D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, inniu (Dé Máirt, 4 Meitheamh 2019) Gradaim Fhoilsitheoireachta na Bliana do Leabhair i nGaeilge – Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agus gradam úrnua do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile, Gradam de Bhaldraithe in onóir an scoláire teanga and téarmeolaíochta, Tomás de Bhaldraithe a bhí ina Ollamh le Nua-Ghaeilge agus le Canúineolaíocht na Gaeilge i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Ainmníodh an gradam nua seo ina onóir mar aitheantas ar an saothar tábhachtach saoil faoin nGaeilge a d’fhág sé mar oidhreacht shaibhir ag glúnta de chainteoirí Gaeilge. Tugann na gradaim fhoilsitheoireacht ar fad aitheantas d’úire, do chruthaitheacht agus do shár-chaighdeáin i bhfoilseacháin Ghaeilge.
Roghnaítear na buaic-shaothair de réir na gcritéar seo a leanas: fiúntas an ábhair; caighdeán na Gaeilge; dearadh an leabhair, ag áireamh téacs, clúdach, léaráidí agus dea-chleachtas foilsitheoireachta; caighdeán táirgeachta; agus mar a fhreastalaíonn an leabhar ar riachtanais an mhargaidh léitheoireachta.
“Is cúis áthais dúinn uile gradam nua do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile a bheith ar chlár na bliana seo”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, “go háirithe gradam i gcuimhne iar-Uachtarán de chuid an Oireachtais agus duine de mhórscoláirí Gaeilge ár linne, Tomás de Bhaldraithe. Is é a léirigh eolas an bhealaigh dóibh siúd a sholáthraigh leaganacha Gaeilge de mhórshaothair litríochta ó theangacha eile.” Ghabhadh Liam Ó Maolaodha buíochas faoi leith le Foras na Gaeilge, Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, Cumann na bhFoilsitheoirí, ÁIS, Clár na Leabhar Gaeilge, An Gúm as tacaíocht a thabhairt agus saineolas a roinnt go fial fhad agus a bhí athbhreithniú á dhéanamh ar na Gradaim Fhoilsitheoireachta.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá fás mór i ndiaidh teacht ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge le 20 bliain; tá leabhair den scoth á bhfoilsiú, agus réimse an-mhaith ar fáil anois i raon leathan seánraí, do dhaoine ar spéis leo ábhar léitheoireachta i nGaeilge. Is é an dúshlán atá romhainn anois lucht na Gaeilge a mhealladh le leabhair Ghaeilge a léamh. Tá lúcháir orm go bhfuil na páirtithe leasmhara i ndiaidh a gcomhairle agus a n-acmhainní a chur i gceann a chéile le haird an phobail a tharraingt ar leabhair Ghaeilge leis na gradaim, agus tá mé ag súil go mór leis na torthaí”.
Fógrófar an trí ghearrliosta i mí Lúnasa agus fógrófar buaiteoirí na ngradam ag searmanas speisialta ag tús mhí Dheireadh Fómhair. Bronnfar duaischiste de €17,000 thar an trí ghradam.
Is féidir cóip den fhoirm iontrála a fháil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais www.antoireachtas.ie nó ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Na Gradaim Fhoilsitheoireachta 2019, An tOireachtas, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 VH98. Is é an spriocdháta iontrála an 8 Iúil 2019.
Tá eolas cuimsitheach maidir leis na gradaim ar fáil ag www.antoireachtas.ie.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | 087 1005439 | louise@antoireachtas.ie