D’fhógair An tOireachtas inniu, (Déardaoin, 26 Deireadh Fómhair 2017) go mbeidh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais na bliana seo á bhronnadh ar Séamus Mac Géidigh a bhí ina Bhainisteoir Réigiúin de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDún na nGall go dtí gur bhásaigh sé go tobann anuraidh. Seo é an chéad uair ag An Oireachtas gradam iarbháis a bhronnadh agus is í bean chéile Shéamuis, Dolores Mhic Géidigh, a bheidh ag glacadh leis an nGradam thar a cheann ag an Searmanas Bronnta a bheidh ar siúl san INEC, i gCill Airne, Co. Chiarraí, Dé Céadaoin seo chugainn, 1 Samhain 2017.
“Ní raibh sárú ar Shéamus Mac Géidigh mar chraoltóir ná mar iriseoir”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Bhí sé cumasach i mbun a cheirde, eiticiúil ina chur chuige agus cineálta, macánta, fearúil mar dhuine. Ní fhéadfaí labhairt ar Shéamus ar ndóigh gan a phaisean don spórt agus do chluichí an Chumainn Lúthchleas Gael a lua, paisean nár tháinig trasna riamh ar a ghairmiúlacht ina chuid tráchtaireachta. Ba onóir a bheith ag obair leis ar Oireachtais éagsúla thar na mblianta.”
Thosaigh Séamus Mac Géidigh ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta sa bhliain 1988 agus níorbh fhada gur ndearna sé a mharc mar thráchtaire spóirt. Fuair sé ardú céime in 2004 nuair a ceapadh é ina Bhainisteoir Réigiúin don Tuaiscirt. An bhliain chéanna sin bhronn An tOireachtas Gradam Cumarsáide air sa chatagóir ‘Craoltóir Raidió na Bliana’ mar aitheantas dá chuid oibre ar an gclár ‘Barrscéalta’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhásaigh Séamus go tobann Dé Luain, 4 Iúil 2016, agus gan ach 54 bliain d’aois slánaithe aige.
Tugann Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais aitheantas do shaothar saoil in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge. I measc na ndaoine ar bronnadh an gradam seo orthu san am atá caite tá Micheál Ó Muircheartaigh, Pat Butler, Proinsias Mac Aonghusa, Liam Mac Con Iomaire & Gearóid Ó Cairealláin.
Beidh 10 nGradam ar fad á mbronnadh i gcatagóirí éagsúla ag Searmanas Bronnta 2017. Tugann siad aitheantas do shár-shaothair oibre in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge i rith na bliana díreach caite. Tá an gearrliosta do na catagóirí sin fógartha cheanna agus ainmneofar na buaiteoirí ar an oíche. Tá vótáil phoiblí ar siúl go fóill do cheann amháin de na catagóir sin, Réalta Óga na Bliana’. Dúnfar na línte vótála ag meán-oíche 31 Deireadh Fómhair 2017. Tá sonraí maidir leis an vótáil ar fáil ar www.antoireachtas.ie
Beidh Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais á shruthú beo ar www.tg4.tv ó 7.15 p.m. ar aghaidh, tráth a mbeidh Fiona Ní Flaithearta TG4 ag labhairt leis na haíonna agus iad ag siúl an Chairpéid Dheirg isteach chuig an Searmanas Oifigiúil.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Máirín Nic Dhonnchadha | An tOireachtas | 01 475 3857 / 087 2232094