Socraíodh ag cruinniú de Bhord Stiúrtha Oireachtas na Gaeilge inniu (24 Bealtaine 2021) nach leanfaí ar aghaidh le hullmhúcháin do ghnáthfhéile Oireachtais i gCill Airne, Co. Chiarraí, mar a bhí beartaithe de bharr na héiginnteachta a bhaineann leis na rialacháin a bheidh i bhfeidhm um Shamhain i mbliana i dtaca le ceansú an choróinvíris Covid-19.
Dúirt Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, “Táimid ar bís le bheith ag reáchtáil imeachtaí arís, Oireachtas na Samhna, ach go háirithe, ach ní mór dúinn a bheith airdeallach ar a bhfuil ag tarlú sa tír seo agus timpeall na cruinne le scaoileadh na dianghlasála agus pleanáil dá réir. Is deacair a bheith cinnte go mbeidh slua-imeachtaí faoi-dhíon caoithiúil ná sábháilte tráth an Oireachtais ainneoin na sár-iarrachtaí atá ar siúl chun an pobal a vacsaíniú. Níl ní ar bith eile níos tábhachtaí ná sláinte agus sábháilteacht na bhfoirne éagsúla a bhíonn ag obair ar an bhféile agus an pobal dílis a thaistealaíonn chuici. Táimid ag súil, le tacaíocht agus dea-thoil ár bpáirtithe leasmhara ar fad, clár d’fhéile Oireachtais de shórt eile ar fad, a bheidh beo, bríomhar, fuinniúil a fhógairt faoi dheireadh an tsamhraidh.”
Beidh clár d’fhéile Oireachtais 2021 á dheimhniú sna míonna amach romhainn agus déanfar gach dícheall le freastal ar phobal uile an Oireachtais ar bhealach cruthaitheach, spleodrach.
Bhí Liam Ó Maolaodha ag freastal ar a chruinniú deireanach mar Stiúrthóir an Oireachtais inniu. Tá sé ag feidhmiú sa ról sin ó mhí Feabhra 1996. D’fhógair an Bord Stiúrtha go raibh cuireadh tugtha acu don Leas-Stiúrthóir reatha, Máirín Nic Dhonnchadha, feidhmiú mar Stiúrthóir Ghníomhach go ceann bliana.
Tá gach eolas maidir le socruithe uasdátaithe an Oireachtais ar an suíomh gréasáin, www.antoireachtas.ie
Tuilleadh Eolais:
Máirín Nic Dhonnchadha | 00353 87 223 2094 | mairin@antoireachtas.ie
Louise Ní Dháibhéid | 00353 87 100 5439 | louise@antoireachtas.ie