Réalta Óg na Bliana 2025

Gradaim Chumarsáide || An tOireachtas

Is cúigear atá ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo. Is iad sin Katelyn Hayes (Nuacht Cúla4), Róise Ní Mhurchú (BBC Raidió Uladh), Joe Mac Aoidh (Nuacht TG4, Nuacht Cúla4 & 7 Lá), Máire Ní Churraoin (TG4 & ardáin ilmheáin) & Rhiann Flemming (Nuacht TG4 & Nuacht Cúla4). Is í Aisling Ní Dhonnabháin (Raidió Rí-Rá) a bhuaigh Réalta Óg na Bliana 2024.

Is ar bhonn vóta poiblí a bhronnfar gradam Réalta Óg na Bliana. Beidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh dá rogha féin den seisear trí théacs a sheoladh. Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 28 Deireadh Fómhair 2025. Is iad Púca urra an ghradaim seo.

Chun vóta a chaitheamh, téacsáil an focal GRADAM agus UIMHIR an té a dteastaíonn uait vóta a chaitheamh di/dó chuig:

51500 ó Phoblacht na hÉireann, ó thuaisceart na hÉireann nó ón mBreatain Mhór

Mar shampla, chun vótáil do:
Katelyn Hayes téacsáil GRADAM1
Róise Ní Mhurchú téacsáil GRADAM2
Joe Mac Aoidh téacsáil GRADAM3
Máire Ní Churraoin téacsáil GRADAM4
 Rhiann Flemming téacsáil GRADAM5

Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm. D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag braith ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 28 Deireadh Fómhair 2025.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.
Soláthraí Seirbhíse: Púca.

Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana ag Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025 le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i Halla na Cathrach, Béal Feirste Dé Céadaoin, 29 Deireadh Fómhair 2025. Beidh an searmanas bronnta á sruthú beo ar líne ag www.tg4.ie