Baineann An tOireachtas úsáid as fianáin ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa 'Pholasaí Príobháideachais' seo.

Privacy Preferences

When you visit any website, it may store or retrieve information through your browser, usually in the form of cookies. Since we respect your right to privacy, you can choose not to permit data collection from certain types of services. However, not allowing these services may impact your experience.

  • Privacy Policy
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Content Delivery Network
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Youtube (Hosting Video Platform by Google Inc.)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Vimeo (Hosting Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Google Ads (Advertisement Delivery Network)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Dailymotion (Hosted Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Facebook & Instagram (Social Media)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.

Dé Sathairn

Imeachtaí

9:30

FIDIL
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA 
IONAD:
Svuít Brehon, Óstán Brehon

9:30

#PARKRUNABÚ!
Rith speisialta Oireachtas na Samhna 2026
IONAD:
Teach Chill Airne, Bóthar an Mhisiúin, Cill Airne, Co. Chiarraí, V93 HE3C

10:00

CEARDLANN PODCHRAOLTÓIREACHT & SCANNÁNAÍOCHT MHÓIBÍLEACH
Ceard
lann chruthaitheach, spraíúil do dhaoine óga ina roinnfear an grúpa ina dhá leath: leath ag triail podchraoltóireachta agus leath ag triail scannánaíocht mhóibíleach. Beidh téama Oíche Shamhna mar inspioráid chun ábhar samhlaíoch, idirghníomhach a chruthú trí Ghaeilge. Tabharfar deis do rannpháirtithe scileanna nua a fhoghlaim agus a gcuid smaointe féin a chur i láthair ar bhealach spraíúil comhoibríoch.
Arna eagrú ag KINIA
IONAD: Svuít 5,  Leibhéal 1, GLENEAGLE

10:00 - 12:00

GORT NA DRÁMAÍOCHTA: An tOireachtas & An Taibhdhearc
Tabharfar spléachadh ar na deiseanna tacaíochta atá ar fáil do na taibhealaíona Gaeilge, le béim ar leith ar dhrámaíocht phobail agus ar na bealaí atá ann chun compántais agus cleachtóirí a fhorbairt agus a chothú chomh maith le léargas ar na deiseanna atá ar fáil i réimse na drámaíochta gairmiúla, lena n-áirítear deiseanna do thaibhealaíontóirí, forbairt scripte don stáitse, agus bealaí chun dul i mbun oibre leis an amharclann.
Roinnfidh aoi-aisteoir a thaithí féin ar ghairm a fhorbairt mar aisteoir trí mheán na Gaeilge, agus a labhróidh sé faoi na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann leis an earnáil.
Seisiún ceisteanna agus freagraí!
Arna eagrú ag An Taibhdhearc i gcomhpháirt leis an Oireachtas

10:30

AONTAS NA SCRÍBHNEOIRÍ 
Ollchruinniú an Oireachtais
IONAD: Seomra Comhdhála, Leibhéal 1, GLENEAGLE

10:30

CEOL BEIRTE 
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon

11:00

SEIMINEÁR AN OIREACHTAIS 
TÉAMA: Gaeltacht gan Tithe - Gaeltacht gan Todhchaí?
Pléifear géarchéim tithíochta na Gaeltachta, an tionchar atá aici ar an nGaeilge, agus an gníomh práinneach atá ag teastáil chun na pobail seo a chosaint.
PAINÉAL:
Dónal Ó Grádaigh, Cathaoirleach, Comharchumann Ráth Chairn;
Cristín de Mórdha, Oifigeach Pleanála Teanga, Dúchais an Daingin,
John Prendergast, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge; agus
Aoi-speisialta: Dr John Walsh, Údar, 'Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926'.
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge
Arna chraoladh beo ar 'An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra' ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD:
An Bálseomra, GLENEAGLE

11:00

AGALLAMH
Beidh Éilís Ní Dhuibhne, Laureate don Fhicsean Éireannach, faoi agallamh ag Celia de Fréine
Arna eagrú ag Aontas na Scríbhneoirí
IONAD:
Seomra Comhdhála, Leibhéal 1, GLENEAGLE

