D’fhógair An tOireachtas inniu (8 Meán Fómhair 2021) an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2022. Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar shár-iarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifís a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas.
Tá trí chatagóir déag (13) ar chlár na ngradam i mbliana. Is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Cuirfear tús leis an vóta poiblí Déardaoin, 15 Meán Fómhair 2022.
“Tá fás agus forás tagtha ar Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais le fiche bliain anuas faoi mar atá ar an earnáil lena mbaineann siad. Tá éacht speisialta déanta ag na meáin chumarsáide agus na ceannródaithe a thiomáin iad ag gach leibhéal agus iad ag déileáil go muiníneach, cróga, leis na dúshláin bhreise a chruthaigh an phaindéim” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Bhí sárchaighdeán, tréanchruthaíocht agus nuálaíocht le sonrú go láidir ar Ghearrliosta 2022 agus déanaim comhghairdeas ó chroí le gach duine a bhain an gearrliosta sin amach. Tá muid ag súil go mór leis an mbronnadh a bheith ar siúl i bpearsa arís i mbliana le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne, Co. Chiarraí.”
Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2022. Bronnfar na Gradaim Chumarsáide ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl ar Chéadaoin na féile, 2 Samhain 2022.
Tá gach eolas maidir le himeachtaí uile an Oireachtais le fáil ar an suíomh ag www.antoireachtas.ie
Féach an gearrliosta iomlán thíos.
TUILLEADH EOLAIS: Emer Nic Labhraí | emer.niclabhrai@antoireachtas.ie
GEARRLIOSTA GHRADAIM CHUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS 2022
COLÚNAÍ NA BLIANA
- ALEX HIJMANS Tuairisc.ie
- CIARÁN DUNBAR Meon Eile
- ÉANNA Ó CAOLLAÍ The Irish Times
- SEÁN Ó DUBHCHON NÓS
- MAIRÉAD NÍ NUADHÁIN Tuairisc.ie
- FACHTNA Ó DRISCEOIL Tuairisc.ie
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
- BEO AR ÉIGEAN RTÉ Raidió 1
- IRIS ANIAR RTÉ Raidió na Gaeltachta
- TEACHTAIREACHTAÍ Raidió na Life
- BLADHAIRE RTÉ Raidió na Gaeltachta
- CÓISIR FILÍOCHTA BBC Gaeilge ar BBC Raidió Uladh
- AN CHÉAD GHLIÚN EILE RTÉ Raidió na Gaeltachta
IRISEOIR NA BLIANA
- SORCHA NÍ RIADA Nuacht TG4 & RTÉ
- CÓILÍN Ó NEACHTAIN RTÉ Raidió na Gaeltachta
- CAOIMHE NÍ LAIGHIN Nuacht TG4 & RTÉ
- EOIN Ó CATHAIN RTÉ Raidió na Gaeltachta & Nuacht TG4
- AODHÁN Ó MAOILEOIN Nuacht TG4 & RTÉ
CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
- SEÁN Ó RIADA: MO SHEANATHAIR Táin Media
- THE QUEEN V PATRICK O’ DONNELL ROSG
- RTÉ RnaG @50 Aniar TV
- SAGAIRT NA SÍOCHÁNA Imagine Media
SCANNÁN NA BLIANA
- FOSCADH Tua Films
- AN CAILÍN CIÚIN Inscéal
- DOINEANN Doubleband Films
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
- SEÁN Ó DUBHCHON Raidió RíRá & RTÉ Raidió na Gaeltachta
- CAOIMHE ‘CEOL’ NÍ CHATHAIL BBC Gaeilge ar BBC Uladh
- JOSIE Ó CUALÁIN RTÉ Raidió na Gaeltachta
- JUD-MEG NÍ CHINNÉIDE Raidió na Life
- JAMIE Ó FLANNÚRA Raidió RíRá & RTÉ Raidió na Gaeltachta
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
- NIAMH NÍ CHRÓINÍN Cúla4
- DOIREANN NÍ GHLACÁIN Fleadh TV & Sean Ó Riada: Mo Sheanathair
- SEÁN Ó BAOILL An Focal Scoir & I Lár an Aonaigh
- ÁINE NÍ BHREISLEÁIN An Cósta Thiar
- DARA Ó CINNÉIDE Spórt Iris
FEACHTAS MEÁN SÓISIALTA NA BLIANA
- #Comhar80 Comhar
- #AchtAnois An Dream Dearg
- #CpnaG Molscéal ag Comórtas Peile na Gaeltachta
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
- SLÁN LE FEAR AN HATA Raidió Pobail Chonamara
- AON SCÉAL? Phoenix FM
- GAEILGE BHRISTE West Limerick 102FM
- ROGHA BHRÍDE Flirt FM
- CEOL AGUS CRAIC Dublin City FM
- TRADFEST TULLAMORE Flirt FM
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
- DÚISIGH LE LAUREN NÍ LOINGSIGH Cork’s Red FM
- SPLANC LE CUÁN Ó FLATHARTA Newstalk
- CAD ‘DEARFÁ LE GAILLIMH Galway Bay FM
- CEOL ANOCHT KCLR FM
- RUAILLE BUAILLE Highland Raidió
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
- CROÍ NA CEISTE Waddell Media
- AN CÓSTA THIAR Aniar TV
- AN CUAN Oddboy Media
- I LÁR AN AONAIGH Below the Radar
- NUAIR A BHEIDH MÉ MÓR Meangadh Fíbín
- IONTAIS NA BHFARRAIGÍ CEILTEACHA Tua Films
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
- GEARÓIDÍN NIC AN IOMAIRE RTÉ Raidió na Gaeltachta
- PÁDRAIG Ó SÉ RTÉ Raidió na Gaeltachta
- EOIN WARNER TG4
- SINÉAD NÍ UALLACHÁIN RTÉ Raidió na Gaeltachta & RTÉ Raidió 1
- CUÁN Ó FLATHARTA Newstalk
RÉALTA ÓG NA BLIANA
- CONCHÚR Ó FAOLÁIN Clár Reachtaire le Raidió na Life
- NIAMH NÍ RUADAGÁIN Léiritheoir & taighdeoir teilifíse
- DARREN Ó DUBHGÁIN Aimsir & Leanúnachas TG4
- EVELYN NÍ GHRIALLAIS Rásaíocht Beo ar TG4
- BARRY Ó SÍOCHRÚ BLOC TG4