Baineann An tOireachtas úsáid as fianáin ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa 'Pholasaí Príobháideachais' seo.

Privacy Preferences

When you visit any website, it may store or retrieve information through your browser, usually in the form of cookies. Since we respect your right to privacy, you can choose not to permit data collection from certain types of services. However, not allowing these services may impact your experience.

  • Privacy Policy
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Content Delivery Network

  • Youtube (Hosting Video Platform by Google Inc.)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Vimeo (Hosting Video Platform)

  • Google Ads (Advertisement Delivery Network)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Dailymotion (Hosted Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Facebook & Instagram (Social Media)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.

Buaic-ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2023 Fógartha

2023 || Nuacht || An tOireachtas

D’fhógair An tOireachtas inniu (24 Deireadh Fómhair 2023) go mbeidh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais na bliana seo á bhronnadh ar Eoghan Ó Néill iriseoir, craoltóir agus tráchtaire ilbhuach as Béal Feirste, as téagar, substaint agus sárchaighdeán a shaothair sna meáin chumarsáide thar na mblianta. Tugann Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais aitheantas do shaothar saoil in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge.

"Tá cumhacht, crógacht agus ionracas i mbriathra Eoghan Uí Néill, bíodh siad clóite nó labhartha, agus bhí i gcónaí", a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais.  “Níor sheas sé siar ó dhúshlán riamh, fiú nuair ab oilce a bhí na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann.  Bhí sé i dtús cadhnaíochta freisin ag baint leasa as teicneolaíochtaí nua chun an nuacht a chur amach os comhair an tsaoil mhóir.  Déanaim comhghairdeas ó chroí leis as Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2023 a bheith á bhronnadh air.”

“Buaicphointe i saol iriseora ar bith an Gradam seo a fháil ón Oireachtas,” arsa Eoghan Ó Néill.  "Agus is cinnte gur buaicphointe i mo shaolsa é m’ainm a bheith curtha leis an liosta le háireamh sin d’iriseoirí iontacha ar bronnadh an Buaic-Ghradam orthu.  Is mór liom an t-aitheantas seo, atá ina aitheantas ní hamháin domsa ach do na daoine sin uilig a bhí i mo chuideachta, seal fada nó gairid, feadh an bhealaigh.  Bhí an t-ádh orm go raibh riamh daoine iontacha i mo thimpeall,  idir dhaoine óga fuinniúla díocasacha agus daoine níos aosta a raibh taithí agus tallann ar leith acu.  Gabhaim buíochas ar leith le Coiste an Oireachtais as an onóir seo.”

Béal Feirsteach as ceantar na bhFál ó dhúchas é Eoghan Ó Néill, áit ar tháinig sé faoi thionchar Ghaelphobal Bhóthar Seoighe, an chéad cheantar Gaeltachta uirbeach agus a d’fhág rian buan, seasta, ar a shaol féin agus ar shaol a bhuanchara, Gearóid Ó Cairealláin.  Le chéile, bhunaigh an bheirt chara nuachtán seachtainiúil Gaeilge, Preas an Phobail, in 1981 agus ó 1984 ar aghaidh, foilsíodh an nuachtán go laethúil faoi theideal nua, .  Leis sin, leathnaigh tionchar an nuachtáin amach fud fad na hÉireann, ó thuaidh agus ó dheas.    Bhunaíodar stáisiún raidió Gaeilge, Raidió Feirste, an bhliain dar gcionn, stáisiún a bhí ag craoladh gan ceadúnas go dtí 2006, tráth ar déanadh athbhrandáil air mar Raidió Fáilte.  In 2008 bhunaigh Eoghan an nuachtán ar líne, Nuacht24.com., seirbhís nuachta ar líne a bhí ceannródaíoch ag an am sin. 

D’oibrigh Ó Néill don iliomad meán thar na mblianta - chaith sé seal ag obair le Lá Nua; bhí sé ina Eagarthóir Gaeilge ar Nuachtán Bhaile Andarsan; scríobh sé don nuachtán Gaelscéal agus  d’oibrigh sé ar chláir Ghaeilge an BBC.  Is tráchtaire rialta é de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta ar chúrsaí reatha i dTuaisceart Éireann.

Bronnfar an gradam seo mar aon le trí ghradam déag (13) eile ag an Searmanas Bronnta a bheidh ar siúl san INEC, Cill Airne, Co Chiarraí, Dé Céadaoin, 1 Samhain 2023, ceann de mhórócáidí Oireachtas na Samhna 2023. Is ar an oíche a fhógrófar na buaiteoirí eile ar fad.  Déanfar an ócáid á shruthú beo ar www.antoireachtas.ie & www.tg4.ie ag 8.00 p.m.    

Tá an gearrliosta do na catagóirí ar fad chomh maith le gach eolas maidir le gníomhaíochtaí uile an Oireachtais le fáil ar láithreán gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie 

Tuilleadh Eolais: Síle Mhic Dhonnacha, An tOireachtas | sile@antoireachtas.ie | +353 (0)87 946 3405

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
EOGHAN Ó NÉILL (Príomhphointí)

OIDEACHAS
Bunscoil Naomh Finian; Scoil Ghramadaí Naomh Muire, Bóthar an Ghleanna.
Jordanstown Polytechnic (Bunchéim sa Pholaitíocht & Stair)
Ollscoil na Ríona (Máistreacht san Aistriúchán)

SAOL GAIRMIÚIL
1981: Preas an Phobail, nuachtán seachtainiúil, a bhunú i dteannta Ghearóid Uí Chairealláin
1984: Lá, nuachtán laethúil a bhunú, arís i gcuideachta Uí Chairealláin.
1985: Raidió Feirste (ag feidhmiú gan ceadúnas)
2006: Raidió Fáilte (ainm nua agus i seilbh ceadúnais)
2008: Nuacht24

GRADAIM
Bronnadh Gradam Cumarsáide an Oireachtais d’Iriseoir na Bliana ar Eoghan Ó Néill trí huaire: 2000, 2009, & 2011.

FOILSEACHÁIN
‘Cathracha’ (2007)
‘Cathracha i gcéin is i gcóngar’ (2011)
Abrasive Gaels' – Lá, Raidió Feirste agus Gaeil Feirste 1981-1991 (le foilsiú go luath)

DRÁMA
Úr te Bruite, léirithe ag Aisling Ghéar (2002)