11:00

SEISIÚN TÉARMEOLAÍOCHTA
Obair na téarmeolaíochta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh: obair an lae inniu, na dúshláin agus na riachtanais.
Painéal plé le saineolaithe téarmeolaíochta ón Aontas Eorpach agus in Éirinn.
Cainteoirí:
Julie O’Farrell, Ceann Aonad Aistriúcháin na Gaeilge, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Colmcille Ó Monacháin, Téarmeolaí, An Coimisiún Eorpach
Shanna Ní Rabhartaigh, Comhordaitheoir Cáilíochta,
Comhairle an Aontais Eorpaigh agus cainteoirí ó Éirinn freisin
Arna eagrú ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann
IONAD:
Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE

11:00 

CÓISIR 'OÍCHE SHAMHNA' CÚLA4
Beidh scéalaíocht speisialta ó Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, péinteáil aghaidhe, dioscó, spotduaiseanna agus neart eile ar siúl ag an gcóisir.
Gléas suas i do chulaith Oíche Shamhna mar beidh neart spotduaiseanna le buachan!
Arna eagrú ag Cúla4
IONAD: 
Seomra Mangerton, GLENEAGLE

11:00

AN DEARCÁN: Seoladh Eagrán a Dó
Iris liteartha is ea An Dearcán a bunaíodh in 2025. I mbliana, d'éirigh linn an chéad agus an dara heagrán a chur le chéile agus a fhoilsiú. Tabharfaidh an t-eagarthóir Laoighseach Ní Choistealbha léargas don lucht féachana ar fhorbairt na hirise go dtí seo agus léifidh na scríbhneoirí a gcuid dánta / scéalta amach. Beidh eagrán a haon agus a dó ar díol ag an ócáid seo. Fáilte roimh chách!
Arna eagrú ag An Dearcán
IONAD:
Svuít 3, Leibhéal 1, GLENEAGLE

12:00

LEABHAIR PHÁISTÍ ÉIREANN: AG CEILIÚRADH SCÉALTAÍ SAIBHRE DO PHÁISTÍ
Taispeántas den litríocht is fearr do pháistí agus do dhaoine óga. Cuirfear saothar oibre Leabhair Pháistí Éireann chun cinn agus míneofar na bealaí gur féidir leo tacú le léitheoirí óga agus a dteaghlaigh, scoileanna, leabharlanna agus siopaí leabhar.
CAINTEOIRÍ: Patricia Forde, Laureate na nÓg 2023–2026 agus Selma Ćatibušić
Arna eagrú Leabhair Pháistí Éireann i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, le tacaíocht as an bhfeachtas Love Leabhair Gaeilge
IONAD: 
Aonach an Oireachtais

12:00 - 14:00

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
'Seó an Oireachtais'
á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Edel Ní Loibhéad
Arna chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD: 
An Lobbaí, GLENEAGLE

12:30

PRÍOMHCHOMÓRTAIS DAMHSA AR AN SEAN-NÓS 
Gach Aoisghrúpa 
Beo ar TG4 
IONAD: An Stáitse Mór, Airéine GLENEAGLE 

13:00 - 15:00

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Clár raidió beo ó Oireachtas na Samha.
Arna chraoladh ar Raidió na Life 106.4 FM& www.raidionalife.ie agus Raidió Fáilte 107.1 FM & www.raidiofailte.com
IONAD: 
An Nead, An Lobbaí, GLENEAGLE

13:00

SEISIÚN EOLAIS
Aithint Cainte agus Fotheidealú. (abair.ie -> deachtú) | (fotheidil.abair.ie)
Arna eagrú ag An tSaotharlann Foghraíochta & Urlabhra, Coláiste na Tríonóide (www.abair.ie).
IONAD:
Aonach an Oireachtais

