Tá An tOireachtas, i gcomhpháirt le hOíche Chultúir, anois ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí Gaeilge ar Oíche Chultúir 2025. Ag filleadh don fichiú bliain, tionólfar Oíche Chultúir Dé hAoine, 19 Meán Fómhair 2025.
Fáiltíonn An tOireachtas roimh iarratais ar na téamaí seo a leanas ach níltear ag cur ealaíona eile as an áireamh ach oiread: Na Taibhealaíona Teangabhunaithe; Damhsa, Ceol; Na hAmharcealaíona; Ceardaíocht; Litríocht: Dioscúrsa; Turas; Oidhreacht & Scannán. Is é Dé hAoine, 20 Meitheamh 2025, an spriocdháta d’iarratais.
Is í an aidhm atá ag An tOireachtas ná freastal ar ghréasáin úsáidte Gaeilge timpeall na tíre trí phacáiste tacaíochta a chur ar fáil do ghrúpaí atá lonnaithe taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta chun iad a spreagadh le himeacht a reáchtáil trí Ghaeilge ar Oíche Chultúir. Cuimsíonn an pacáiste tacaíochta na nithe seo a leanas: deontas (uasmhéid €250, ach féadfar cás a dhéanamh d’ócáidí eisceachtúla); agus poiblíocht ar na meáin shóisialta, náisiúnta agus áitiúla.
“Deis ar leith is ea Oíche Chultúir chun ealaíona agus cultúr na Gaeilge a bheith feicthe ina measc siúd uile a chónaíonn ar an oileán seo", a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. "Táimid ag tnúth le hiarratais a fháil a léireoidh ildánacht agus ilchineálacht na bpobal Gaeilge ar fud an oileáin ar an oíche speisialta seo agus a bhainfidh leas as an gceiliúradh náisiúnta a bheith ar siúl chun taispeántais, taibhléirithe agus ócáidí cruthaitheacha, samhlaíocha, a reáchtáil. Fáiltímid anois roimh iarratais ar mhaoiniú chun éispéiris trí Ghaeilge a chur ar fáil i mbliana."
Is féidir an fhoirm iarratais agus gach eolas eile a fháil ar láithreán gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie.
Tuilleadh Eolais: Caitríona Ní Chonaill | caitríona@antoireachtas.ie | +353 (0) 87 9463405