolaíochtaí Urlabhra AI & Áiseanna Foghlama & Rochtana do Chanúintí na Gaeilge Tabharfar spléachadh ar theicneolaíochtaí urlabhra AI ABAIR (sintéis cainte & aithint cainte) do chanúintí na Gaeilge, agus ar na háiseanna bunaithe orthu: áiseanna don phobal, ardáin foghlama cliste agus gléasanna rochtana dóibh siúd faoi mhíchumas.
Tá ABAIR ag lorg taifeadaí cainte ó pháistí an Oireachtais. Bain triail as áiseanna ABAIR ag Ardán an Aonaigh, agus labhair linn faoi bhur gcuid riachtannais. Arna eagrú ag An tSaotharlann Foghraíochta & Urlabhra, Coláiste na Tríonóide (www.abair.ie). IONAD: Aonach an Oireachtais
|
|
12:00 - 18:00
|
TRIAIL SCÁILEÁIN LE CÚLA4 An dtaitneodh leat a bheith ar an gcéad réalta mór eile ar an teilifís - ag cruthú ábhair don lucht féachana óg? Déan triail scáileáin gearr le d’iarratas a chur san áireamh le haghaidh Dianchlúrsa Traenála do Láithreoirí Teilifíse sa Réimse Ábhar do Dhaoine Óga a bheidh á reachtáil luath i 2025. Arna eagrú ag Cúla 4 IONAD: Svuít 4, Leibhéal 1, INEC
|
|
12:10
|
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS 'An Saol ó Dheas' á chur i láthair ag Helen Ní Shé Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle
|
|
12:30
|
RÉAMHBHABHTA: DAMHSA AR AN SEAN-NÓS (G) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 16-17 bliain d'aois ar Lá Samhna 2024 IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Plaza
|
|
13:00
|
CORN MHÁIRE NIC DHONNCHADHA COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Mná os cionn 35 IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
|
|
13:00-15:00
|
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS Clár raidió beo ó Oireachtas na Samhna. Arna chraoladh beo ar Raidió na Life & www.raidionalife.ie agus Raidió Fáilte & www.raidiofailte.com IONAD: An Nead, An Lobbaí, Óstán Gleneagle
|
|
13:30
|
RÉAMHBHABHTA: DAMHSA AR AN SEAN-NÓS COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA IONAD: Svuít Avenue, Óstán Avenue
|
|
14:00
|
LÚIBÍNÍ COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA Beo ón Oireachtas ar www.tg4.ie IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
|
|
14:00
|
AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (D) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá 9 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2024 IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon
|
|
14:00
|
SEOLADH LEABHAIR 'Crainn agus Toir' le Máirín Uí Chonchubhair Arna fhoilsiú ag Dingle Publishing IONAD: Aonach an Oireachtais
|
|
14:00 - 14:45
|
ÚSÁID FOCLOIR.IE AGUS TEANGLANN.IE Cur i láthair 30 nóiméad ag taispeáint conas lántairbhe a bhaint as na foclóirí agus áiseanna ar líne ag focloir.ie agus teanglann.ie. Seisiún gairid ceisteanna agus plé ina dhiaidh. CAINTEOIRÍ: Pádraig Ó Mianáin & Cormac Breathnach Tae agus caife ar fáil. Arna eagrú ag Foras na Gaeilge IONAD: Svuít 3, Leibhéal 1, INEC
|
|
15:00
|
CORN CUIMHNEACHÁIN AMHRÁNAITHE SEAN-NÓIS CHONAMARA COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Fir os cionn 35 IONAD: An Bálseomra, Óstán Gleneagle
|
|
15:00
|
AMHRÁN SAOTHAIR COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA Beo ón Oireachtas ar www.tg4.ie IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
|
|
15:00
|
SEIMINEÁR Crosbhóthar Cearta Teanga: Deiseanna agus Dúshláin Fearann an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn fáilte roimh cách chuig Seimineár Leath-Lae ag Oireachtas na Samhna, Cill Airne 2024.
Tá Oifig an Choimisinéara go mór faoi chomaoin ag an Dr Fionnuala Ní Aoláin, Rapóirtéir Speisialta ar Fhrithsceimhlitheoireacht agus ar Chearta Daonna leis na Náisiúin Aontaithe agus Ollamh le Dlí in Ollscoil na Banríona & Ollamh ar cuairt in Ollscoil Minnesota, as glacadh le cuireadh an eochairóráid a thabhairt ag an seimineár. Cuirfidh a saineolais nach beag go mór leis an ócáid.
I ndiaidh na heochairóráide, tabharfar osradharc ar thorthaí tosaigh Alt 10A, Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí, Acht na dTeangacha Oifigiúla, (Leasú), 2021; chomh maith le spléachadh ar threoirleabhar nua atá á fhorbairt ag an Oifig le cur le feasacht an phobail agus na n-eagraíochtaí stáit ar na cearta teanga nua atá ag pobal na Gaeilge de thoradh na reachtaíochta teanga leasaithe.