13:00

PLÉPHAINÉAL
'Ról na Gaeilge i bPríosúin sna 70í & na h80í & in Éire Nua'
CATHAOIRLEACH:
Bróna Haughey
PAINÉAL:
Eoghan Mac Cormaic & Cyril Mac Curtáin
Arna eagrú ag Sinn Féin
IONAD: Seomra na Mumhan, Óstán Brehon

13:30

AN CHÚIRT FILÍOCHTA 
Léifear cuid den nua-fhilíocht is fearr atá againn, tabharfar deis d’fhilí na tíre aithne a chur ar a chéile agus an fhilíocht a phlé.
Le tacaíocht ó Clár na Leabhar Gaeilge
IONAD:
Seomra Comhdhála, Leibhéal 1, GLENEAGLE

14:00

COMÓRTAS TRAIDISIÚNTA DO GHRÚPAÍ
COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
IONAD:
Svuít Brehon, Óstán Brehon

14:00

FORBAIRT SEIRBHÍS POIBLÍ DO PHOBAL NA GAEILGE AR OILEÁN NA hÉIREANN - DEISEANNA AGUS DÚSHLÁIN 
Tabharfaidh na Coimisinéirí Teanga, Pól Deeds agus Séamas Ó Concheanainn léargas ar an staid reatha maidir le forbairt seirbhísí poiblí do Phobal na Gaeilge, Thuaidh Theas. Seolfar spléachadh freisin ar thorthaí iniúchta atá déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga ar an bhfógraíocht a rinne comhlachtaí poiblí don bhliain 2025. Seo an tríú bliain go bhfuil torthaí na forála maidir le halt 10A in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, arna leasú, á tuairisciú.
Arna eagrú ag Coimisinéir Gaeilge Thuaisceart Éireann agus An Coimisinéir Teanga
IONAD: 
Svuít 3, Leibhéal 1, GLENEAGLE

14:30

FOCLÓIR STAIRIÚIL NA GAEILGE: I DTREO FHOCLÓIR CHUIMSITHEACH GHAEILGE DON TRÉIMHSE 1600-2000
Tá Foclóir Stairiúil na Gaeilge ag obair ar fhoclóir stairiúil a chur le chéile bunaithe ar ábhar liteartha ón tréimhse c. 1600 ar aghaidh. Tabharfaidh an foclóir léargas ar bhrí agus ar úsáid na bhfocal agus na dtéarmaí Gaeilge thar réimse leathan meán: traidisiún saibhir agus éagsúil na lámhscríbhinní in Éirinn idir an seachtú agus an naoú haois déag, úrscéalta agus tréimhseacháin an fhichiú haois, agus taifeadtaí focal labhartha chainteoirí Gaeilge na Gaeltachta. Tabharfaidh an cheardlann seo léargas ar scóip an tionscadail agus ar na féidearthachtaí atá ann do phobal na Gaeilge.
Arna eagrú ag Acadamh Ríoga na hÉireann
IONAD:
Svuít 5, Leibhéal 1, GLENEAGLE

14:30

ÉIRE & AN EORAIP - FIÚNTAS DON GHAEILGE?
Sa seisiún ceisteanna agus freagraí, déanfar plé ar an luach agus ar na deiseanna a bhaineann leis an nGaeilge in institiúidí agus i saol gairmiúil na hEorpa. Pléifidh painéal cainteoirí ról na Gaeilge san Aontas Eorpach, na deiseanna gairme atá ar fáil, agus an tábhacht atá le scileanna Gaeilge i saol oibre na hEorpa.
CATHAOIRLEACH:
Norita Ní Chartúir, Léachtóir le Cumarsáid, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Arna eagrú ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE

15:00

CRAOBH DÍOSPÓIREACHTA GAEL LINN 
Do mhic léinn tríú leibhéil 
Beidh ceithre fhoireann san iomaíocht a bheidh tar éis páirt a ghlacadh i réamhbhabhtaí cáilithe. 
Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times, Bonn Airgid an Oireachtais agus €150 an duine ar na buaiteoirí. 
Bronnfar Bonn cré-umha an Oireachtais agus €75 an duine orthu siúd a thagann sa dara háit. 
IONAD: An Bálseomra, GLENEAGLE

