|
10:00
|
AGALLAMH BEIRTE (A) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 6-9 mbliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC
|
|
10:00
|
AGALLAMH BEIRTE (C) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 11-13 bliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC
|
|
10:00
|
AITHRISEOIREACHT (A) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 3-5 bliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC
|
|
10:00 - 17:00
|
AN SEOMRA TEAGHLAIGH Beidh cúinne spraoi ina mbeidh bréagáin do leanaí óga ann chomh maith le sraith imeachtaí éagsúla. Beidh cluichí boird, ábhar ealaíne, leabhair agus eile do gach aoisghrúpa ar fáil chomh maith. Arna eagrú ag Glór na nGael IONAD: ARC, Bunurlár, ICC
|
|
10:30
|
SCÉALAÍOCHT (A) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 7-9 mbliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC
|
|
10:30
|
VEIDHLÍN (A) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 7-10 mbliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC
|
|
11:00
|
AITHRISEOIREACHT (B) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 6-7 mbliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC
|
|
11:00
|
AGALLAMH BEIRTE (B) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 9-11 blianaar Lá Samhna 2025 IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC
|
|
11:00 - 12:00
|
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS 'Barrscéalta' Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta IONAD: Raidió Fáilte, 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste, BT 12 4AL
|
|
11:30
|
SCÉALAÍOCHT (B) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 10-13 bliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC
|
|
11:30
|
VEIDHLÍN (B) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 10-12 bliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC
|
|
11:30
|
AINMNIÚ ÁITEANNA AGUS COMHROINNT ÁITEANNA
Tabharfaidh an tOllamh Mícheál Ó Mainnín, Ciarán Mac Giolla Bhéin, agus an Dr Brian Devlin caint spéisiúil ar stair agus ar thodhchaí na n-ainmneacha logánta sa tuaisceart. Ag tarraingt ar an obair a rinneadh le Tionscadal Ainmneacha Logánta Thuaisceart Éireann, déanfaidh na cainteoirí iniúchadh ar an chaoi a nochtann ainmneacha ár mbailte, ár sráidbhailte, ár n-aibhneacha, agus ár sainchomharthaí tíre sraitheanna d’oidhreacht chultúrtha, teanga, agus féiniúlacht. Ní lipéid ar léarscáil amháin atá in ainmneacha logánta, ach iompraíonn siad scéalta faoi lonnaíocht, coimhlint agus muintearas. Arna eagrú ag an Roinn Pobal Thuaisceart Éireann
Arna eagrú ag an Roinn Pobal Thuaisceart Éireann IONAD: Dánlann Dillon, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste
|
|
12:00
|
AGALLAMH BEIRTE (D) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 14-17 mbliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC
|
|
12:15
|
AITHRISEOIREACHT (C) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 8-9 mbliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC
|
|
12:30
|
VEIDHLÍN (C) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 14-17 mbliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC
|
|
12:30
|
SCÉALAÍOCHT (C) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 14-17 mbliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC
|
|
13:00
|
CEOL BEIRTE (A) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 7-10 mbliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC
|
|
13:00
|
SEOLADH OIFIGIÚIL: ‘Aonach an Oireachtais’ Is é An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. a sheolfaidh Aonach an Oireachtais 2025 go hoifigiúil. Beidh scoth an cheoil ón mbanna ceoil, Burnchurch, ó 12:00 ar aghaidh. IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC
