Seolfar saothar úr ealaíon bunaithe ar scéal na mbád a cheannaigh Gael Linn d’iascairí Charna siar sna 1950aidí in Ionad Uiscebhealaí Éireann, Cé na gCanálach Móire, Baile Átha Cliath ag 6pm Dé hAoine 13 Aibreán. Cheannaigh Gael Linn na báid chun cúnamh a thabhairt d’iascairí Charna nach raibh báid acu le hinnill iontu agus iad ag dul i gcoimhlint leis na trálaeir mhóra san Atlantach.
Sheol na hiascairí na báid ó Chill Chaoil i gContae an Dúin síos cois cósta chomh fada leis an Rinn i mBaile Átha Cliath agus siar ansin ar na huiscebhealaí trí Bheannachar, thar Phort Omna agus Cill Dalua, tríd Ard na Croise, amach go Béal na Sionainne agus as sin abhaile go Carna. Rinne triúr innealtóirí as Cill Chaoil an turas leo agus ghlac duine acu grianghraif den turas. Thug Oireachtas na Gaeilge cuireadh do bheirt ealaíontóirí as Conamara freagairt don scéal eachtraíochta seo.
In ‘Idir Dhá Linn’ le Nuala Ní Fhlathúin i bpáirt leis an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn, baintear úsáid as seanghrianghraif, as tuairisc sna páipéir nuachta a foilsíodh ag an am agus as ‘comhraí catha’ (sléachtanna ornáideacha, rithimiúla ón seantraidisiún scéalaíochta) chun spás samhaltach a chruthú don lucht féachana. I dteannta leis seo beidh Máírín ag cur píosa scéalaíochta nua-chumtha i láthair.
‘Sa saothar seo tugaim suntas d’fhís nua a bhí ann do cheantar Gaeltachta ag an am, agus pléim téamaí insint, athrá agus imeacht ama’, a deir Nuala.
Sa gearrscannán amhránaíochta ‘Dóchas/Hope’ leis an ealaíontóir/amhránaí Ceara Conway, cíortar téamaí molta, tragóide agus dóchais tríd amhránaíocht chomhaimseartha agus thraidisiúnta.
‘Tá an saothar seo cumtha agam i bhfoirm turais no oilithreachta, le píosaí taibhsithe scannánaithe ar an gCanáil Mhóir i mBaile Átha Cliath, in Ard na Croise, ar an Sionainn, i Luimneach agus i mBaile Átha Cliath.’
Chuir Ceara ensemble ar leith, ‘Water Ensemble’ le ceathrar ban eile le chéile don choimisiún seo, chun na cúig bhád a léiriú mar chúig ghlór agus le scéalta ceilte na mban sa scéal a chur in iúl. Choimisiúnaigh Oireachtas na Gaeilge an saothar seo le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, ó Uiscebhealaí Éireann agus ó Bhord Iascaigh Mhara/Flag West. Seo mar a labhair Terre Duffy ó Uiscebhealaí Éireann faoin taispeántas:
'Is coimeádaithe ár n-uiscebhealaí luachmhaire muid in Uiscebhealaí Éireann, uiscebhealaí atá ag tabhairt daoine le chéile le himeacht ama, uiscebhealaí ina bhfuil cuimhní tábhachtacha cultúrtha coinnithe iontu agus tá lúcháir orainn a bheith páirteach sa choimisiún nua seo ina ndéantar ár n-oidhreacht chultúrtha a roinnt ar bhealach fuinniúil agus comhaimseartha.'
Beidh an taispeántas ar oscailt ag na hamanna thíos luaite, agus beidh an saothar á thaispeáint i gCill Chaoil, i bPort Omna agus i gCarna freisin:
6pm Dé hAoine 13 Aibreán- Seoladh agus Oscailt
11am-2pm Dé Sathairn 14 Aibreán
DÚNTA Dé Domhnaigh 15 Aibrean
11am-2pm Dé Luain 16 – Dé hAoine 20 Aibreán
Tuilleadh eolais:
Majella Ní Chríocháin Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail
+353 (0)87 977 6852 | majella@antoireachtas.ie | www.antoireachtas.ie