Avatar

Laura Ní Aoidhne

Réalta Óg na Bliana || Gradaim Chumarsáide || An tOireachtas

Is gníomhaí, aisteoir, iriseoir, láithreoir agus comhairleoir mheán shóisialta ildánach í Laura Ní Aoidhne, a bhfuil a lorg á dhéanamh aici i saol na meán Gaeilge agus níos faide i gcéin. 

Ó 2024, tá Laura le feiceáil mar Penny Fallon sa tsraith cháiliúil ar TG4 Ros na Rún. Tá taithí leathan aisteoireachta aici freisin i ngearrscannáin agus i sraitheanna drámaíochta eile, agus í tiomanta dá ceird. 

Tá Laura gníomhach le Women’s Aid ó 2024, ag baint leas as na meáin chun feachtais na heagraíochta a chur chun cinn. Tá réimse imeachtaí eagraithe aici, idir dhreapadóireacht, Pop-Up Gaeltacht agus imeachtaí tiomsaithe airgid, agus na mílte euro bailithe aici. Oibríonn sí freisin leis an Ionad Hind Rajab sa Phalaistín, ag tacú lena gcuid oibre le páistí in Al Mawasi, Khan Younis. 

Le dhá bhliain anuas, tá Laura ag obair mar thuairisceoir le The Irish News, ag cruthú ábhar físe seachtainiúla agus ag scríobh an cholúin dhátheangaigh The Bluffer. Oibríonn sí go gairmiúil mar chomhairleoir mheán shóisialta freisin. 

Chuir sí tús lena haistear láithreoireachta le BLOC i 2024 agus í ar intéirneacht le TG4. Tá sí ina láithreoir ar Téacs Taistil freisin, ina Bean an Tí ag imeachtaí Too Into You de chuid Women’s Aid, agus ina meantóir le Gníomhaí Gaeilge.