Baineann An tOireachtas úsáid as fianáin ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa 'Pholasaí Príobháideachais' seo.

Privacy Preferences

When you visit any website, it may store or retrieve information through your browser, usually in the form of cookies. Since we respect your right to privacy, you can choose not to permit data collection from certain types of services. However, not allowing these services may impact your experience.

  • Privacy Policy
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Content Delivery Network

  • Youtube (Hosting Video Platform by Google Inc.)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Vimeo (Hosting Video Platform)

  • Google Ads (Advertisement Delivery Network)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Dailymotion (Hosted Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Facebook & Instagram (Social Media)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.

Oireachtas na Samhna 2019 oscailte go hÓifigiúil agus Duaiseanna Liteartha 2019 bronnta

2019 || Nuacht || An tOireachtas

Inniu (30 Deireadh Fómhair 2019) in Óstán Citywest, Co. Bhaile Átha Cliath a d’oscail Príomh-Aoire an Rialtais, An tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, Príomhfhéile Náisiúnta na nGael, Oireachtas na Samhna 2019. Leanfaidh an ceiliúradh ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh seo chugainn (3 Samhain 2019). Thar laethanta na bhféile, beidh meascán de chomórtais, seimineáir, seoltaí leabhar agus dlúthdhiosca, seisiúin eolais, clubanna na féile agus neart eile.

Tráthnóna inniu tá An tOireachtas ag onórú na scríbhneoirí, an buíon díograiseach, cruthaitheach sin a chuireann seirbhís riachtanach ar fáil do phobal na Gaeilge, do thuismitheoirí atá ag tógáil clann le Gaeilge, do mhúinteoirí a bhíonn de shíor sa tóir ar ábhar tarraingteach le spéis a gcuid daltaí a mhúscailt agus a chothú agus an pobal i gcoitinne a bhíonn ag lorg leabhair fhiúntacha, bídís trom nó éadrom!

Bronnadh 36 duais ar fad ar scríbhneoirí Gaeilge ag ócáid na bliana inniu.  I measc na nduaiseoirí móra bhí Darach Ó Scolaí ar bronnadh duais de €3,000 air dá úrscéal Dominium agus Ré Ó Laighléis a fuair €3,000 freisin dá shaothar próis Máchail. (Tá liosta iomlán na mbuaiteoirí liteartha leis seo.)

“Tá clár cuimsitheach imeachtaí againn ag an bhféile i mbliana”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Náisiúnta an Oireachtais, “a bhformhór dírithe ar na taibh-ealaíona traidisiúnta ach feidhmíonn An tOireachtas freisin mar fhóram dioscúrsa i dtaca le sain-ábhair a bhaineann leis an nGaeilge agus le pobal labhartha na Gaeilge.  I measc na n-imeachtaí a bheidh dírithe ar an ngné sin tá seimineár poiblí eagraithe ag Údarás na Gaeltachta ina mbeidh deis ag an bpobal bualadh leis na hOifigigh Pleanála Teanga atá nua-fhostaithe le pleananna teanga a chur i bhfeidhm sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre.

I measc na mórócáidí eile a bheidh ar siúl inniu tá Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019 in Óstán Citywest agus beidh Máire T. Ní Mhadaoin le feiceáil beo ar TG4 ó 7.30 p.m. ag labhairt le haíonna agus iad ag siúl an Chairpéid Dheirg isteach chuig an Searmanas Bronnta.  Beidh clúdach cuimsitheach á dhéanamh ar imeachtaí uile na féile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Gaeilge, TG4, Meon Eile, Raidió na Life, Raidió Fáilte, Tuairisc.ie agus www.tg4.tv.

Tá imeachtaí uile na féile ar fáil ar shuíomh an Oireachtais ar www.antoireachtas.ie nó ar aip na féile ón Appstore nó Google Play.

Tuilleadh Eolais:
Máirín Nic Dhonnchadha | An tOireachtas | 087 223 2094 | mairin@antoireachtas.ie
Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | 087 100 5439 | louise@antoireachtais.ie

COMÓRTAIS LITEARTHA AN OIREACHTAIS 2019
NA BUAITEOIRÍ
COMÓRTAIS LITEARTHA DON SCRÍBHNEOIR FÁSTA

COMÓRTAS A1: ÚRSCÉAL - FICSEAN GINEARÁLTA

An Chéad Duais: €3,000
Dominium Darach Ó Scólaí, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: €1,000
Fatwa! Proinsias Mac a' Bhaird, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

COMÓRTAS A2: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (9/10-12)

An Chéad Duais: €2,000
Grúgarú agus na Síonnaigh Liatha Ciarán Ó Maitiú, An Uaimh, Co. na Mí

An Dara Duais: €750
Dragún na Cuaiche Pádraig Standún, Carna, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS A3: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (13-15)

An Dara Duais: €750
An Rún Brian Ó Baoill, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS A4: SAOTHAR PRÓIS
Maoinithe ag Iontaobhas ULTACH

Duais: €1,250
Ainm na Saoirse Aindrias Ó Cathasaigh, Baile Formaid, Baile Átha Cliath 10

BUAIC-SAOTHAR PRÓIS NA BLIANA
Urraithe ag TG4

Duais: €3,000
Máchail Ré Ó Laighléis, Baile Uí Bheacháin, Co. an Chláir

COMÓRTAS A5: ÁBHAR LÉITHEOIREACHTA DON FHOGHLAIMEOIR FÁSTA

An Chéad Duais: €2,000
Níor bronnadh aon duais

An Dara Duais: €750
Mise do Mhamó Majella Ní Dhomhnaill, Baile an Bhóthair, Co. Átha Cliath

