Is as Carraig Chiarraí in iarthar Luimnigh do Katelyn. Is eagarthóir agus láithreoir nuachta í, atá ag obair in earnáil na teilifíse le dhá bhliain anuas.
Bhain Katelyn máistreacht amach sna meáin ó Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 2023, agus bronnadh Duais RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Meáin uirthi nuair a fuair sí an marc is airde ina rang. Le linn na máistreachta, bhí deis ag Katelyn mí a chaitheamh i mBaile Átha Cliath ag foghlaim faoi chúrsaí teilifíse le Rannóg na gClár Gaeilge in RTÉ.
Tá Katelyn ag obair le Nuacht Cúla4 le breis agus bliain anuas. Bhí sí lonnaithe i mBaile Átha Cliath anuraidh agus í ag clúdach scéalta i gCúige Laighean. Thaitin an post go mór le Katelyn, agus deis aici labhairt le daoine óga na tíre faoi scéalta nuachta áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. I mbliana, tá Katelyn lonnaithe i mBaile na hAbhann agus í ina heagarthóir agus ina láithreoir ar Nuacht Cúla4.
Bhí ról tábhachtach ag Katelyn le clúdach cuimsitheach TG4 ar thorthaí an olltoghcháin anuraidh, agus í ag tuairisciú beo ón ionad comhairimh i gCill Chainnigh ar Vóta 2024.
CHUN VÓTA A CHAITHEAMH DO: KATELYN HAYES
seol GRADAM1 chuig 51500
ó Phoblacht na hÉireann, ó thuaisceart na hÉireann nó ón mBreatain Mhór.
Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm.
D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag brath ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 28 Deireadh Fómhair 20245.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.
Soláthraí Seirbhíse: Púca.


