Tá clú agus cáil bainte amach ag Máire Ní Churraoin mar chruthaitheoir ábhar Gaeilge ar na meáin shóisialta le blianta beaga anuas. Tá os cionn 190 míle leantóir aici ar TikTok, Instagram & Facebook agus bíonn na milliúin duine ag breathnú ar a cuid físeán. Cuireann Máire an Ghaeilge chun cinn go gealgháireach agus í ag gabháil fhoinn agus ag spaisteoireacht léi ar fud an domhain mhóir.
Rugadh agus tógadh an tionchaire, i nGaeltacht Ráth Chairn glas gréine na Mí le grá mór don Ghaeilge. Luaitear agus moltar a cuid oibre ar na meáin go rialta; Nationwide RTÉ, The Independent, RTÉ.ie, Newstalk & VIP Magazine.
Agus í ina tionchaire, oibríonn sí le brandaí móra trí mheán na Gaeilge amháin. Thug Máire léacht in Oxford ar a cuid oibre ar na meáin ar son na Gaeilge agus ar shaol na Gaeltachta sa bhliain 2024.
Is amhránaí ar an sean-nós í Máire sna bannaí ceoil ‘An Chéad Ghlúin Eile’, ‘Bláth na hÓige’ agus ‘Aibhse’. Reáchtálann sí ceardlanna amhránaíochta ar fud fad na tíre. Is láithreoir teilifíse í ar ‘Teach Spraoi’ agus ‘Siar Linn’ ar Cúla4. Is iomaí scoláireacht, duais agus gradam a bronnadh ar Mháire mar thaighdeoir ealaíonta Gaeilge atá i mbun dochtúireachta faoi láthair ar ghlór na mban sa traidisiún béil.
CHUN VÓTA A CHAITHEAMH DO: MÁIRE NÍ CHURRAOIN
seol GRADAM4 chuig 51500
ó Phoblacht na hÉireann, ó thuaisceart na hÉireann nó ón mBreatain Mhór.
Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm.
D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag brath ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 28 Deireadh Fómhair 2025.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.
Soláthraí Seirbhíse: Púca.