15:00

CRUINNIÚ PLEANÁLA LEIS AN bPOBAL LADTAIÉ+
Más duine aiteach tú, bí i láthair ag an gcruinniú seo agus cuir do thuairimí in iúl. Pléifidh muid na dúshláin atá romhainn mar phobal, na tosaíochtaí atá againn agus an fhís atá againn den todhchaí. Beidh ionadaithe ó AerachAiteachGaelach agus na Queercail éagsúla i láthair le héisteacht le mianta an phobail, le réitigh ar chuid de na dúshláin a phlé agus le labhairt faoi dheiseanna comhoibrithe agus fáis.
Arna eagrú ag AerachAiteachGaelach
IONAD: Seomra na Mumhan, Óstán Brehon

15:00

SEOLADH LEABHAIR
'Rún na Gaeilge i Saothar Mháire'
le Seán Mac Corraidh á sheoladh ag Fionntán de Brún.
Fáilte roimh chách.
Arna fhoilsiú ag Éabhlóid
IONAD:
Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE

15:00

SEISIÚN EOLAIS
Seisiún eolais ina mbeidh cur síos ar fhorbairt leagan na Mumhan den chlár fónaice Fé Mar a Déarfá! An Focal Scríte don gCainteoir Dúchais Gaelainne. Déanfar cur síos ar na háiseanna a bheidh ar fáil ag Céim 1 go luath, agus tabharfar eolas faoi na háiseanna atá beartaithe do Chéimeanna 2 agus 3.
Arna eagrú ag Breacadh
IONAD:
Svuít 4, Leibhéal 1, GLENEAGLE

16:00

SLIOCHT Léamha Próis
Léamh le Laureate don Fhicsean Éireannach, Éilís Ní Dhuibhne, Fionntán de Brún agus Ógie Ó Céilleachair
Léamh, plé agus deis labhairt leis na scríbhneoirí!
Seolfar leabhar úr 'Faraor Géar nár Cailleadh Mé' le Micheál Ó Conghaile le linn na hócáide!
Aoichainteoir
: An tOllamh Gearóid Denvir
Arna eagrú ag Cló Iar-Chonnacht 
IONAD: Seomra Comhdhála, Leibhéal 1, GLENEAGLE

16:00

CRUINNIÚ CINN BLIANA AerachAiteachGaelach
Is comharghrúpa ealaíon LADTAIÉ+ é AerachAiteachGaelach a thacaíonn le healaíontóirí a oibríonn trí mheán na Gaeilge agus a chuireann leis an ionadaíocht a dhéantar ar scéalta aiteacha in ealaíona na Gaeilge. Tiocfar le chéile ag an gCruinniú Cinn Bliana chun plé a dhéanamh ar bhuaicphointí na bliana, eolas faoi chuntais na heagraíochta a léiriú agus coiste 2027 a cheapadh.
Arna eagrú ag AerachAiteachGaelach
IONAD:
Seomra na Mumhan, Óstán Brehon

16:00

LÉACHT: Stair na Gaeilge
Sa chaint seo, déanfar plé ar thréimhsí éagsúla na Gaeilge. Labhrófar faoin teanga féin agus faoi na foinsí teanga atá tagtha anuas chugainn, ar nós clochanna oghaim agus lámhscríbhinní Gaelacha. Chomh maith leis sin, pléifear an traidisiún liteartha a bhain le gach tréimhse den teanga.
Arna eagrú ag Coláiste na Tríonóide
IONAD:
Svuít 3, Leibhéal 3, GLENEAGLE

16:30

SEOLADH LEABHAIR
'An Fharraige agus a Gúnaí'
le Ceaití Ní Bheildiúin á sheoladh ag Niamh Ní Bhaoill. Fáilte roimh chách.
Fáilte roimh chách!
Arna fhoilsiú ag Éabhlóid
IONAD:
Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE

