Avatar

Cara Jane Nic Giolla Comhail

Réalta Óg na Bliana || Gradaim Chumarsáide || An tOireachtas

Is as an Charraig Mhór i gContae Thír Eoghain í ó dhúchas do Cara Jane agus tá sí ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath ó 2019. 

Is clár reachtaire í le Raidió na Life don chlár laethúil nuachta agus cúrsaí reatha Eadra. Thosaigh sí ag obair le Raidió na Life i mí Eanáir 2025. Bíonn sí ag díriú ar scéalta i mBaile Átha Cliath agus ar fud fad na tíre, ach go háirithe ar scéalta atá tábhachtach do phobal na Gaeilge. Cruthaíonn sí réimse ábhar idir míreanna raidió agus meáin sóisialta. 

Tá Cara Jane an-ghníomhach le blianta anuas le roinnt gnéithe de shaol na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus í ina hiarrchathaoirleach ar Chlub Chonradh na Gaeilge agus mar bhall de Chraobh 1916. Bíonn sí ag plé le healaín agus dearadh grafach taobh amuigh dá cuid oibre le Raidió na Life agus ealaín agus póstaeir cruthaithe aici dá leithéid James Shannon, IMLÉ, Cúán de Búrca ⁊  hHH, The Gladstone Band, Club Chonradh na Gaeilge, Craobh 1916, Aerach Aiteach Gaelach agus tuilleadh nach iad.