Baineann An tOireachtas úsáid as fianáin ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa 'Pholasaí Príobháideachais' seo.

Privacy Preferences

When you visit any website, it may store or retrieve information through your browser, usually in the form of cookies. Since we respect your right to privacy, you can choose not to permit data collection from certain types of services. However, not allowing these services may impact your experience.

  • Privacy Policy
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Content Delivery Network

  • Youtube (Hosting Video Platform by Google Inc.)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Vimeo (Hosting Video Platform)

  • Google Ads (Advertisement Delivery Network)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Dailymotion (Hosted Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Facebook & Instagram (Social Media)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.

Buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2023 Fógartha

2023 || Nuacht || An tOireachtas

Inniu (Dé Céadaoin, 27 Meán Fómhair 2023) i Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) i mBaile Átha Cliath, ag ócáid mhór cheiliúrtha d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge, d’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2023:  Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg); Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agus Gradam de Bhaldraithe (gradam do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).

Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar na gradaim bhliantúla seo.  Is í Cathaoirleach an Fhorais, Regina Uí Chollatáin i dteannta Uachtarán an Oireachtais 2023, An Dr. Gearóid Denvir, a rinne an bronnadh. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an teach foilsitheoireachta, Cló-Iar Chonnacht, ar son an leabhair, Béal na Péiste le Fionntán de Brún. Is ar an teach foilsitheoireachta Futa Fata a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar Amuigh Faoin Spéir a scríobh Sadhbh Devlin agus a mhaisigh Brian Fitzgerald. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Leabhar Breac, ar son an leabhair, Cuairt san Nicolás a d’aistrigh Darach Ó Scolaí.

“Déanaim comhghairdeas ó chroí le Leabhar Breac, Cló-Iar Chonnacht agus Futa Fata a bhfuil gradam foilsitheoireachta bronnta orthu inniu agus leis na tithe foilsitheoireachta ar fad a bhí ar ghearrliostaí na bliana seo” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Molaim an obair fhiúntach cheannródaíoch atá ar siúl i measc na dtithe foilsitheoireachta, scríbhneoirí, maisitheoirí agus aistritheoirí go léir a dhéanann cinnte go bhfuil sárfhoilseacháin i nGaeilge ar fáil do léitheoirí na Gaeilge”.

Ag an ócáid chéanna, sheol COMHAR, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, an chéad chéim eile den tionscadal ilchéimneach, ilbhliantúil, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Bhronn Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, portráidí ar scríbhneoirí a bhí páirteach sa tionscadal in 2023 agus d’fhógair an Dr. Liam Mac Amhlaigh, eagarthóir Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, na scríbhneoirí a bheidh san áireamh in 2024: Ciara Ní Éineacháin, Eithne Ní Ghallchobhair, Majella Ní Dhomhnaill, Matt Hussey, Michelle O Riordan, Ógie Ó Céilleachair, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Seán Ua Súilleabháin.

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin,“Tréaslaím le buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta, leis na foilsitheoirí féin, na húdair, na maisitheoirí agus na haistritheoirí uilig ar ghearrliostaí 2023. Léiríonn ardchaighdeán na bhfoilseachán an rogha fhairsing atá ar fáil i mbliana do léitheoirí Gaeilge idir óg agus fásta. Ábhar mórtais atá i liosta na Scríbhneoirí Gaeilge 2024 ó thaobh ilchineálacht na réimsí agus a bhfuil bainte amach ag na scríbhneoirí go dtí seo.”

Leanfar leis an gceiliúradh ar bhuaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta le linn Féile Léitheoirí Chill Dara san Amharclann Riverbank, Cill Droichead, Co. Chill Dara ag 7.00 p.m. Dé Céadaoin, 4 Deireadh Fómhair 2023 tráth a mbeidh mórimeacht liteartha na Gaeilge, An Tolg Liteartha, ar siúl. Beidh buaiteoirí na ngradam faoi agallamh ag an sárchraoltóir, Tristan Rosenstock (RTÉ Raidió na Gaeltachta).

Beidh tuilleadh scríbhneoirí Gaeilge, scríbhneoirí úrnua agus údair bhunaithe ina measc, ag fáil aitheantais freisin le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i gCill Airne, Co. Chiarraí ó 1-5 Samhain 2023, tráth a mbronnfar Duaiseanna Liteartha an Oireachtais 2023. Seo ceann amháin de na himeachtaí atá ar chlár spleodrach fhéile na bliana seo, ag áireamh freisin: Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, comórtais taibhealaíne, seimineáir, seoltaí leabhar/dlúthdhiosca, ceardlanna, clubanna na féile, seisiúin cheoil, amhránaíochta, eolais agus go leor eile.

Tá eolas maidir le himeachtaí uile na féile ar fáil ag www.antoireachtas.ie

TUILLEADH EOLAIS: Síle Mhic Dhonnacha, An tOireachtas | sile@antoireachtas.ie | +353 (0)87 946 3405

TORTHAÍ
Na Gradaim Foilsitheoireachta 2023

GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta 
BÉAL NA PÉISTE
Scríbhneoir: Fionntán de Brún - €2,500 
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht - €5,000 

GRADAM RÉICS CARLÓ Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg 
Amuigh faoin Spéir
Údar: Sadhbh Devlin - €1,250 
Maisitheoir: Brian Fitzgerald - €1,250 
Foilsitheoir: Futa Fata - €5,000 

GRADAM DE BHALDRAITHE Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile 
CUAIRT SAN NICOLÁS
Aistritheoir: Darach Ó Scolaí - €500 
Foilsitheoir: Leabhar Breac - €1,500 

Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge 2023
Breandán Delap: iriseoir
Brenda Ní Shúilleabháin: díolamóir, scéalaí & scríbhneoir scripte
Dara Ó Conaola: gearrscéalaí
Marie Whelton: úrscéalaí, scríbhneoir don aos óg & scríbhneoir acadúil
Meidhbhín Ní Úrdail: Ollamh le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath & scríbhneoir acadúil
Neil Buttimer: Iarléachtóir Sinsearach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh & scríbhneoir acadúil
Rody Gorman: file & staraí
Sadhbh Devlin: scríbhneoir don aos óg

Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge 2024
Ciara Ní Éineacháin: file agus blagadóir  
Eithne Ní Ghallchobhair: scríbhneoir don aos óg, foclóirí, agus scríbhneoir acadúil   
Majella Ní Dhomhnaill: úrscéalaí agus gearrscéalaí  
Matt Hussey: scríbhneoir eolaíochta agus staraí
Michelle O Riordan: staraí, scríbhneoir spioradálta agus Ollamh Cúnta in Institiúid Ard Léinn Bhaile Átha Cliath  
Ógie Ó Céilleacháir: gearrscéalaí agus scríbhneoir don aos óg
Seán Tadhg Ó Gairbhí: iriseoir
Seán Ua Súilleabháin: Léachtóir le Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, & scríbhneoir acadúil