Avatar

Róise Ní Mhurchú

Réalta Óg na Bliana || Gradaim Chumarsáide || An tOireachtas

Is as an Chúil Mhór i gContae Dhoire do Róise ach tá nasc saolbhunaithe aici le Gaeltacht Tír Chonaill inar chaith sí bunús a hóige. Tá neart taithí aici sna meáin: ag seinm ceoil, ag amhránaíocht agus ag dul faoi agallamh ar raidió agus ar theilifís le TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte, Raidió Rí-Rá, BLOC TG4 agus an BBC. 

Le linn an tsamhraidh, bhí Róise ina láithreoir leis an BBC ar an chlár raidió ‘Blas Ceoil’. Bhain sí idir shult agus shásamh as an sráith, i gcuideachta a hathar, Marcas Ó Murchú, agus iad ag léiriú an leanúnachais traidisiúin anseo in Éirinn agus leis na Gaeil thar sáile fosta. 

Tá suim faoi leith ag Róise san amhránaíocht ar an sean-nós. Bíonn sí ag teagasc amhránaíochta agus ag caomhnú an traidisiúin fud fad Chúige Uladh, go háirithe i mBéal Feirste, áit ina bhfuil sí ina hiníon léinn i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, sa chúrsa tumoideachais. Le bliain anuas, bhí Róise páirteach sa togra:  'Amhráin ar Scoil' inar thaifead sí 10 n-amhrán le teaghlach s'aici i stiúideo Raidió Fáilte. A bhuíochas leis an togra seo, tá 50 amhrán Gaeilge ar fad le fáil ar fud na cruinne ar YouTube. 

 

CHUN VÓTA A CHAITHEAMH DO: RÓISE NÍ MHURCHÚ

seol GRADAM2 chuig 51500 

ó Phoblacht na hÉireann, ó thuaisceart na hÉireann nó ón mBreatain Mhór.

Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm. 

D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag brath ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 28 Deireadh Fómhair 2025.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.

Soláthraí Seirbhíse: Púca.