Léireofar Fianna Éireann, reacaireacht agus ceol nuachumtha ag Peadar Ó Riada, don chéad uair os comhair an phobail ag 8:30pm Dé Sathairn 24 Márta in Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loinsigh, Baile Mhúirne, Co. Chorcaí. Tá an saothar úr seo coimisiúnaithe ag Oireachtas na Gaeilge, le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon. Déanfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an saothar úr seo a sheoladh.
Saothar saoil é do Pheadar Ó Riada na scéalta Fiannaíochta, scéalta faoi Fhionn Mac Cumhaill agus a laochra, na Fianna, atá suite sa tríú haois, a insint agus a chur os comhair an phobail i bhfoirm ceoil. Chaith Na Fianna a gcuid ama i mbun cogaíochta, i mbun seilge agus i mbun eachtraíochta sa saol eile.
Spreagtha ag an Mahabharata, eipic arsa na hInde, d’iarr Peadar ar an Ollamh Pádraig Ó Fiannachta eipic bunaithe ar an bhFiannaíocht a scríobh, rud a rinne sé. Tá na scéalta uile Fiannaíochta tarraingthe le chéile aige san eipic seo, Fianna Éireann. Tá scór ceoil a fheileann do mheadarachtaí oscailte na filíochta cumtha ag Peadar agus déanfaidh ‘Na Reacairí’, buíon ceoil le cuid de na ceoltóirí is fearr in Éirinn aithris ar an eipic le linn na hócáide seo (Mick O’Brien, Steve Cooney, Aidan Connolly, Tommy Hayes, Oisín Morrisson agus Peadar Ó Riada). Seo mar a labhair Peadar ó Riada faoin saothar úr seo:
‘Le cúnamh Dé agus na buíne bige ceoltóirí atá cruinnithe im’ thimpeall, tabharfaimid faoi scéal seo Fianna Éireann a chur os comhair na ndaoine. Is ann atá gach a dtuigeann muidne Gaeil le fírinne is bréige, laochais is meatacht, maith agus olc, cad is dea-dhuine nó cad is droch-dhuine ann. San am atá againn inniu, mar a bhfuil an eolaíocht ina chreideamh nua, níl an treoir nó sruth moráltachta sin dá shníomh tríd an saol nua-aimseartha seo. Seo céim i dtreo dúiche cultúrtha seo ár sinsear – b’fhéidir!’
Tá ticéid (€20) fós ar fáil don ócáid speisialta, álainn seo, ní gá ach glaoch ar an Ionad Cultúrtha ag 026 45733. Tabharfaidh Pádraig Ó Héalaí léacht faoin Athair Pádraig Ó Fiannachta, ‘An Fear, a Dhúchas agus a Ghaisce’ ag 6:00pm san ionad céanna.
Tuilleadh eolais:
Majella Ní Chríocháin Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail
+353 (0)87 977 6852 | majella@antoireachtas.ie | www.antoireachtas.ie
Bríd Cranithch
Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loinsigh
Baile Mhúirne
Co. Chorcaí
026 45733