Tráthnóna inniu (Dé Céadaoin, 28 Deireadh Fómhair 2020) a fógraíodh Buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2020 ag Searmanas Ar Líne. Trí chatagóir déag san iomlán a bhí ann i mbliana, ceann amháin acu a bhí fógartha roimh ré, Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais a bronnadh ar Áine Ní Churráin, craoltóir a bhí os cionn dhá scór bliain le RTÉ Raidió na Gaeltachta, mar léiritheoir agus mar láithreoir. Máire-Bríd Ní Chualáin, craoltóir eile de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, cé go mbíonn sí ag léamh na nuachta ar RTÉ Radio 1 agus RTÉ 2 FM freisin, a fógraíodh mar Réalta Óg na Bliana, an t-aon ghradam amháin a bhronntar ar bhonn vóta poiblí.
Thréaslaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Catherine Martin T.D., leis an uile dhuine a bhí gearrliostaithe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2020 agus leo siúd ar bronnadh gradam orthu. Thug sí aitheantas do na craoltóirí as an tiomantas agus an dua lenar thugadar ardán do na taibhealaíona dúchasacha Gaeilge:
“Is ag amanna mar seo a thuigimid an obair thábhachtach a rinne sibh sna blianta a chuaigh thart nuair a bhí sibh i lár an aonaigh ag féilte Oireachtais, ag taifeadadh ár dtaibhealaíontóirí óga agus lánfhásta araon, ag ceiliúradh na n-ealaíon agus á gcoinneáil beo do na glúnta atá le teacht. Aithním bhur dtiomantas don sár-chraoltóireacht agus tiomantas Údarás Craolacháin na hÉireann do na Gradaim Chumarsáide seo”, a dúirt an tAire Martin.
Ina chuid beannachtaí chuig an ócáid bhronnta mhol Príomhaoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt & Gaeltachta, Jack Chambers T.D. saothar na meán cumarsáide as an ról lárnach a bhí acu le linn na dianghlasála:
“Tá na meáin an-tábhachtach inár saol ar son na nuachta, cúrsaí oideachais agus siamsaíochta agus, go speisialta na laethanta seo, chun fanacht i dteagmháil lena chéile agus misneach a thabhairt dá chéile”, a dúirt sé.“Guím ardfhéile oraibh uile agus táim ag súil go mbeidh deis agam bualadh libh ag Oireachtas na Samhna 2021 i gCill Airne, Co. Chiarraí.”
Ag tagairt dó d’urraíocht Údarás Craolacháin na hÉireann do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, go speisialta na gradaim do chláir Ghaeilge ar Raidiónna Pobail agus ar Raidiónna Tráchtála, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann, Michael O’Keefe:
“Is féidir le láithreoirí raidió atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge a bhrath uaireanta go bhfuil siad ag treabhadh leo féin go haonarach agus iad ag craoladh ar stáisiúin Bhéarla. Tá sé tábhachtach mar sin go dtugann gradaim mar seo dea-aitheantas don obair atá ar bun acu agus tá súil againn go spreagfaidh sé daoine eile chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna meáin.”
“Déanaim comhghairdeas ó chroí le buaiteoirí uile na bliana seo,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, An tOireachtas, Leas-Stiúrthóir an Oireachtais. “Tá saothar thar na bearta, faoin choinníollacha diana, déanta ag lucht na cumarsáide Gaeilge le bliain anuas. Bhí siad linn i gcónaí, ar ár scáileáin, ar líne agus ar na haerthonnta agus táimid faoi chomaoin acu as seirbhís chumasach, chruthaitheach, tharraingteach a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.”
Bhí Searmanas Bronnta na nGradam Cumarsáide ar cheann de phríomh-imeachtaí Oireachtas Fíorúil 2020. Craolfar tuilleadh cláir raidió agus teilifíse i gcaitheamh na seachtaine, ina measc, ‘Ceiliúradh an Oireachtais’ Déardaoin & Dé hAoine ag 7.00 p.m. agus Dé Sathairn ag 9.00 p.m. ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, chomh maith le ‘Bladhaire’ Dé hAoine ón 3.00 -5.00 p.m. Beidh TG4 ag caitheamh súil siar ar an gclár Lár Stáitse Dé hAoine ag 5.30 p.m. agus ar Steip Dé Sathairn ag 7.15 p.m. Craolfar eagráin speisialta Oireachtais den chlár Blas ar BBC Raidió Uladh, Déardaoin ag 7.00 p.m. agus Dé hAoine ag 9.30 p.m. Tá gach eolas maidir le himeachtaí uile na féile ar fáil ar an suíomh gréasáin, www.antoireachtas.ie.
TUILLEADH EOLAIS:
Louise Ní Dháibhéid | 00353 87 100 5439 | louise@antoireachtas.ie
BUAITEOIRÍ GHRADAIM CHUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS 2020
Sraith Raidió na Bliana
Adhmhaidin, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Iriseoir na Bliana
Seán Mac an tSíthigh, TG4 & RTÉ
Clár Teilifíse na Bliana
Uchtú: Evanne Ní Chuilinn, Tyrone Productions
Pearsa Raidió na Bliana
Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Pearsa Teilifíse na Bliana
Eoghan McDermott, Junior Eurovision, TG4
Feachtas Meán Sóisialta na Bliana
#IsDeontóirMé, Clann Mhic Gabhann
Scannán na Bliana
Arracht, Macalla Teoranta
Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail
Aon Scéal?, Phoenix FM
Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail Tráchtála
Ruaille Buaille, Highland Radio
Sraith Teilifíse na Bliana
An Bhoirinn, Phoenix Films
Craoltóir Solabhartha na Bliana
Helen Ní Shé, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Réalta Óg na Bliana
Máire-Bríd Ní Chualáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais
Áine Ní Churráin