Is as an Luinnigh i nGaoth Dobhair do Joe. Thosaigh sé ar intéirneacht le RTÉ i mí na Bealtaine 2023. Chaith sé trí mhí ag obair le Nuacht TG4 agus trí mhí eile ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an chlár ‘Barrscéalta’. Fuair sé an deis pacáistí nuachta a dhéanamh ar thopaicí agus scéalta éagsúla a bhí craolta ar Nuacht TG4 agus ar RTÉ agus chuir sé míreanna agus agallaimh le chéile do Barrscéalta chomh maith.
I mí Eanáir 2024 thosaigh Joe ar ról úr agus é ina láithreoir agus tuairisceoir le Nuacht Cúla4. Chaith sé cuid mhór ama ar an bhóthar ag cruinniú scéalta ar fud na tíre, agus ag clúdach scéalta náisiúnta i ndóigh a bheadh oiriúnach do dhaoine óga. I mí na Samhna 2024, chlúdaigh sé an t-olltoghchán do TG4 i nDáilcheantar Laois.
Bhí an deis ag Joe láithreoireacht a dhéanamh ar ‘Scoth Sacar’ ar Foghlaim TG4, clár a léiríonn cleachtaí sacar éagsúla d’imreoirí óga.
D’fhág Joe Nuacht Cúla4 i mí Feabhra 2025, agus thosaigh sé ar ról leis an chlár 7LÁ ar TG4 mar iriseoir físe. Rinne sé tuairiscí ar: an scéim ACRES; an Glas Triarach; figiúirí fostaíochta sa Ghaeltacht; agus múinteoirí neamhcháilithe; i measc go leor scéalta tábhachtacha eile. Scríobh Joe ailt do Nuacht TG4 & RTÉ le linn natréimhse seo fosta.
Tá céim sa dlí bainte amach ag Joe ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste, agus faoi láthair tá sé i mbun staidéar ar mháistreacht i nGaeilge agus Dlí na hEorpa i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.
CHUN VÓTA A CHAITHEAMH DO: JOE MAC AOIDH
seol GRADAM3 chuig 51500
ó Phoblacht na hÉireann, ó thuaisceart na hÉireann nó ón mBreatain Mhór.
Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm.
D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag brath ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 28 Deireadh Fómhair 2025.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.
Soláthraí Seirbhíse: Púca.


