Inniu (Dé Céadaoin, 5 Deireadh Fómhair 2022) i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath, ag ócáid mhór cheiliúrtha d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge, d’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí na nGradam Foilsoireachta 2022: Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg); Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agus Gradam de Bhaldraithe (gradam do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).
Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar na gradaim bhliantúla seo. Is í Cathaoirleach an Fhorais, Regina Uí Chollatáin i dteannta Uachtarán an Oireachtais 2022, Máirín de Brún, a rinne an bronnadh. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an teach foilsitheoireachta, Éabhlóid, ar son an leabhair, Bláth na dTulach - Díolaim Ultach atá curtha in eagar ag Réaltán Ní Leannáin, Eoghan Mac Giolla Bhríde & Mícheál Ó Domhnaill. Is ar an teach foilsitheoireachta Futa Fata a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar An Slipéar Gloine a scríobh Fearghas Mac Lochlainn agus a mhaisigh Paddy Donnelly. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Barzaz, ar son an leabhair, Khalil a d’aistrigh Máirín Nic Con Iomaire.
“Léiriú den scoth ar chomhoibriú thuisceanach, shamhlaíoch idir an scríbhneoir agus an foilsitheoir is ea gach aon cheann de na leabhair atá ar ghearrliostaí na nGradam Foilsitheoireachta i mbliana”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. Tá réimse leathan seánraí ina measc; iad scríofa i stíleanna tarraingteacha, soléite agus deartha le snas agus le stuaim. Tréaslaím le gach éinne a bhain na gearrliostaí amach, go speisialta, leis na buaiteoirí a fógraíodh anocht agus gabhaim buíochas le Foras na Gaeilge a rinne maoiniú ar an tionscadal seo.”
Ag an ócáid chéanna, sheol COMHAR, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, an chéad chéim eile den tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Bhronn Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, portráidí ar scríbhneoirí a bhí páirteach sa tionscadal in 2022 agus d’fhógair an Dr. Liam Mac Amhlaigh, eagarthóir Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, na scríbhneoirí a bheidh san áireamh in 2023: Breandán Delap, Brenda Ní Shúilleabháin, Dara P. Ó Conaola, Marie Whelton, Meidhbhín Ní Úrdáil, Neil Buttimer, Rody Gorman agus Sadhbh Devlin.
Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, “Is mór an t-údar ceiliúrtha é liosta údar, foilsitheoirí, dearthóirí agus maisitheoirí den chéad scoth atá luaite le gradaim foilsitheoireachta Oireachtas na Gaeilge i mbliana. Is tuar dóchais iad do thodhchaí na foilsitheoireachta Gaeilge agus léiríonn caighdeán ard na scríbhneoireachta agus na scríbhneoirí go bhfuil forbairt á dhéanamh ar chleachtaí pinn na Gaeilge agus go bhfuil géarghá le scéimeanna mar seo. Tréaslaím an gaisce atá déanta ag Oireachtas na Gaeilge agus ag togra na bPortráidí Gaeilge leis na heagraíochtaí a nascann buanna ealaíne agus scríbhneoireachta na Gaeilge in aon fhóram amháin agus a léiríonn na féidearthachtaí a sholáthraíonn fóraim chló agus ar líne do léitheoirí agus do phobal na Gaeilge.”
Beidh tuilleadh scríbhneoirí Gaeilge, scríbhneoirí úrnua agus údair bhunaithe ina measc, ag fáil aitheantais freisin le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i gCill Airne, Co. Chiarraí ó 2 – 6 Samhain 2022, tráth a mbronnfar Duaiseanna Liteartha an Oireachtais 2022. Seo ceann amháin de na himeachtaí atá ar chlár spleodrach fhéile na bliana seo, ag áireamh freisin: Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, comórtais taibhealaíne, seimineáir, seoltaí leabhar/dlúthdhiosca, ceardlanna, clubanna na féile, seisiúin cheoil, amhránaíochta, eolais agus go leor eile. Tá eolas maidir le himeachtaí uile na féile ar fáil ag www.antoireachtas.ie.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Emer Nic Labhraí, An tOireachtas | 00353 87 944 5836| emer.niclabhrai@antoireachtas.ie
Clare Coughlan, COMHAR | 00353 1 675 1922 | gno@comhar.ie
TORTHAÍ
Na Gradaim Foilsitheoireachta 2022
GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta
BLÁTH NA dTULACH – DÍOLAIM ULTACH
Eagartóirí: Réaltán Ní Leannáin, Eoghan Mac Gioll Bhríde & Míchéal Ó Domhnaill - €2,500
Foilsitheoir: Éabhlóid - €5,000
GRADAM RÉICS CARLÓ Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg
AN SLIPÉAR GLOINE
Údar: Fearghas mac Lochlainn - €1,250
Maisitheoir: Paddy Donnelly - €1,250
Foilsitheoir: Futa Fata - €5,000
GRADAM DE BHALDRAITHE Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile
KHALIL
Aistritheoir: Máirín Nic Con Iomaire - €500
Foilsitheoir: Barzaz - €1,500
Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge 2022
- Colette Ní Ghallchóir: file
- Éilís Ní Anluain: úrscéalaí & beathaisnéisí
- Eoghan Mac Giolla Bhríde: drámadóir, gearrscéalaí & scríbhneoir don aos óg
- Isobel Ní Riain: úrscéalaí, criticeoir & scríbhneoir acadúil
- Micheál Ó Cearúil: aistritheoir, staraí & scríbhneoir acadúil
- Muireann Ní Chíobháin: scríbhneoir don aos óg & scríbhneoir scripte
- Réamonn Ó Muirí: file agus staraí
- Seán de Fréine: staraí agus díolamóir
Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge 2023
- Breandán Delap: iriseoir
- Brenda Ní Shúilleabháin: díolamóir, scéalaí & scríbhneoir scripte
- Dara P. Ó Conaola: gearrscéalaí
- Marie Whelton: úrscéalaí, scríbhneoir don aos óg & scríbhneoir acadúil
- Meidhbhín Ní Úrdail: Ollamh le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath & scríbhneoir acadúil
- Neil Buttimer: Iarléachtóir Sinsearach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh & scríbhneoir acadúil
- Rody Gorman: file & staraí
- Sadhbh Devlin: scríbhneoir don aos óg