|
|
13:30
|
AN FHEADÓG STÁIN (A) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 7-9 mbliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC
|
|
13:30
|
AITHRISEOIREACHT (D) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 10-11 bliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC
|
|
13:45
|
CEOL BEIRTE (B) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 11-12 bliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC
|
|
14:00
|
AGALLAMH BEIRTE COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA Beo ón Oireachtas ar www.tg4.ie IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC
|
|
14:00
|
LÚIBÍNÍ (A) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 6 -10 mbliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC
|
|
14:00
|
LOGAINMNEACHA MHAIGH EO Cur i láthair ar ‘Logainmneacha agus Oidhreacht Dhún Chaocháin i mBarúntacht Iorrais, Condae Mhaigh Eo, 2004’ le hUinsíonn Mac Graith & Treasa Ní Ghearraigh & ‘Logainmneacha Acla ar líne’ Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla, 2025’ le Colm MacEachmharcaigh. Beidh Seisiún na nÓg le ceoltóirí óg ó cheantair Iorrais i ndiaidh na hócáide seo. Arna eagrú ag Gaeilge Iorrais IONAD: Svuít Copenhagen, Leibhéal 2, Óstán Europa
|
|
14:00
|
CAINT AGUS CUR I LÁTHAIR ‘Seoda na Gaeilge i gCartlanna an Tuaiscirt: Brendan Adams (1917-81), Caomhnóir na gCanúintí, a shaothar agus a bhailiúcháin san Iarsmalann i gCúl Trá’ Cur i láthair a bheidh ag díriú ar shaol agus ar obair G. B. (Brendan) Adams, Caomhnóir na gCanúintí ag Iarsmalann Daonchultúir Uladh, ileolaí agus ilteangach. Idir na 1940í agus a bhás in 1981, rinne sé taighde ceannródaíoch ar mheath labhartha na Gaeilge i gCúige Uladh agus thaifead sé canúintí reatha an chúige ar théipeanna, ar léarscéalta agus i bhfoclóireacht. Tugann oidhreacht Adams inspioráid go fóill d’fhoireann na hIarsmalainne ag Cúl Trá, áit a bhfuil a chuid taighde agus a lán míreanna eile a bhaineann le stair na Gaeilge le feiceáil sa lá atá inniu ann. Arna eagrú ag Iarsmalann Daonchultúir Uladh IONAD: Svuít Bhaile Átha Cliath, Leibhéal 2, Óstán Europa
|
|
14:00
|
SEOLADH SCÉAL.IE Láithreán gréasáin úr www.scéal.ie á sheoladh ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht ó Fhoras na Gaeilge, Anna Davitt
Tá athbhrandáil agus athnuachan déanta ar phríomh eolaire dhigiteach na nGael (PEIG.ie mar a bhí). Tabharfar spléachadh ar an láithreán nua agus a ghnéithe le cur in iúl na bealaí is fearr chun leas a bhaint aisti. Is é príomhchuspóir Scéal.ie eolas a chur ar fáil faoi chúrsaí Gaeilge – ó imeachtaí agus cúrsaí Gaeilge go deiseanna fostaíochta, nuacht agus acmhainní do phobal na Gaeilge. Is féidir le heagraíochtaí Gaeilge, pobal agus stáit fógraí poist, liostaí imeachtaí, cúrsaí samhraidh, scéimeanna tacaíochta, agus acmhainní do dhaoine atá ag foghlaim nó ag úsáid na Gaeilge a chlárú ann. Freastalaíonn sé ar cainteoirí Gaeilge, foghlaimeoirí, eagraíochtaí agus an pobal i gcoitinne a bhfuil suim acu sa teanga agus sa chultúr.
Tá Scéal.ie maoinithe ag Foras na Gaeilge
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC
|
|
14:15
|
AN FHEADÓG STÁIN (B) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 10-11 bliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC
|
|
14:30
|
AITHRISEOIREACHT (E) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 12-13 bliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC
|
|
14:30
|
CEOL BEIRTE (C) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 13-17 mbliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC
