|
09:30
|
AITHRISEOIREACHT (A) Iomaitheoirí atá idir 3-4 bliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
|
09:30
|
AGALLAMH BEIRTE (A) Iomaitheoirí atá faoi 9 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon
|
|
09:30
|
LÚIBÍNÍ (A) Iomaitheoirí atá faoi 10 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE
|
| 10:00 |
AGALLAMH BEIRTE (D) Iomaitheoirí atá 12 bhliain d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: An Bálseomra, GLENEAGLE
|
| 10:00 |
SCÉALAÍOCHT (A) Iomaitheoirí atá faoi 8 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
| 10:00 |
AITHRISEOIREACHT (B) Iomaitheoirí atá 5 bliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
| 10:00 - 13:00 |
Cruinniú Cinn Bhliana an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga Is fóram neamhspleách daonlathach í an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga fréamhaithe sna pobail phleanála teanga. Is teacht le chéile é seo d'Oifigigh Pleanála Teanga agus d'Oifigigh Forbartha Gaeilge atá ag obair leis an bpleanáil teanga. Fáilte rompu siúd ag obair i Limistéirí Pleanála Teanga Gaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta, Líonraí Gaeilge agus Scéimeanna Forbartha Líonraí Gaeilge. Déanfar cur is cúiteamh ar éilimh na Meithle agus dul chun cinn na gluaiseachta. Beidh rólanna ar an nGrúpa Oibre le toghadh chomh maith.
Arna eagrú ag Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga IONAD: Svuít 5, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
|
10:00 - 17:00
|
AN SEOMRA TEAGHLAIGH Beidh cúinne spraoi ina mbeidh bréagáin do leanaí óga ann chomh maith le sraith imeachtaí éagsúla. Beidh cluichí boird, ábhar ealaíne, leabhair agus eile do gach aoisghrúpa ar fáil chomh maith. Arna eagrú ag Glór na nGael IONAD: An tIonad Fóillíochta
|
|
10:30
|
AGALLAMH BEIRTE (B) Iomaitheoirí atá 10 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon
|
|
10:30
|
LÚIBÍNÍ (B) Iomaitheoirí atá 11 & 12 bliain d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE
|
|
10:30
|
FIDIL (A) Iomaitheoirí atá faoi 9 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Plaza
|
|
10:30
|
AN FHEADÓG STÁIN (A) Iomaitheoirí atá faoi 10 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue
|
|
10:45
|
SCÉALAÍOCHT (B) Iomaitheoirí atá 9 & 10 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
|
11:00
|
AITHRISEOIREACHT (C) Iomaitheoirí atá 6 bliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
|
11:15
|
AN FHEADÓG STÁIN (B) Iomaitheoirí atá 11 & 12 bhliain d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue
|
|
11:30
|
LÚIBÍNÍ (C) Iomaitheoirí atá idir 14-16 bliain d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE
|
|
11:30
|
FIDIL (B) Iomaitheoirí atá 10-13 bliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Plaza
|
|
11:30
|
AGALLAMH BEIRTE (E) Iomaitheoirí atá 13-16 bliain d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: An Bálseomra, GLENEAGLE
|
|
11:45
|
AITHRISEOIREACHT (D) Iomaitheoirí atá 7 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
|
11:45
|
SCÉALAÍOCHT (C) Iomaitheoirí atá 11-13 bhliain d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
|
11:45
|
AGALLAMH BEIRTE (C) Iomaitheoirí atá 11 bhliain d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon
|
|
12:00
|
AN FHEADÓG STÁIN (C) Iomaitheoirí atá 13 & 14 bhliain d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue
|
|
12:00
|
AONACH AN OIREACHTAIS 2026 Doirse oscailte! IONAD: Aonach an Oireachtais
|
|
12:30
|
FIDIL (C) Iomaitheoirí atá 14-17 bliain d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít McShain, Óstán Killarney Plaza
|
|
12:45
|
AITHRISEOIREACHT (E) Iomaitheoirí atá 8 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
|
12:45
|
AN FHEADÓG STÁIN (D) Iomaitheoirí atá idir 15-17 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue
|
|
13:30
|
SCÉALAÍOCHT (D) Iomaitheoirí atá 14-17 bhliain d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
|
13:30
|
LÉACHT: Canúintí Mhaigh Eo
Cur i láthair ar 'Canúintí Mhaigh Eo' le Darren Ó Riagáin.
Beidh Seisiún ceol traidisiúnta le ceoltóirí agus amhránaí Mhaigh Eo i ndiaidh na hócáide seo.