Beidh deis ag an lucht freastail ceisteanna chur faoina nithe thuas le linn na hócáide. Arna eagrú ag An Coimisinéir Teanga IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
|
|
15:00 - 17:00
|
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS ‘Pé Scéal É’ á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle
|
|
15:00
|
SEOLADH Tá Smart Medical tiomanta do threalamh leighis tarrthála a sheachadadh, tá muid bródúil as a fhógairt go bhfuil muid ag seoladh an chéad agus an t-aon dífhibrileoir Seachtrach Uathoibrithe (AED) Gaeilge ar domhan. Arna eagrú ag Smart Medical IONAD: Aonach an Oireachtais
|
|
16:00
|
AMHRÁN NUACHUMTHA COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA Beo ón Oireachtas ar www.tg4.ie IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
|
|
16:00
|
AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS (E) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá 10 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2024 IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon
|
|
16:00
|
SEOLADH NUACHTÁIN NUA GAEILGE 'Gaelmheáin', an chéad nuachtán Gaeilge clóite ó 2013 á sheoladh ag Eoghan Ó Néill, bunaitheoir agus iareagarthóir Lá agus Nuacht24. Beidh cóipeanna an chéad eagrán ar fáil agus beidh deis ag pobal an Oireachtais síntiús a ghlacadh ar an láthair ar phraghas speisialta. IONAD: Aonach an Oireachtais
|
|
16:00
|
MÓRSHEOLADH LEABHAR Cuirfear scoth na leabhar nua faoi bhráid an phobail. I measc na leabhar a sheolfar, tá: 'Óró' le Alan Titley 'Éanna Corr' le Antain Mac Lochlainn 'Fiche' le Colm Ó Ceallacháin 'Bláthnaid' le Darach Ó Scolaí 'Saighdiúir' le Cathal Ó Searcaigh Arna fhoilsiú ag Leabhar Breac IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, INEC
|
|
16:00 - 16:45
|
FOCAL AR FHOCAL: TIONSCADAIL FOCLÓIREACHTA FHORAS NA GAEILGE Tabharfar nuashonrú le linn an tseisiúin seo ar an obair atá ar bun le bliain anuas agus atá beartaithe sa bhliain romhainn sna foclóirí éagsúla atá idir lámha ag Rannóg Foclóireachta Fhoras na Gaeilge. Caithfear spléachadh ar chuid den obair atá déanta ar an bhfoclóir nua aonteangach Gaeilge agus ar an bhfoclóir nua Gaeilge-Béarla, agus caithfear súil ar nuashonruithe eile atá déanta ar teanglann.ie agus ar foclóir.ie. Beidh seisiún ceisteanna agus plé ina dhiaidh. CAINTEOIRÍ: Pádraig Ó Mianáin & Cormac Breathnach Craolfar an seisiún seo ar leathanach YouTube Fhoras na Gaeilge. Tae agus caife ar fáil. Arna eagrú ag Foras na Gaeilge. IONAD: Svuít 3, Leibhéal 1, INEC
|
|
17:00
|
SEOLADH LEABHAIR 'Glórthaí an Tráthnóna' le Máire Nic Mhaoláin á sheoladh ag Cathal Póirtéir Arna fhoilsiú ag Éabhlóid IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, INEC
|
|
17:00
|
SEOLADH LEABHAIR Eagrán nuachóirithe ag Éamonn Ó Dónaill den aistriúchán Gaeilge ‘Flóisíní San Proinsias’ a rinne Seán Ó Muirthile Carraige ar chnuasach scéalta gearra traidisiúnta faoi shaol San Proinsias, Fioretti di San Francesco, á sheoladh ag Pádraig Ó Héalaí Arna fhoilsiú ag Foilseachán Ábhair Spioradálta IONAD: Aonach an Oireachtais
|
|
17:00
|
SEOLADH Seolfar Feachtas Náisiúnta Tithíochta, TINTEÁN, ina dtabharfar na brúghrúpaí tithíochta uile le chéile. Arna eagrú ag BÁNÚ agus Conradh na Gaeilge IONAD: Svuít 5, Leibhéal 1, INEC
|
|
18:00
|
SEOLADH CLÁR TEILIFÍSE 'Crá' Á chur i láthair ag Darragh Ó Caoimh Sraith 6 chlár a taifeadadh i nGaeltacht Thír Chonaill. Dráma a leanann fiosrúchán dúnmharaithe nuair a aimsítear corp mháthair an Gharda áitiúil, Conall Ó Súilleabháin. Socraíonn iriseoir óg, Ciara-Kate, podchraoladh faoin gcás a thosú. Tá aistear gruama i ndán don bheirt. Comhléiriú de chuid TG4. BBC, Fís Éireann. CnaM. ILBF Arna léiriú ag Fíbín Media IONAD: An Bálseomra, Óstán Gleneagle
|
|
18:00
|
