Táimid ag glacadh le hiontrálacha do na Comórtais Liteartha 2026 anois! Tríocha a haon (31) comórtas atá ar chlár na bliana seo – seacht déag (17) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus ceithre déag (14) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist ar an siollabas comórtais, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, prós, filíocht, iriseoireacht, greannán, drámaíocht agus eile. Tá comórtais do scríbhneoirí óga briste síos ina trí chuid - bunscoil; meánscoil & coláistí tríú leibhéil. Mar aon leis na comórtais greannáin do dhaltaí bunscoile, tá comórtais próis, iriseoireachta, ficsin agus filíochta ann do dhaltaí meánscoile agus do mhic léinn fochéime.
Tá an fhoirm iontrála ar fáil ANSEO!
Tá na Comórtais Liteartha mar chuid lárnach d'obair an Oireachtais ó bunaíodh é in 1897 agus é mar aidhm acu: deiseanna a chur ar fáil don ghréasán scríbhneoirí Gaeilge ar fud an domhan; litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn; agus scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn. Cuirtear duaischiste ar fáil do gach comórtas agus níos tábhachtaí fós, cuireann an painéal moltóirí aiseolas luachmhar ar fáil do gach scríbhneoir ar a gcuid saothar – aiseolas a chabhraíonn le forbairt, bláthú agus scileanna scríbhneoireachta na scríbhneoirí.
Is féidir iarratas a chur isteach ar líne ag an nasc thíos nó is féidir cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais 2026, Páirc Ghnó Chasla, Casla, Co. na Gaillimhe, H91 XP6E.
SPRIOCDHÁTA IONTRÁLA: 1 Iúil 2026
Fógrófar na buaiteoirí Dé Céadaoin, 28 Deireadh Fómhair 2026 le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne, Co. Chiarraí.
Is féidir éisteacht le rogha Bhuaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais thar na mblianta ar ár bpodchraoladh, Seoda ón Taisce Liteartha, anseo!
RÉAMHFHÓGRAÍ DO 2027
Beidh na comórtais thíos ar chlár na gComórtas Liteartha an bhliain seo chugainn:
Úrscéal – Ficsean Liteartha
An Chéad Duais: €3,000; An Dara Duais: €1,000
Úrscéal dúshlánach, corraitheach, taitneamhach a bheidh dírithe ar léitheoirí a bhfuil suim acu sa ghné seo de litríocht na Gaeilge agus sa nuascríbhneoireacht phróis ach go háirithe.
Ficsean liteartha nó stairiúil leis an mbéim ar théamaí agus ar thopaicí suimiúla, tráthúla is mó a theastaíonn. Ní mór go mbeadh stíl nádúrtha, bheomhar, sholéite chun tosaigh sna hiarrachtaí mar aon le ceardaíocht shnasta, oilte, chríochnúil.
Ábhar Léitheoireachta do Fhoghlaimeoir Fásta
Sathaor do dhaoine fásta a bhfuil bunlíofacht bainte amach acu atá i gceist
An Chéad Duais: €2,000; An Dara Duais: €750
Glacfar le saothar i gceann ar bith de na catagóirí seo a leanas:
Ábhar nuachumtha;
Aistriúchán ó theanga eile ar bith seachas an Béarla; nó
Athinsint ar sheanscéal nó ar scéal béaloidis
Ábhar inspéise ag duine fásta ach úsáid bainte as reacaireacht a d’fheilfeadh d’aois litearthachta déagóra óig. Ní mór don scríbhneoir aghaidh a thabhairt ar ábhar a gcuirfeadh léitheoir fásta suim ann. Ní mór gluais ar bun nó ar imeall na leathanach agus na nótaí gluaise ar fad a bheith tugtha le chéile mar fhoclóirín ag deireadh an leabhair.



 (1).png)





.gif)

.png)






.png)