Arna eagrú ag Gaeilge Iorrais i gcomhar le Pobal Gaeilg’ Acla IONAD: Svuít 3, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
|
13:45
|
AITHRISEOIREACHT (F) Iomaitheoirí atá 9-10 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
|
14:00
|
AGALLAMH BEIRTE COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA Beo ón Oireachtas ar www.tg4.ie IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE
|
|
14:00
|
CEOL BEIRTE (A) Iomaitheoirí atá 8-11 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue
|
|
14:00
|
AONACH AN OIREACHTAIS Is é An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. a sheolfaidh Aonach an Oireachtais 2026 go hoifigiúil. Beidh scoth an cheoil le cloisteáil ón 12:00 ar aghaidh. IONAD: Aonach an Oireachtais
|
|
14:30
|
RAPCHEOL Iomaitheoirí atá faoi 10 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít 2, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
|
14:45
|
CEOL BEIRTE (B) Iomaitheoirí atá 12-14 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue
|
|
15:00
|
AITHRISEOIREACHT (G) Iomaitheoirí atá 11-12 bhliain d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
|
15:00
|
SEISIÚN EOLAIS ‘Rochtain & Geabair’ (AAC don Ghaeilge ag abair.ie/geabaire) Arna eagrú ag An tSaotharlann Foghraíochta & Urlabhra, Coláiste na Tríonóide (www.abair.ie) IONAD: Aonach an Oireachtais
|
|
15:00
|
SEOLADH PLEAN STRAITÉISEACH 2026–2030 ÚDARÁS NA GAELTACHTA Céad bliain ó leagadh síos teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta den chéad uair, tá Údarás na Gaeltachta ag tabhairt aghaidh ar an gcéad chaibidil eile. Seolfaidh An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. an plean nua, ina leagtar amach príomhspriocanna an Údaráis go dtí 2030. Buail isteach chun bualadh le foireann an Údaráis agus chun níos mó a fhoghlaim faoin bplean. Fáilte roimh chách! Arna eagrú ag Údarás na Gaeltachta IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon
|
|
15:30
|
CEOL BEIRTE (C) Iomaitheoirí atá 15-17 mbliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít Avenue, Óstán Killarney Avenue
|
|
15:30
|
PODCHRAOLADH: SEACHTAIN BEO AG OIREACHTAS NA SAMHNA! Buail isteach chun plé bríomhar a chloisteáil ar na scéalta agus na ceisteanna is mó atá ag déanamh ceannlínte faoi láthair. Beidh Áine Ní Bhreisleáin i mbun cainte, in éineacht le haíonna speisialta agus painéal saineolaithe. Fáilte roimh chách! IONAD: An Nead, An Lobbaí, GLENEAGLE
|
|
16:00
|
SCEITSE COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA Beo ón Oireachtas ar www.tg4.ie IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE
|
|
16:00
|
SEOLADH LEABHAIR Beidh 3 leabhar á seoladh ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary. Is iad na leabhair a bheidh á seoladh ná: Siobhán Cheanndána, cnuasach filíochta le Gabriel Rosenstock a mhaisigh Joe McLaren; Thuas Staighre, Thíos Staighre, pictiúrleabhar nua le Claire Marie Dunne agus é maisithe ag Anita Foley; & Julian an Mhaighdean Mhara aistriúchán le Shanna Ní Rabhartaigh & Gillian Nic Ionmhain ar shaothar cáiliúil Jessica Love. Arna fhoilsiú ag An Gúm IONAD: Svuít 5, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
|
16:00
|
AITHRISEOIREACHT (H) Iomaitheoirí atá 13-14 bliana d'aois ar Lá Samhna 2026 IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
|
16:00
|
SEISIÚN EOLAIS 'Taighde Náisiúnta ar an nGaeilge ag an Tríú Leibhéal' Tá géarghá le tuilleadh cúrsaí ollscoile agus breisoideachais trí mheán na Gaeilge. Tá foireann taighde in Ollscoil na Gaillimhe i mbun an togra Taighde Náisiúnta ar an nGaeilge ag an Tríú Leibhéal atá ag breathnú ar bhealaí le cur leis an soláthar reatha cúrsaí trí Ghaeilge, i réimse leathan ábhar agus in institiúidí ar fud an oileáin. Sa seisiún eolais seo, pléifear aidhmeanna agus torthaí an tionscadail, agus an chaoi ar féidir leatsa do chion a dhéanamh ar son na teanga trí pháirt a ghlacadh sa taighde. Beidh an seisiún idirghníomhach - tabhair leat do hata thráth na gceist, seans go mbéarfaidh tú duais leat! Cainteoirí: Chris McCann & Ciara Egan Arna eagrú ag Ollscoil na Gaillimhe IONAD: Aonach an Oireachtais
