D’fhógair An tOireachtas inniu (22 Meán Fómhair 2021) comórtas d’amhrán úrnua i nGaeilge. Tá dhá chatagóir ann, catagóir d’Amhránaithe Aonair agus catagóir do Grúpaí. Bronnfar €1,000 ar bhuaiteoir an chomórtais aonair agus €1,500 ar an ngrúpa buacach. Más ceol úrnua a chuirfear le hamhrán, bronnfar €500 sa bhreis sa dá chatagóir. Is é an spriocdháta iontrála ná 15 Deireadh Fómhair 2021.
Amhrán i nGaeilge amháin nár chualathas go poiblí cheana atá incháilithe don chomórtas seo. Áireofar feabhas na liricí, oiriúnacht an cheoil agus cur i láthair an amhráin sa mholtóireacht agus níl aon teora leis an líon iontrálacha gur féidir le cumadóir a chur isteach. Glacfar le gach aon seánra agus stíl amhránaíochta. Is faoin gcumadóir féin atá sé téama a roghnú.
“Tá lúcháir orainn an comórtas nua a fhógairt inniu,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais. “Ag an tráth seo den bhliain, is gnách le Gaeil a bheith i mbun cumadóireachta agus ag cleachtadh stéibheanna ag réiteach don Oireachtas. Ba mhór an feall é go ngabhfadh bliain eile thart gan amhráin nua i nGaeilge a bheith againn agus is chuige sin atá an comórtas seo. Táimid ag tnúth go mór le héisteacht leis na hamhráin úrnua ar fad.”
Reáchtálfar an craobhchomórtas ag ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath, Dé hAoine, 29 Deireadh Fómhair 2021, le linn Oireachtas na Samhna.
Is féidir iontráil a dhéanamh ar láithreán gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie agus is gá liricí agus taifead MP3 den amhrán a sheoladh isteach leis an bhfoirm iarratais.
Tuilleadh Eolais: Louise Ní Dháibhéid | 087 100 5439 | louise@antoireachtas.ie