Inniu (21 Feabhra 2022) is ea insealbhaíodh Uachtarán an Oireachtais 2022 ag searmanas speisialta in Óstán Gresham, Baile Átha Cliath. Chuir an tUachtarán nua-thofa, Máirín de Brún, tús lena téarma oifige tráthnóna nuair a bronnadh Slabhra an Uachtaráin uirthi ag ócáid ag ar bhailigh na sluaite ina honóir, cairde an Oireachtais ina measc, chomh maith le hoifigigh ón earnáil Gaeilge, ealaíne agus cultúir.
“Seirbhís dhílis, dhíograiseach atá tugtha ag Máirín de Brún don Oireachtas thar na mblianta”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais. “Tréaslaím a gradam léi inniu agus í tofa mar Uachtarán ar an Oireachtas don bhliain stairiúil seo, 125 ár mbunaithe. Guím rath agus gach sonas uirthi i mbun na hoifige seo.”
D’fhóin Máirín de Brún ar Choiste Náisiúnta an Oireachtais ó 2003 agus ceapadh ina Cathaoirleach ar Bhord Stiúrtha an Oireachtais í ina dhiaidh sin. Tá sí gníomhach ar iliomad coistí eile, ina measc: Coiste na Gaeilge le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus Coiste Cumann Gníomhaíochta Lucht Scoir Bhaile an tSaoir.
Is i gCaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin a rugadh agus a tógadh Máirín de Brún. Bhain sí céim amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tar éis di post buan a fháil le Coiste Ghairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath, thosaigh sí ar a haistear múinteoireachta i Scoil na gCailiní, Dún Droma. Ceapadh í mar mhúinteoir lánaimseartha Gaeilge i nGaeleagras na Seirbhíse Poiblí sa bhliain 1976. Is le Gaeleagras a chaith Máirín an chuid eile dá saol gairmiúil - ag múineadh ar feadh scór bliain, agus mar Stiúrthóir ar an eagraíocht ar feadh cúig bliana déag.
Ina paróiste féin tá sí i bhfeighil an Chóir d’Aosaigh, ina ball reatha den Choiste Tréadach agus is í an runaí reatha ar an gCumann Áitritheoirí áitiúil freisin. Is iarbhall í de Bord Ard-Mhúsaem na hÉireann agus den Coiste Comhairleach um Athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil.
Tá An tOireachtas 125 bliain ar an bhfód i mbliana agus ba é searmanas an lae inniu ceann de na chéad imeachtaí i bhféilire leathan ócáidí an Oireachtais in 2022. Tá gach eolas faoin eagraíocht agus faoin bhféilire imeachtaí ar fáil ag www.antoireachtas.ie.
Tuilleadh Eolais:
Louise Ní Dháibhéid
louise@antooireachtas.ie