Seachtar atá ar ghearrliosta Oireachtas na Gaeilge do Réalta Óga na Bliana 2017, an líon daoine óga is mó aon bhliain go dtí seo. Is iad sin Caitlín Nic Aoidh (TG4), Aindriú de Paor (Raidió na Life, RTÉ Raidió na Gaeltachta), Caoimhe Ní Chathail (Raidió Fáilte, Raidió na Gaeltachta, TG4, Meon Eile), Art Parkinson (Game of Thrones, Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2017), Siún Ní Dhuinn (Blagálaí, RTÉ, Iriseoir), Seán Ó Baoill (Ros na Rún, Meon Eile) agus Sláine Ní Chathalláin (RTÉ Raidió na Gaeltachta). Ba air Stiofán Ó Fearaíl, Láithreoir Cleas Act, TG4, a bronnadh gradam Réalta Óg na Bliana 2016.
Is ar bhonn vóta poiblí a bhronnfar gradam Réalta Óg na Bliana. Beidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh le téacs dá rogha féin den seachtar trí théacs a sheoladh. Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 31 Deireadh Fómhair 2017. Cosnaíonn téacsanna €1.00/£1.00 an ceann.
Téacsáil an focal GRADAM agus UIMHIR chuig:
57003 ó Phoblacht na hÉireann
60999 ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór
Mar shampla, chun vótáil do:
CAITLÍN NIC AOIDH téacsáil GRADAM101
AINDRIÚ DE PAOR téacsáil GRADAM102
CAOIMHE NÍ CHATHAIL téacsáil GRADAM103
ART PARKINSON téacsáil GRADAM104
SIÚN NÍ DHUINN téacsáil GRADAM105
SEÁN Ó BAOILL téacsáil GRADAM106
SLÁINE NÍ CHATHALLÁIN téacsáil GRADAM107
Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana le linn Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide uile an Oireachtais 2017 a bheidh ar siúl san INEC, Cill Airne, Co. Chiarraí, Dé Céadaoin, 1 Samhain 2017, le linn Oireachtas na Samhna.
Tá gach eolas maidir leis na Réaltaí Óga agus an córas vótála ar fáil anseo.