Baineann An tOireachtas úsáid as fianáin ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa 'Pholasaí Príobháideachais' seo.

Privacy Preferences

When you visit any website, it may store or retrieve information through your browser, usually in the form of cookies. Since we respect your right to privacy, you can choose not to permit data collection from certain types of services. However, not allowing these services may impact your experience.

  • Privacy Policy
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
    REQUIRED
  • Content Delivery Network

  • Youtube (Hosting Video Platform by Google Inc.)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Vimeo (Hosting Video Platform)

  • Google Ads (Advertisement Delivery Network)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Dailymotion (Hosted Video Platform)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.
  • Facebook & Instagram (Social Media)
    Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipisicing elit. Assumenda, dolorum, vero ipsum molestiae minima odio quo voluptate illum excepturi quam cum voluptates doloribus quae nisi tempore necessitatibus dolores ducimus enim libero eaque explicabo suscipit animi at quaerat aliquid ex expedita perspiciatis? Saepe, aperiam, nam unde quas beatae vero vitae nulla.

Buaiteoirí Ghradaim Foilsitheoireachta do Leabhair Ghaeilge na Bliana 2024 Fógartha

2024 || Nuacht || An tOireachtas

Inniu (Dé Luain, 23 Meán Fómhair 2024) in Amharclann Náisiúnta Drámaíochta na Gaeilge, An Taibhdhearc i nGaillimh, ag ócáid mhór cheiliúrtha d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge, d’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2024:  Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg); Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agus Gradam de Bhaldraithe (gradam do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).

Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an teach foilsitheoireachta, Dingle Publishing, ar son an leabhair, Crainn & Toir le Máirín Uí Chonchubhair. Is ar an teach foilsitheoireachta Futa Fata a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar Na Trí Mhuicín a scríobh Áine Ní Ghlinn agus a mhaisigh Paddy Donnelly. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Éabhlóid, ar son an leabhair, Athmháthair, aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin ón Iodáilís ar an leabhar Accabadora le Michela Murgia.

20 leabhar ar fad a bhí san iomaíocht ar ghearrliostaí na bliana seo. Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar na gradaim bhliantúla agus is é Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn i dteannta Uachtarán an Oireachtais 2024, Pádraig Mac Fhearghusa, a rinne an bronnadh ar an oíche.

"Comhghairdeachas ó chroí le hÉabhlóid, le Futa Fata agus le Dingle Publishing a bhfuil gradam foilsitheoireachta bronnta orthu inniu”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais.  “Tréaslaím freisin leis na tithe foilsitheoireachta ar fad a bhí ar ghearrliostaí na bliana seo a bhfuil teidil ar scoth an chaighdeáin eisithe acu le bliain anuas.  Léiriú breá is ea éagsúlacht na seánraí agus na saothar ar an rogha iontach leabhar Gaeilge atá ar fáil ar an margadh anois do léitheoirí den uile aoisghrúpa.  Is léir go bhfuil na páirtithe ar fad in earnáil na foilsitheoireachta, idir thithe foilsitheoireachta, scríbhneoirí, mhaisitheoirí agus aistritheoirí ag dul ó neart go neart agus guím gach rath orthu.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn,“         .”

Leanfar leis an gceiliúradh ar bhuaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta le linn Féile Léitheoirí Chill Dara in Ionad Ealaíon Riverbank, Cill Droichead, Co. Chill Dara ag 19:00 Dé Céadaoin, 9 Deireadh Fómhair 2024 tráth a mbeidh mórimeacht liteartha na Gaeilge, An Tolg Liteartha, ar siúl. Beidh buaiteoirí na ngradam faoi agallamh ag an sárchraoltóir, Tristan Rosenstock, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Beidh tuilleadh scríbhneoirí Gaeilge, scríbhneoirí úrnua agus údair bhunaithe ina measc, ag fáil aitheantais freisin le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i gCill Airne, Co. Chiarraí 30 Deireadh Fómhair – 3 Samhain 2024, tráth a mbronnfar Duaiseanna Liteartha an Oireachtais 2024. Seo ceann amháin de na himeachtaí atá ar chlár spleodrach fhéile na bliana seo, ag áireamh freisin: Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, comórtais taibhealaíne, seimineáir, seoltaí leabhar/dlúthdhiosca, ceardlanna, clubanna na féile, seisiúin cheoil, amhránaíochta, eolais agus go leor eile.

Tá eolas maidir le himeachtaí uile na féile ar fáil ag www.antoireachtas.ie

TUILLEADH EOLAIS: Caitríona Ní Chonaill, An tOireachtas | 00353 87 946 3405 | caitriona@antoireachtas.ie 

TORTHAÍ:Na Gradaim Foilsitheoireachta 2024

GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta 
CRAINN & TOIR
Scríbhneoir: Máirín Uí Chonchubhair - €2,500 
Foilsitheoir: Dingle Publishing - €5,000 

GRADAM RÉICS CARLÓ Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg 
NA TRÍ MHUICÍN
Údar: Áine Ní Ghlinn - €1,250 
Maisitheoir: Paddy Donnelly - €1,250 
Foilsitheoir: Futa Fata - €5,000 

GRADAM DE BHALDRAITHE Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile 
ATHMHÁTHAIR
Aistritheoir: Máire Nic Mhaoláin - €500 
Foilsitheoir: Éabhlóid - €1,500