Is as Tuaim i gContae na Gaillimhe é Conor. Bhain sé bunchéim i gCumarsáid agus Gaeilge amach in Ollscoil na Gaillimhe agus rinne sé Máistreacht san ollscoil chéanna ansin i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin. Bronnadh Duais RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Meáin air as an marc is airde a bhaint amach ina rang sa Mháistreacht. Bhí a thaighde dírithe ar éifeachtacht na hiriseoireachta soghluaiste i gcraoltóireacht na Gaeilge.
Tá taithí aige le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Nuacht RTÉ/TG4, Galway Bay FM agus Flirt FM, agus bhí sé páirteach i bhfoireann léiriúcháin TG4 le linn Tour de France agus Tour de Femmes i 2025.
Le bliain anuas, d’oibrigh sé mar Thuairisceoir Chúige Mumhan ar Nuacht Cúla4. Bhí sé lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus chlúdaigh sé scéalta ar fud na Mumhan, chomh maith le roinnt scéalta i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Bhí sé freagrach as scéalta a aimsiú, agallaimh a dhéanamh, scripteanna a scríobh agus a thaifead, agus bhí deis aige Nuacht Cúla4 a chur i láthair sa stiúideo anois ‘is arís chomh maith.
I mí Mheán Fómhair 2026, thosaigh Conor a ról úr mar Iriseoir Ilmheán le TG4, ag obair ar nuacht agus cúrsaí reatha don tseirbhís dhigiteach nua a bheidh á seoladh roimh dheireadh na bliana.


