Is as An Lorgain, i gContae Ard Mhacha do James Mac Éinrí. Bhain sé céim onóracha amach sa Ghaeilge le Ríomhaireacht in Ollscoil Uladh agus Máistreacht i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin in Ollscoil na Gaillimhe. Mar chuid dá Mháistreacht, chruthaigh sé podchraoladh a rinne iniúchadh ar úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta i measc daoine óga.
Tá taithí leathan aige sna meáin Ghaeilge. Chaith sé seal ag obair le RTÉ Gaeilge agus le Nuacht TG4, agus bhí sé le cloisteáil go rialta ar an bpainéal Pé Scéal É ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ghlac sé páirt i gCúrsa Láithreoirí TG4 agus d’oibrigh sé ar ábhar digiteach agus agallaimh ag an Celtic Media Festival.
Anois, is tuairisceoir é James le Nuacht Cúla4, áit a mbíonn sé ag tuairisciú ar scéalta nuachta ar fud Chúige Laighean do lucht féachana óg.
Lasmuigh dá chuid oibre sna meáin, tá James gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge i measc daoine óga, go háirithe trí imeachtaí sóisialta agus spóirt a reáchtáil.


