D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, inniu (Dé hAoine, 5 Meitheamh 2020) go bhfuiltear anois ag glacadh le hiontrálacha do Ghradaim Fhoilsitheoireachta na Bliana do Leabhair i nGaeilge – Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile). Bronnfar duaischiste iomlán de €17,000.
Roghnaítear na buaic-shaothair de réir na gcritéar seo a leanas: fiúntas an ábhair; caighdeán na Gaeilge; dearadh an leabhair, ag áireamh téacs, clúdach, léaráidí agus dea-chleachtas foilsitheoireachta; caighdeán táirgeachta; agus mar a fhreastalaíonn an leabhar ar riachtanais an mhargaidh léitheoireachta.
“Tá lúcháir orm Gradaim Fhoilsitheoireachta 2020 a fhógairt inniu,” a dúirt Liam Ó Maolaodha , Stiúrthóir Náisiúnta an Oireachtais. “Táimid ag maireachtáil trí ghéarchéim eisceachtúil le roinnt míonna anuas agus cuireann sé gliondar ar mo chroí an obair fhiúntach ar líne atá idir lámha ag tithe foilsitheoireachta agus scríbhneoirí araon le hardú meanman a thabhairt do dhaoine in am seo an ghátair le spotsholas a chur ar leabhair i nGaeilge. Tuigeann muid, thar aon bhliain eile, chomh tábhachtach is atá sé aitheantas cuí a thabhairt don chruthaitheacht agus do shár-chaighdeáin i bhfoilseacháin Ghaeilge. Guím gach rath ar na hiontrálaithe,” dúirt sé.
Fógrófar an trí ghearrliosta i mí Lúnasa agus fógrófar buaiteoirí na ngradam ag tús mhí Dheireadh Fómhair 2020.
Is féidir cóip den fhoirm iontrála a fháil anseo nó ó Oifig an Oireachtais agus na hiontrálacha a sheoladh chuig: Na Gradaim Fhoilsitheoireachta 2020, An tOireachtas, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 VH98. Is é an spriocdháta iontrála an 8 Iúil 2020.
Tá eolas cuimsitheach maidir leis na gradaim ar fáil ag www.antoireachtas.ie.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | 00353 87 1005439 | louise@antoireachtas.ie