17:00

CLUB NA FÉILE NA nÓG
Amhránaíocht, damhsa agus ceol den scoth! 
Seisiún mór siamsaíochta do na hiomaitheoirí óga ar fad a bhí rannpháirteach i gcomórtais taibhealaíon an Oireachtais agus dá gcairde.
IONAD:
Seomra Mangerton, GLENEAGLE

17:15

BAIN TRIAL AS AN gCLUICHE RÓLIMEARTHA FÍORÚIL
Faigh léargas ar an bpróiseas cinnteoireachta trínár gcluche rólimeartha fíorúiI atá suite i bParlaimint na hEorpa! Cláraigh ag seastán Pharlaimint na hEorpa i Margadh na Féile. Líon teoranta spásanna.
Arna eagrú ag Parlaimint na hEorpa, Oifig Idirchaidrimh in Éirinn
IONAD:
Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE

17:30

SEOLADH TG4
Gura fada buan TG4 -  30 bliain ag craoladh Oíche Shamhna 2026

Seolfar TG4+ agus an dara sraith de CRÁ.

TG4+
Is ionann TG4+ agus leagan nua athdheartha de Sheinnteoir TG4, trína gcuirfear eispéireas níos físiúla, níos fairsinge agus níos doimhne ar fáil ar an rogha ábhair atá ag TG4 chun freastal ar an lucht féachana Gaelach ar fud an domhain. 
Íoslódáil an Aip agus bain lán súl as ábhar TG4.

CRÁ
Seolfar an dara sraith de CRÁ , sraith dhrámaíochta 6 chuid a léiríodh i dTír Chonaill, le Dónal Ó Héalaí sa phríomhpháirt.
Cé go raibh sé ag iarraidh tosú glan as an nua, mar bhleachtaire faoi oiliúint, ní bhíonn an dara rogha ag Conall Ó Súilleabháin, ach filleadh ar Charraig na nGall. Baintear croitheadh as pobal an bhaile nuair a aimsítear corp agus caitear amhras ar Chonall féin. Agus é ar ais ar an bhfód arís, tá ceist amháin ag déanamh tinnis dó: cad a tharla i ndáiríre dá athair, Art?
Arna eagrú ag TG4
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon

17:30

FEACHTAS NÁISIÚNTA NA GAEL-OLLSCOLAÍOCHTA: Dul Chun Cinn agus Dúshláin
Beidh oifigigh AMLÉ agus léachtóirí ó Ollscoil na Gaillimhe ag caint ar an dul chun cinn atá déanta acu leis an bhfeachtas ó bhí Oireachtas na bliana seo caite ann, ag áireamh bille leis an Teachta Dála Barry Heneghan agus litir oscailte chuig an Aire Ardoideachais.
Arna eagrú ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn
IONAD:
Svuít 5, Leibhéal 1, GLENEAGLE

19:15

CORN UÍ RIADA 
Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós 
BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4
IONAD:
An Stáitse Mór, Airéine GLENEAGLE 

22:00

GAELGÁIRÍ
An t-aon chlub grinn Gaeilge ar chlár na cruinne. Bígí leis na GaelGÁIRÍ is greannmhaire sa tír do ghig mhór na bliana! Cloisfear ó Aideen McQueen, Hugh Mac Giolla Chearra agus go leor fuirseoirí iontacha eile!
IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon

22:00

CLUB NA FÉILE
Le fíor-scoth an cheoil ó Ceann Golaim
IONAD:
An Bálseomra, GLENEAGLE

22:30

CLUB AMHRÁNAÍOCHTA 
‘Casadh an tSúgáin’
á chur i láthair ag Máirín Uí Chéide 
IONAD:
Seomra Mangerton, GLENEAGLE

23:00

CLUB NA FÉILE 
Le fíor-scoth an cheoil ó Pólca 4 
IONAD: An Stáitse Mór, Airéine GLENEAGLE