|
|
15:00
|
SCEITSE COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA Beo ón Oireachtas ar www.tg4.ie IONAD: An Stiúideo, ICC
|
|
15:00
|
LÚIBÍNÍ (B) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 11-12 bliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC
|
|
15:00
|
SEOLADH Seolfar FOTHEIDIL, córas a dhéanann trascríobh ar comhaid fuaime nó físeáin. Tabharfar spléachadh ar Theicneolaíochtaí AI agus ar áiseanna ABAIR. Arna eagrú ag An tSaotharlann Foghraíochta & Urlabhra, Coláiste na Tríonóide (www.abair.ie) IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC
|
|
15:15
|
AN FHEADÓG STÁIN (C) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 12-14 bliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC
|
|
15:30
|
RAPCHEOL COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá faoi 10 mbliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC
|
|
15:45
|
LÚIBÍNÍ (C) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 14-17 mbliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC
|
|
16:00
|
SEOLADH LEABHAIR ’Katie agus an Pacáiste Rúnda’ le Éadaoin Ní Dhomhnaill á sheoladh ag Fearghas Mac Lochlainn. Is é seo an chéad úrscéal atá foilsithe ag Éadaoin, údar óg as Inis Meáin. Is úrscéal bleachtaireachta é do pháistí níos sine. Arna fhoilsiú ag LeabhairCOMHAR. IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC
|
|
16:15
|
AN FHEADÓG STÁIN (D) COMÓRTAS DO DHAOINE ÓGA Iomaitheoirí atá idir 15-17 mbliana ar Lá Samhna 2025 IONAD: Seomra Cruinnithe 3, Leibhéal 3, ICC
|
|
16:30
|
AN GHAEILGE AGUS AN DLÍ PRÍOMHCHAINTEOIR: Barra McGrory KC FREAGRÓIR: Dr Niall Comer Cláraigh - Saor in Aisce: https://ti.to/BarofIreland/cbnag-mbealfeirste Arna eagrú ag Cumann Barra na Gaeilge IONAD: Teach an Dlí-Chumainn, 96 Sráid Victoria, Béal Feirste, BT1 3GN
|
|
17:00
|
SEOLADH LEABHAIR 'Lá San Iodáil i 1945' le Maria Ní Mhurchú á sheoladh ag Robert Ó Brosnacháin Dráma atá féinfhoilsithe i gceithre theanga éasgúil. IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC
|
|
17:00
|
GEARRSCANNÁN, PLÉ & AMHRÁIN Amhránaíocht ar an Sean-Nós agus na glúnta atá le teacht ‘Aisling fé Bhláth’, Clár faisnéise nua ag ceiliúradh 25 bliain de scéim amhránaíochta Aisling Gheal, Múscraí. Beidh pléphainéal ina dhiaidh, ina mbeidh ionadaíocht ó cheantair Ghaeltachta éagsúla agus amhráin bheo ó amhránaithe óga na Gaeltachta. Arna eagrú ag Ealaín na Gaeltachta IONAD: Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3, ICC
|
|
17:00
|
SPRAOI AG AN OIREACHTAS & DIOSCÓ GAELACH NA SAMHNA Siamsán na dTeidithe le Suzanne & foireann TnaG (aoisghrúpa 0-5 bliana). Ceol, spórt, spraoi agus diabhlaíocht ina dhiaidh ag an Dioscó le Aoife Mhichael Sonaí Ní Chonghaile (gach aoisghrúpa). Caith culaith bhréige i gcomhair na Samhna! Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta IONAD: Halla 2A, Leibhéal 1, ICC
|
|
18:00
|
DREAS CAINTE COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA IONAD: Seomra Cruinnithe 2, Leibhéal 3, ICC
|
|
18:00
|
POP-UP GRÉASÁN Tobsheisiún gréasánaíochta i gcomhluadar do chomhghleacaithe san Earnáil Phoiblí atá ag freastal ar an bhféile! Óstach: Póilín Nic Géidigh Arna eagrú ag Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí IONAD: Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, ICC
|
|
18:00
|
SCÉAL OILEÁIN: Saothar Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta Léacht leis an Ollamh Gearóid Denvir mar bhlaiseadh de chuid d’imeachtaí Fhéile na bhFlaitheartach 2025. Arna eagrú ag Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaitheartra IONAD: Halla 2B, Leibhéal 1, ICC
