D’fhógair An tOireachtas inniu (20 Deireadh Fómhair 2022) go mbeidh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2022 á bhronnadh ar Mártan Ó Ciardha as ucht a shaothar in earnáil na meáin chumarsáide thar na mblianta. Tugann Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais aitheantas do shár-shaothar saoil in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge.
“Tá mór-aithne agus ardmheas ag saol Fódhla ar thráchtaireacht chumasach, údarásach, mheáite Mhártan Ó Ciardha, bíodh sé ag tuairisciú ar chluichí idir-chlubanna nó ag díriú ár n-aird ar ócáidí móra idirnáisiúnta spóirt”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Tá grá agus paisean don spóirt, chomh maith le tuiscint agus meas ar a chuid éisteoirí agus a chuid léitheoirí, le sonrú i ngach abairt a thagann uaidh, agus cáil na soiléire agus na fírinne ar a bhriathra. Déanaim comhghairdeachas ó chroí leis as a bhfuil bainte amach aige thar na mblianta.”
Dúirt Mártan Ó Ciardha agus é ag cur síos ar a chuid oibre: “Onóir a bhí agus atá ann deis a fháil freastal a dhéanamh ar an bpobal is gaire do mo chroí, muintir na Gaeltachta.
Tá clú agus cáil ar Mhártan as a chuid oibre le cúrsaí spóirt. Is sna hAille i bParóiste an Chnoic a tógadh Mártan Ó Ciardha ach tá sé ina chónaí i mBaile an Domhnalláin sa Spidéal le fada. Fuair sé a chuid scolaíochta i gColáiste Iarfhlatha i dTuaim agus ina dhiaidh sin in Ollscoil na Gaillimhe. Thosaigh sé amach ar a chuid iriseoireachta nuair a thosaigh Comharchumann Chois Fharraige ag foilsiú an nuachtáin nua, ‘Amárach’, i dtús na 1970idí. Chuaigh sé ag obair mar Chlár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta ina dhiaidh sin, áit ar chaith sé os cionn deich mbliana fichead, ag obair i Rannóg an Spóirt den chuid is mó. Bhí baint lárnach ag Mártan leis an bhforbairt a rinne an stáisiún i dtaca le craoltóireacht spóirt i rith na tréimhse.
Is iomaí gradam bronnta ar Mhártan Ó Ciardha thar na mblianta, ina measc, ‘Gradam Saoil’ ón gCumann Lúthchleas Gael in 2008, agus gradaim iomráiteach eile ó Cumann Iriseoirí na gCluichí Gaelacha in 2017 agus ón gCumann Camógaíochta ina dhiaidh sin.
Mar aon leis na Cluichí Gaelacha, d’fhreastail Mártan ar na Cluichí Oilimpeacha i Los Angeles, Sydney, An Aithéin agus Beijing. Rinne sé tuairisciú ar Chraobhacha Sacair agus Rugbaí an Domhain agus sholáthar sé féin agus a dhlúthchara, an tÁrainneach Seán Ó Conghaile, tráchtaireacht ar Chraobh na 6 Náisiún ar feadh na mblianta.
Bronnfaidh an Príomh-Aoire an Rialtais & Aire Stáit don Ghaeltacht & Spórt, Jack Chambers T.D. an gradam seo chomh maith le trí ghradam déag (13) eile ag an Searmanas Bronnta a bheidh ar siúl in Óstán Gleneagle, Cill Airne, Co Chiarraí, Dé Céadaoin, 2 Samhain 2022 mar chuid d’Oireachtas na Samhna 2022.
Is ar an oíche a fhógrófar na buaiteoirí eile ar fad. Tá vótáil phoiblí ar siúl go fóill do cheann amháin de na catagóir sin, ‘Réalta Óg na Bliana’, féach https://www.antoireachtas.ie/gradaim-chumarsaide/realta-og-na-bliana-2022/ Dúnfar na línte vótála ag meán-oíche Dé hAoine, 28 Deireadh Fómhair 2022.
Déanfar an ócáid á shruthú beo ar www.antoireachtas.ie & www.tg4.ie ag 8.00 p.m.
Tá an gearrliosta do na catagóirí ar fad ar fáil ar https://www.antoireachtas.ie/gradaim-chumarsaide/an-gearrliosta.html agus gach eolas maidir le gníomhaíochtaí uile an Oireachtais le fáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie
Tuilleadh eolais: Síle Mhic Dhonnacha: sile@antoireachtas.ie I 087 184 1229
MÁRTAN Ó CIARDHA (Príomhphointí)
CÚLRA OIDEACHASÚLA
Coláiste Iarfhlatha, Tuaim, Co. na Gaillimhe
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
SAOL OIBRE
Amárach - Iriseoir
RTÉ Raidió na Gaeltachta - Clár Reachtaire
Foinse - Colúnaí
Cluichí Gaelacha - Tráchtaire/Tuairisceoir
Cluichí Oilimpeacha - Tráchtaire/Tuairisceoir
Tuairisc.ie - Colúnaí
GRADAIM
2006 Gradam Cumarsáide an Oireachtais – Colúnaí na Bliana
2008 Gradam Saoil – Cumann Lúthchleas Gaeil
2017 Gradam Saoil – Cumann Iriseoirí na gCluichí Gaelacha