COMÓRTAS A7: GEARRSCÉAL – DUAIS AN MHAOLÁNAIGH
Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta

An Chéad Duais: €400
Aonaráin Joe Steve Ó Neachtain, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: €200
An Cloigeann Catach Alan Titley, Glasnaíon, Baile Átha Cliath 11

COMÓRTAS A8: SCÉAL DÍRITHE AR DHÉAGÓIRÍ
Maoinithe ag Ard-Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael

Duais: €500
Ní Mar a Scrítear a Bhítear Alan Titley, Glasnaíon, Baile Átha Cliath 11

COMÓRTAS A9: Dán
Maoinithe ag Éigse Éireann

An Chéad Duais: €400
A deir an Mactíre le Medb Áine Ní Éalaí, Trá Lí, Co. Chiarraí

COMÓRTAS A10: CNUASACH FILÍOCHTA
Maoinithe ag Coistí Gairmoideachais na Mumhan agus na Gaeltachta (Seirbhísí Oideachais Chiarraí agus Contaetha Chorcaí, an Chláir, Luimnigh, Phort Láirge, Thiobraid Árann Thuaidh agus Theas, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Dhún na nGall; agus Chathracha Chorcaí, Phort Láirge,  Luimnigh agus na Gaillimhe.)

Duais: €1,250
Obair Bhaile Louis de Paor, Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS A11: AISTE INNEALTÓIREACHTA
Maoinithe ag Cumann na nInnealtóirí

An Chéad Duais: €1,000
Scéal Dhá Dhroichead Helen Ó Murchú, Cill Fhiontain, Baile Átha Cliath 13

COMÓRTAS A12: DRÁMA AONGHNÍMH
Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta

Towissakos Gabriel Rosenstock, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath
Duais: €600

COMÓRTAS A13: COMÓRTAS CUIMHNEACHÁIN AOIDH UÍ RUAIRC
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge agus ag an gCumann Scoildrámaíochta

ROINN A
An Chéad Duais: €400
Leite, Leite, Leite Áine Treasa Ní Dheirg, Athbuí, Co. na Mí

ROINN B
An Chéad Duais: €400
Ní Tharlaíonn Tada Anseo Riamh Áine Ní Ghlinn, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14

ROINN C
An Chéad Duais: €400
C.E.A.R.T.A. Bróna Ní Uallacháin, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS A14: SAOTHAR CREIDIMH
Maoinithe ag Timire – Foilseacháin Ábhair Spioradálta

Duais: €750
An Dhammapada: Nathanna an Bhúda Scott Oser, Vancouver, Ceanada

COMÓRTAIS LITEARTHA DON SCRÍBHNEOIR ÓG

COMÓRTAS B1: AISTE – ROINN A (FAOI 16)
Maoinithe ag Cumann Lúthchleas Gael

An Chéad Duais: €300
Tábhacht na gCluichí Gaelacha don Náisiún Liam Ó hÓgáin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí

An Dara Duais: €200
Spiorad, Croí, Caid, Teanga Sibéal Ní Ógáin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí

COMÓRTAS B2: AISTE – ROINN B (FAOI 21)
Maoinithe ag Cumann Lúthchleas Gael

An Chéad Duais: €300
Aibhistín de Staic: Réabhlóidí, Polaiteoir is Peileadóir Seán de Grá, An Chéim, Co. Baile Átha Cliath

An Dara Duais: €200
Comórtas Peile na Gaeltachta 1969 – 2019 Conor Ó Gallachóir, Gort a' Choirce, Leitir Ceanainn, Co.Dhún na nGall

COMÓRTAS B3: IRISEOIREACHT - ROINN A (FAOI 16)
Maoinithe ag Comhar Óg

An Chéad Duais: €200
Sábháilteacht Uisce in Éirinn Liam Ó hÓgáin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí

An Dara Duais: €100
Grá mo chroí, mo Dhaideo Éadaoin Nic Dhonncha, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

COMÓRTAS B4: IRISEOIREACHT - ROINN B (FAOI 21)
Maoinithe ag Bord na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

An Chéad Duais: €200
Mí le Magnus Eoin Breathnach, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 16

An Dara Duais: €100
Séamus Ó Grianna - A Shaol agus a Shaothar (1889-1969) Conor Ó Gallachóir, Gort a' Choirce, Leitir Ceanainn, Co.Dhún na nGall

COMÓRTAS B5: SCÉAL – ROINN A (FAOI 16)
Maoinithe ag cara leis an Oireachtas.

An Chéad Duais: €200 
Sa Tóir ar Star Wars Fionnán Ó Baoighill, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath 5

An Dara Duais: €100
An Maidrín Órga Katie Durney, An Uaimh, Co. na Mí

COMÓRTAS B6: SCÉAL – ROINN B (FAOI 21)

An Chéad Duais: €200
Contúirt na gCuarach Éadaoin Ní Dhomhnaill, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: €100
Le Sruth Seirce Mhac Conghail, An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath

COMÓRTAS B7: DÁN – ROINN A (FAOI 16)

An Chéad Duais: €200
Dáimh Pádraig Ó Dubhgáin, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall

An Dara Duais: €100
I ndiadh na Stoirme Katie Durney, An Uaimh, Co. na Mí

COMÓRTAS B8: DÁN – ROINN B (FAOI 21)
Maoinithe ag Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

An Chéad Duais: €300
Ar ar bhain do na leabhair Darragh Ó Caoimh, Ceann Toirc, Co. Chorcaí

An Dara Duais: €200
An Doras Seán de Grá, An Chéim, Co. Baile Átha Cliath