|
|
18:30
|
SCÉALAÍOCHT: Comórtas Cáilithe COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA IONAD: An Stiúideo, Bunurlár, ICC
|
|
19:00
|
SEAN-NÓS NA bhFEAR COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus www.tg4.ie IONAD: An Halla Mór, Bunurlár, ICC
|
|
19:30 - 21:00
|
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS 'Blas' ar BBC Gaeilge. Arna chraoladh beo ar BBC Raidió Uladh, BBC Raidió Feabhail agus ar BBC Sounds. IONAD: Óstán Europa
|
|
19:30 - 20:30
|
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS '7 LÁ' arna chraoladh beo ar TG4 LÁITHREOIR: Máirín Ní Ghadhra IONAD: Beár, Leibhéal 2, ICC
|
|
19:30
|
BANAT AL-QUDS / INÍONACHA IARÚSAILÉIN Cór agus grúpa ceoil uirlise le mná óga as an bPalaistín atá san ensemble Banat al-Quds (Iníonacha Iarúsailéim san Arabais). Seo mná óga a d’fhreastail ar Conservatoire Náisiúnta Ceoil Edward Said in Iarúsailéim agus a rinne éachtaí sa cheol Arabach. Cuireann siad scéalta na Palaistíne i láthair ina gcuid ceoil. Cloisfear scéalta fá chrógacht, dóchas, dúthracht agus saoirse. Arna eagrú ag Ealaíontóirí ar son na Palaistíne IONAD: Halla Whitla, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, BT7 1NN
**Níl an ócáid seo clúdaithe in Ollthicéad na féile, is gá do thicéad a chur in áirithe ag https://www.universe.com/events/daughters-of-jerusalem-banat-al-quds-tickets-0L3S72
|
|
19:30
|
FLIX FEIRSTE Tá Flix Feirste, Féile Scannánaíochta na Ceathrún Gaeltachta, á athlainseáil ag Forbairt Feirste le spleodar an mhórscáileáin a thabhairt chuig Oireachtas na Samhna 2025. Cuirfear tús leis an bhféile le léiriú den scannán iomráiteach Kneecap. IONAD: Barr an Tí, 12ú Urlár, Óstán Europa
|
|
20:00
|
DRÁMA: Faoi Dheireadh Thiar le Joe Steve Ó Neachtain arna léiriú ag Lóchrann Oíche Nollag in áras na seandaoine: tá a scéal féin ag gach duine: Taimín Chualáin, ag fanacht ar litir óna mhac san Astráil, nach bhfuil ag teacht; Coilmín an Bhreathnaigh, nach ndearna buille maitheasa ariamh ina shaol agus a d’ól gach a raibh aige; Sally, a bhfuil saol na bhfuíoll aici, cé gur ina cloigeannsa amháin atá sé; agus Meaig Loideáin, curtha isteach san ionad in ainneoin a tola. Agus ní taise don dream atá ag tabhairt aire dóibh é: Máirín, an mátrún, nár phós ariamh, ar chúis áirithe; agus Jackie, cailín óg atá ag tosaí amach sa saol ach a bhfuil bambairne déanta ag an saol di. Dráma cumhachtach lán de ghreann, gruaim agus paisean IONAD: Amharclann Mhic Chionnaith, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste
Níl an dráma seo clúdaithe in Ollthicéad na féile, is gá do thicéad a chur in áirithe ANSEO
|
|
21:00
|
CEOLCHOIRM LITEARTHA Léifidh Breanndán Ó Beaglaoich sliochta as a leabhar Clann a Seanamhuintire agus casfaidh cuid de na hamhráin atá luaite sa leabhar. IONAD: An Bálseomra, Bunurlár, Óstán Europa
|
|
21:00
|
Cur i láthair KNEECAP "MGL" - Móglaí Bap, DJ Próvaí & Le Boom
KNEECAP ag cur i latháir oíche “MGL” Beidh DJ Próvaí agus Móglaí Bap ar an stáitse in éineacht le Le Boom, oíche lán fuinnimh agus ceol leictreonacha.
Beidh an t-imeacht seo sa Beehive, ionad i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta. IONAD: The Beehive, Bóthar na bhFál
Níl ach méid teoranta ticéad ar fáil.Tabhair faoi deara le do thoil, nach bhfuil an imeacht seo clúdaithe in Ollticéad Oireachtas na Samhna.
Cuir ticéad in áirithe ANSEO!
|
|
22:00
|
CLUB NA FÉILE Le fíor scoth an cheoil ó Na Railway Boys IONAD: An Bálseomra, Bunurlár, Óstán Europa
|
|
22:30
|
CLUB AMHRÁNAÍOCHTA 'Casadh an tSúgáin' á chur i láthair ag Máirín Uí Chéide IONAD: An Bálseomra, Leibhéal 1, Óstán Europa
|