Ó Iarthar Chorcaigh go hIarthar Bhéal Feirste, thosaigh MaryClaire a haistear sna meáin le Scéim na nIontrálaithe Nua de chuid an CCG, agus laistigh de bhliain bhí sí ag feidhmiú mar phríomh-irischraoltóir nuachta Raidió Fáilte. Mar chuid den scéim, d’oibrigh sí le BBC Gaeilge mar léiritheoir cúnta ar Blas agus ní raibh ach an t-am sin de dhíth uirthi lena muinín a thógáil go raibh sí réidh le tabhairt faoin i bhfad níos mó oibre.
Thapaigh MaryClaire an deis i Raidió Fáilte triail a bhaint as gach gné den chraoltóireacht agus go han-ghasta, chuir pobal na Gaeilge i mBéal Feirste, agus ar fud na tíre, aithne mhaith uirthi agus ar a guth. Cluintear í ar na cláir nuachta laethúla, Moch ar Maidin agus Ó Nóin go Lón ag tuairisciú nó i mbun agallaimh, nó amuigh ag na craoltaí seachtracha mar shampla, Oireachtas na Samhna, Fleadh Cheoil na hÉireann agus de réir.
Mar thoradh ar an obair seo ar fad, tá cuireadh faighte ag MaryClaire cur leis na meáin idir chraolta agus chlóite: Aniar Aduaidh (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Blas BBC Gaeilge, Raidió na Life; Seachtain (Irish Independent), An Páipéar agus Nós.


