D’fhógair An tOireachtas inniu (12 Meán Fómhair 2023) an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2023. Tá dhá chatagóir déag (12) ar chlár na ngradam i mbliana. Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Cuirfear tús leis an vótáil poiblí Dé hAoine, 15 Meán Fómhair 2023. Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023.
Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar shár-iarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifís a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas.
“Tráth cinniúnach in earnáil na cumarsáide Gaeilge é seo agus tús curtha le ré nua don Ghaeilge anois go bhfuil an cainéal úrnua, Cúla4 tagtha ar an saol”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Guím gach rath orthu siúd uile atá ar stiúir agus táim ag tnúth le cláracha uathúla ó réaltaí óga an chainéil . Tréaslaím freisin leis na réaltaí atá ainmnithe inniu ar Ghearrliosta na nGradam Cumarsáide 2023. Tá sárshaothar Gaeilge craolta le bliain anuas agus beidh aitheantas á thabhairt dó sin ag Ócáid Bhronnta na nGradam Cumarsáide ar Lá Samhna 2023, le linn fhéile an Oireachtais.”
Bronnfar na Gradaim Chumarsáide le linn Oireachtas na Samhna ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl Céadaoin na féile, 1 Samhain 2023 san INEC i gCill Airne, Co. Chiarraí.
Tá gach eolas maidir le himeachtaí uile an Oireachtais le fáil ar an suíomh ag www.antoireachtas.ie
Féach an gearrliosta iomlán thíos.
TUILLEADH EOLAIS: Síle Mhic Dhonnacha | sile@antoireachtas.ie | +353 (0)87 946 3405
COLÚNAÍ NA BLIANA
- Aedín Ní Thiarnaigh - NÓS
- Breandán M Mac Gearailt - Tuairisc.ie
- Robert McMillen - The Irish News
- Sláine Ní Chathalláin - NÓS
- Michelle Nic Pháidín - Meon Eile
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
- An Fonn Óg - BBC Gaeilge ar BBC Raidió Uladh
- An Cúinne Dána - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- An Spota Dubh - Raidió na Life
- Cosán na mBan - RTÉ Raidió na Gaeltachta
IRISEOIR NA BLIANA
- Shane Ó Curraighín - 7Lá ar TG4
- Méabh Ní Thuathaláin - Tuairisc.ie & 7Lá ar TG4
- Gráinne Ní Aodha - PA Media
- Eoin Ó Catháin - RTÉ Raidió na Gaeltachta & Nuacht TG4
CLÁR TEILIFÍSE/SCANNÁN NA BLIANA
- An Buachaill Gealgháireach - Imagine Media
- Séamus Mac Murchaidh: Díolta Faoina Luach - Macha Media
- Róise & Frank - Macalla Teo
- Paul Muldoon: Laoithe is Liricí - Below The Radar
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
- Michelle Nic Grianna - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Dáithí Ó Muirí - BBC Gaeilge ar BBC Uladh
- Fachtna Ó Drisceoil - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Gráinne Ní Chaomhánaigh - Phoenix FM
- Neansaí Ní Choisdealbha - RTÉ Raidió na Gaeltachta
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
- Máire Treasa Ní Dhubhghaill - Rugbaí Beo
- Síle Nic Chonaonaigh - Bailte
- Caoimhe Ní Chathail - Éadaí SOS
- Mícheál Ó Domhnaill - GAA Beo
- Sinéad Ní Uallacháin - Beidh mé ar ais
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
- Inné, Inniu, Amárach - Athlone Community Radio
- Aon Scéal? - Phoenix FM
- Gaeilge Bhriste - West Limerick 102FM
- Filí Chonamara - Raidió Pobail Chonamara
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
- Abair Amach É - WLR FM
- Splanc le Cuán Ó Flatharta - Newstalk
- Ruaille Buaille - Highland Radio
- Dúchas is Dóchas - Clare FM
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
- Saol Ella - Danú Media
- Bláth na hÓige - Aniar TV
- Mealladh na Mara - RTÉ
- Dúirt Bean Liom - Aniar TV
- Iniúchadh TG4 - Clean Slate Productions
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
- Brian Tyers - TG4
- Michelle Nic Grianna - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Tristan Rosenstock - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Cuán Ó Flatharta - Newstalk
- Damien Ó Dónaill - RTÉ Raidió na Gaeltachta
RÉALTA ÓG NA BLIANA
- Colm Mac Giolla Easbuic - Ros na Rún & RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Ciara Cox - Saol Ella & Cúla4
- Nicole Ní Dhubhshláine - RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Conor Torbóid - BBC Gaeilge ar BBC Uladh
- Seán Ó Maoilchiaráin - RTÉ & Bloc TG4
- Áine Mhaoir - Na Seansálaithe & Léiritheoir Sraithe le Stiúideo Cuan