|
|
17:00
|
SEOLADH LEABHAIR 'Ní hIonann Spéir' le Evelyn Conlon agus aistrithe ag Máire Nic Mhaoláin á sheoladh ag Vivian Uíbh Eachach Arna fhoilsiú ag An Timire, Foilseachán Ábhar Spioradálta IONAD: Aonach an Oireachtais
|
|
17:00
|
SEOLADH Gearrfhíseáin ar Réimse na Pleanála Teanga á sheoladh ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. Beidh sraith úr de ghearrfhíseáin úrdheanta ar obair na pleanála teanga le taispeáint ag an ócáid seo. Sa dara sraith d’fhíseáin ardaithe feasachta ó Fhoras na Gaeilge, tugtar léargas ar scoth na hoibre atá ar siúl an iarraidh seo sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta siúd a leanas: An Clochlán, Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidhbhín agus Trá Lí. Arna eagrú ag Foras na Gaeilge IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon
|
|
18:00
|
DREAS CAINTE COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA IONAD: Svuít 1, Leibhéal 1, GLENEAGLE
|
|
18:00
|
POP-UP GRÉASÁN & DÍOSPÓIREACHT Tobsheisiún gréasánaíochta & díospóireachta i gcomhluadar do chomhghleacaithe san earnáil phoiblí atá ag freastal ar an bhféile. ÓSTACH: John Prendergast IONAD: Aonach an Oireachtais
|
|
18:00
|
STEM as Gaeilge Cas le daoine atá ag obair i réimsí éagsúla STEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Mata, agus ábhair gaolmhara), agus pléigh na dúshláin, na deiseanna, agus an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge a úsáid sna réimsí sin. Baineann an STEM linn ar fad - smaoinigh ar chúrsaí leighis, athrú aeráide, an intleacht shaorga, srl. Is teanga bheo í an Ghaeilge, agus ba cheart go mbeadh dioscúrsa ar gach uile gné den saol sa lá atá inniu ann inti. Pléifear freisin na féidearthachtaí STEM trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal, agus na hiarrachtaí atá ar bun chun na féidearthachtaí sin a fhorbairt. Arna eagrú ag Ollscoil na Gaillimhe IONAD: Svuít 3, Leibhéal 1, Airéine GLENEAGLE
|
|
18:30
|
ÓCÁID RÉAMHPHOIBLÍOCHTA: DRÁMAÍOCHT NA GAEILGE 2027 COMHDHÁIL DRÁMAÍOCHTA 19-20 Feabhra 2027 Beidh An tOireachtas i gcomhar le hOllscoil Notre Dame agus le tacaíocht ó Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc ag eagrú COMHDHÁIL DRÁMAÍOCHTA an bhliain seo chugainn, i nGaillimh. Tabharfaidh an Dr. Brian Ó Conchubhair, Ollscoil Notre Dame, agus Alan Esslemont, An Taibhdhearc, spléachadh ar imeachtaí na comhdhála agus beidh deis ag daoine clárú i rith na féile. COMÓRTAS NUA Fógrófar sonraí an chomórtais nua, Dráma Ilghníomh, faoi urraíocht ag Ollscoil Notre Dame a bheidh ar Chlár na gComórtas Liteartha 2027. FÉILE NÁISIÚNTA DRÁMAÍOCHTA 18-21 Márta 2027 Déanfar comóradh ar an gcéad Fhéile Náisiúnta Drámaíochta a reáchtáladh 80 bliain ó shin ag Oireachtas 1947 le taispeántas agus imeachtaí eile. CATALÓG SCRIPTEANNA Eiseofar catalóg de na scripteanna drámaí atá ar fáil ó Chartlann an Oireachtais. LÉAMH DRÁMATÚIL ar an úrscéal le Micheál Ó Conghaile, ‘Ar Thóir Bhríd Ní Mháille’. Tá an saothar bunaithe ar shaol Bhríd, an té a chum Amhrán an Bháthadh agus Amhrán South Boston. Taibhléiriú ealaíonta ó na haisteoirí, Bridie Ní Churraoin agus Caitlín Ní Chualáin, faoi stiúir chumasach Eoghan Uí Riada. IONAD: Svuít Brehon, Óstán Brehon
|
|
18:30
|
DIOSCÓ GAELACH NA SAMHNA Spórt, spraoi agus diabhlaíocht le Pádraig agus Aoife (oiriúnach do gach aoisghrúpa). Caith culaith bhréige i gcomhair na Samhna! Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta IONAD: Seomra Mangerton, GLENEAGLE
|
|
19:00
|
SEAN-NÓS NA mBAN COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus www.tg4.ie IONAD: An Stáitse Mór, Airéine GLENEAGLE
|
|
19:30
|
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS 7LÁ arna chraoladh beo ar TG4 Láithreoir: Máirín Ní Ghadhra IONAD: An Bálseomra, GLENEAGLE
|
|
22:00
|
CLUB NA FÉILE Le scoth an cheoil ó Ceann Golaim IONAD: An Bálseomra, GLENEAGLE
|