CUIDEACHTA AG AN OIREACHTAS Beidh cóipeanna de ‘Tóraíocht an Oireachtais’ ar fáil ag seastán Thuismitheoirí na Gaeltachta ar feadh an lae Dé hAoine, líon isteach í agus beidh deis agat duaiseanna deasa a bhuachan. Roghnófar na buaiteoirí ag Cuideachta ag an Oireachtas agus beidh sólaistí deasa ar fáil. Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta IONAD: Aonach an Oireachtais
|
|
18:00
|
SEOLADH LEABHAIR 'Rince Aeir' le Caitríona Ní Chléirchín á sheoladh ag Dairena Ní Chinnéide Arna fhoilsiú ag Éabhlóid IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, INEC
|
|
18:00
|
SEOLADH: CARTLANN GHRIANGHRAF GAEL LINN Stiúrann Seán Ó Ceallaigh, iarbhainisteoir náisiúnta scéimeanna Gael Linn, an chuideachta trí chuid de shaibhreas íomhánna agus físeanna atá cruinnithe i gcartlann Gael Linn le caoga bliain anuas. Tá gailearaithe cóirithe ag Seán ar Slógadh, Díospóireachtaí Dara agus Tríú Leibhéal, Cúrsaí Trí Mhí, Siansa, Ceirníní Gael Linn agus Crannchur Gael Linn. Is cinnte go n-aithneoidh tú duine éigin! Cuirfear tae/caifé agus sóláistí ar fáil. Arna eagrú ag Gael Linn IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
|
|
18:30
|
SCÉALAÍOCHT: Comórtas Cáilithe COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon
|
|
18:30
|
MISE GRÁINNE Réamhbhlaiseadh den chlosleabhar nua ceoil ar lipéad Gael Linn, scríofa ag Louis de Paor agus ceol le Dana Lyn. Athinsint chumhachtach í seo ar scéal ón Fhiannaíocht le ceol nuachumtha a chuireann go mór le fonn éisteachta. Ar na haisteoirí páirteach i Mise Gráinne bhí; Bríd Ní Neachtain, Dónall Ó Héalaí, Louis de Paor, Marcus Mac Conghail, Dónal Ó Braonáin, Ciara Ní É, Aodh Ó Coileáin agus Darach Mac Con Iomaire. Beidh Louis de Paor i láthair le níos mó eolais a thabhairt faoin tionscnamh uaillmhianach seo agus cloisfidh tú sleachta as. Cuirfear tae/caifé agus sóláistí ar fáil. Arna eagrú ag Gael Linn IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
|
|
19:00
|
SEAN-NÓS NA bhFEAR COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus www.tg4.ie IONAD: An Stáitse Mór, INEC
|
|
19:00
|
SCÉALAÍOCHT: Príomhchomórtas COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon
|
|
19:00
|
SEOLADH ÁBHAIR AR DÚCHAS.IESeolfar baisc taifead a rinne Coimisiún Béaloideasa Éireann ar dhioscaí aiceatáite sna 1940idí ar shuíomh dúchas.ie. Ba iad na taifid seo cuid de na taifid ba luaithe a rinne an Coimisiún agus tá siad digitithe anois ar ardchaighdeán den chéad uair.
Seolfar freisin baisc grianghraf le Seirbhís Foraoiseachta Éireann a bheidh ar fáil ar an suíomh den chéad uair chomh maith. Arna eagrú ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann UCD agus Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. IONAD: Svuít 3, Leibhéal 1, INEC
|
|
20:00
|
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS Lár Stáitse beo ar TG4 á chur i láthair ag Orla Ní Fhinneadha Blaiseadh den tsiamsaíocht, den iomaíocht agus de rannpháirtíocht daoine óga i gcomórtais taibhealaíon an Oireachtais. Arna chraoladh ar TG4 IONAD: An Stáitse Mór, INEC
|
|
21:30
|
CÓISIR NA MAC LÉINN Cóisir gléasta le scoth an cheoil ó Joe Jack Attack, Grooveline & Bandia á chur i láthair ag Hugh Mac Giolla Chearra IONAD: An Bálseomra, Óstán Gleneagle
|
|
22:30
|
AN CLUB AMHRÁNAÍOCHTA 'Casadh an tSúgáin' á chur i láthair ag Máirín Uí Chéide IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
|
|
22:30
|
SEOLADH LEABHAIR & DLÚTHDHIOSCA 'Leabhar Mór na nAmhrán le 2 dlúthdhiosca: Na hAmhráin Mhalla & Na hAmhráin Sciobtha' a chnuasaigh Micheál Ó Conghaile á sheoladh ag Máirtín Tom Sheáinín le linn Casadh an tSúgáin Eagrán nua den leabhar ina bhfuil 400 amhrán, chomh maith le stair na n-amhrán agus rogha acu sin anois ar fáil ar dhá CD atá leis an leabhar. Arna fhoilsiú Cló Iar-Chonnacht IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
|
|
22:30
|
CLUB NA FÉILE le fíor-scoth an cheoil ó Pólca 4 IONAD: An Stáitse Mór, INEC
|