D’fhógair An tOireachtas inniu (23 Deireadh Fómhair 2018) go mbeidh an Buaic-Ghradam Cumarsáide á bhronnadh i mbliana ar an gcraoltóir ildánach, Pádhraic Ó Ciardha, ar son a shaothar ceannródaíochta in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge thar thréimhse fada blianta. Tugann Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais aitheantas do shaothar saoil in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge.
“Bhí Pádhraic Ó Ciardha ar thús na cadhnaíochta i gcónaí i dtaca leis na mór-fhorbairtí in earnáil na cumarsáide Gaeilge”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Léiriú ar an domhain-tuiscint a bhí aige ar an gcraoltóireacht chomhaimseartha, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta; agus ar phobail féachana i gcoitinne gur fheidhmigh sé mar Chomhairleoir Craolacháin Gaeilge do bheirt Airí Cumarsáide nuair a bhí an bonneagar don chainéal teilifíse Gaeilge á leagan amach agus tá rian a chur chuige fuinniúil, nuálach, cruthaitheach le feiceáil go soiléir ar stíl, éiteas agus luachanna TG4.”
Is as Na hAille, Cois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe ó dhúchas do Phádhraic ó Ciardha. D’oibrigh sé in earnáil na craoltóireachta Gaeilge agus Béarla – mar iriseoir le Raidió na Gaeltachta agus ina Chlár-Reachtaire in 1979. Is é a bhunaigh buan-oifig RnaG i mBaile Átha Cliath. Bhí poist sinsearacha aige i Rannóg Nuachta in RTÉ ina dhiaidh sin agus ceapadh é ar an mheitheal eagarthóireachta a bhunaigh an clár aitheanta Morning Ireland in 1984. Is ag feidhmiú mar Chlár-Eagarthóir ar Nuacht Ghaeilge RTÉ a bhí sé in 1992 nuair a d’iarr an tAire Cumarsáide, Máire Geoghegan-Quinn, isteach chun na Roinne sin é mar Chomhairleoir Craolacháin Gaeilge, ról a bhí aige freisin le linn ré an Aire a tháinig i gcomharbacht uirthi, Micheál D Ó hUigínn. Bhí lámh Phádhraic an-ghar don stiúir sna beartais agus sna cinntí Rialtais a glacadh chun go dtiocfadh ann do Theilifís na Gaeilge. Bhí sé ina Rúnaí ar Chomhairle Theilifís na Gaeilge ó 1995 ar feadh ré an choiste sin agus ina Rúnaí do Bhord TG4 a bunaíodh i 2007. Is é freisin a chum mana aitheanta an chainéil, Súil Eile. Is léiriú ar réimse leathan a chuid buanna agus a shaineolais na rólanna éagsúla inar oibrigh sé in Éirinn agus thar lear – mar Chathaoirleach ar choistí éagsúla IBEC, in Aontas Craolacháin na hEorpa agus ar choistí éagsúla Fhéile na Meán Ceilteach. Is é an Cathaoirleach reatha atá ar an bhFéile sin. Chuaigh Pádhraic Ó Ciardha ar luath-scor ó TG4 in Earrach na bliana seo tar éis scór bliana mar Leascheannasaí ar an stáisiún.
Deir Pádhraic Ó Ciardha go bhfuil idir bhród agus iontas air an Bhuaic-Ghradam seo a fháil. “Bhí an t-ádh orm ó thús mo thréimhse mar chraoltóir go raibh mé timpeallaithe ag daoine stuama, gairmiúla a thug cúnamh agus comhairle go fial dom agus a chinntigh gur baineadh amach na spriocanna uaillmhianacha a bhí againn. Cuireadh allas, cinnte, ach rinneadh go leor gáire freisin.”
Bronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais mar aon le sraith gradam eile i gcatagóirí éagsúla ag searmanas speisialta san INEC, i gCill Airne ar Oíche Shamhna, 31 Deireadh Fómhair 2018. Tugann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais aitheantas do shár-shaothair oibre in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge i rith na bliana díreach caite. Tá an gearrliosta do na catagóirí eile gradam fógartha cheana agus ainmneofar na buaiteoirí ar an oíche.
Tá vótáil phoiblí ar siúl go fóill do cheann amháin de na catagóir sin, ‘Réalta Óg na Bliana’. Dúnfar na línte vótála ag meán-oíche 30 Deireadh Fómhair 2018. Tá sonraí maidir leis an vótáil ar fáil ar www.antoireachtas.ie
Tuilleadh eolais:
Máirín Nic Dhonnchadha | 087 223 2094 | mairin@antoireachtas.ie
SAOL OIBRE
1995 - 2018 | TG4 (Teilifís na Gaeilge) Leascheannasaí. |
2007 | Bord TG4 Rúnaí. |
1990aidí ar aghaidh |
IBEC Tréimhsí mar Chathaoirleach ar choistí éagsúla i réimsí na meán clos-amharc; Aontas Craolacháin na hEorpa gníomhach ag leibhéil éagsúla; Féile na Meán Ceilteach gníomhach ar choistí éagsúla & Cathaoirleach reatha. |
1955 - deireadh tréimhse | Comhairle Theilifís na Gaeilge Rúnaí. |
1992 - 1995 |
An Roinn Cumarsáide Comhairleoir Craolacháin Gaeilge (bunú seirbhíse teilifíse Gaeilge). |
1980óidí | RTÉ Rannóg Nuachta RTÉ, Eagarthóir mheitheal bunaithe Morning Ireland. |
1970óidí |
Raidió na Gaeltachta Iriseoir; Clár Reachtaire; Freagrach as bhunú Buan-Aonad |
CÚLRA OIDEACHAIS
Coláiste Phádraig, Má Nuad Céim BA sa Léann Ceilteach; MA sa Nua-Ghaeilge; Léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge
Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath Scoláire Taighde i Scoil an Léinn Cheiltigh
FAOI LÁTHAIR
Ollscoil Mhá Nuad Léachtóir Comhlach i Roinn na Nua-Ghaeilge;
Gael Linn Ball den Bhord