Avatar

Rhiann Flemming

Réalta Óg na Bliana || Gradaim Chumarsáide || An tOireachtas

Is as Baile Shéamais Dhuibh, Co. an Chabháin do Rhiann. Bhog sí go Gaillimh i ndiaidh na scoile, áit inar bhain sí céim amach i nGaeilge agus Léann an Aistriúcháin. Níor tógadh le Gaeilge í ach chaith sí tréimhse ag staidéar ar an gCeathrú Rua mar chuid dá cúrsa ollscoile, áit inar cuireadh faoi dhraíocht na teanga í. 

Is léiritheoir teilifíse, láithreoir agus aistritheoir í Rhiann. Thosaigh sí ag obair le Fíbín Media agus í ina comhairleoir teanga sa bhliain 2021 agus d'oibrigh sí ar réimse leathan cláir. Bhí róil aisteoireachta aici i roinnt cláir chomh maith, ‘An Triail’ agus ‘Simon Says’ ina measc.  

Sa bhliain 2022, thosaigh Rhiann ag léiriú cláir do Cúla4: Anfa; Pramsáil; Cois Cladaigh; agus míreanna leanúnachais ina measc. Ceapadh ina léiritheoir agus ina heagarthóir ar Nuacht Cúla4 í i 2024, agus d'eascair roinnt deiseanna as an ról nua. Chlúdaigh sí an t-olltoghchán i Loch Garman i mí na Samhna, beo ar TG4. Chuir sí pacáiste nuachta le chéile i mBaile Dhaidí na Nollag sa Laplainn, a cuireadh amach ar Nuacht Cúla4 agus ar Nuacht TG4.   

Faoi láthair, tá Rhiann ina láithreoir ar an tríú sraith de Nuacht Cúla4 agus í ag léiriú cláir eile le Fíbín Media. 

 

CHUN VÓTA A CHAITHEAMH DO: RHIANN FLEMMING

seol GRADAM5 chuig 51500 

ó Phoblacht na hÉireann, ó thuaisceart na hÉireann nó ón mBreatain Mhór.

Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm. 

D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag brath ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 28 Deireadh Fómhair 2025.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.

Soláthraí Seirbhíse: Púca.