D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, inniu (Déardaoin, 15 Lúnasa 2019) na leabhair atá ainmnithe ar na Gearrliostaí do Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agus gradam úrnua do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile, Gradam de Bhaldraithe.
Roghnaítear na buaic-shaothair de réir na gcritéar seo a leanas: fiúntas an ábhair; caighdeán na Gaeilge; dearadh an leabhair, ag áireamh téacs, clúdach, léaráidí agus dea-chleachtas foilsitheoireachta; caighdeán foilsitheoireachta; agus mar a fhreastalaíonn an leabhar ar riachtanais an mhargaidh léitheoireachta.
Tá seacht leabhar déag (17) roghnaithe ar ghearrliostaí na bliana seo - Sé (6) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, cúig (5) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló agus sé (6) leabhar ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe. I measc na dTithe Foilsitheoireachta a bhfuil leabhar ainmnithe acu i mbliana tá, Cló Iar-Chonnacht, Cois Life, Dalen Éireann, Foilseacháin Ábhair Spioradálta, Futa Fata, Leabhar Breac, agus LeabhairCOMHAR.
“Déanaim comhghairdeas ó chroí le gach Teach Foilsitheoireachta atá ar ghearrliostaí na bliana seo”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Tá fás agus forbairt dochreidte tagtha ar earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge agus tá áthas orainn, mar eagraíocht, a bheith bainteach leis sin agus aitheantas cuí a thabhairt don obair mhór atá ar siúl. Tugann sé misneach dúinn go bhfuil seacht leabhar déag á bhfógairt againn inniu a foilsíodh le deich mí anuas agus tréaslaím leis na Tithe Foilsitheoireachta as an díograis, an paisean agus sár-chaighdeán na foilsitheoireachta atá acu”, a dúirt sé.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Déanaim comhghairdeas leis na foilsitheoirí uile atá ar ghearrliostaí na bliana seo. Tá fás mór i ndiaidh teacht ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge le 20 bliain; tá leabhair den scoth á bhfoilsiú, agus réimse an-mhaith ar fáil anois i raon leathan seánraí, do dhaoine ar spéis leo ábhar léitheoireachta i nGaeilge. Tá lúchair orm go bhfuil na gradaim fhoilsitheoireachta á leathnú amach agus gradam úr, Gradam de Bhaldraithe, curtha leo i mbliana den chéad uair chun aitheantas cuí a thabhairt dá saothar i réimse an aistriúcháin. Guím gach rath ar na Tithe Foilsitheoireachta”.
Fógrófar na buaiteoirí ag oíche mhór liteartha, ag a ndéanfar ceiliúradh ar gach gné de scríbhneoireacht na Gaeilge, i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath, Dé Máirt, 1 Deireadh Fómhair 2019, tráth a ndéanfaidh LeabhairCOMHAR Portráidí Scríbhneoirí Gaeilge 2020 a nochtadh. Gabhann duaischiste de €17,000 leis an trí ghradam foilsitheoireachta.
Tá liosta iomlán den trí ghearrliosta ar fáil anseo.
Le haghaidh tuilleadh eolais: Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | 00353 87 100 5439 | louise@antoireachtas.ie